Cosán an tSuímh...
TIONSCAL NA TURASÓIREACHTA I NGAILLIMH
Is í an turasóireacht an tionscal is tábhachtaí anois in Éirinn ar fiú 3.7% í den OTN. Earnáil ríthabhachtach í an turasóireacht agus isteach agus amach le 6.4 milliún turasóir thar lear ag tabhairt cuairt ar Éireann agus tuillimh i malairt eachtrach cothrom le €4.3 billiún euro. San áireamh le fás réamh-mheasta de 6% in ioncam ó thurais intíre, meastar go raibh tuillimh iomlán turasóireachta i 2005 cothrom le €5.3 billiún euro. (Foinse: Fáilte Éireann, 2005) Ní féidir an tábhacht a bhaineann le Turasóireacht do Réigiún an Iarthair agus eacnamaíocht na Gaillimhe a mheas faoina luach. Bhí Turasóireacht Iarthar na hÉireann (an t-údarás réigiúnach le haghaidh Turasóireacht) i dteagmháil go gníomhach leo siúd sa tionscal agus san earnáil phoiblí chun aird a thabhairt ar ar gceist gurb í an Turasóireacht an tionscal inbhuanaithe is mó atá ar fáil dhúinn i gContae na Gaillimhe agus san Iarthar go ginearálta.
Thug mórán os cionn 1 turasóir thar lear cuairt ar Ghaillimh (Cathair agus Contae na Gaillimhe) i 2004 ag infheistiú os cionn 350 milliún inár ngeilleagar áitiúil. Tháinig formhór na cuairteoirí ón Eoraip, ansin ó Mheiriceá Thuaidh agus ón mBreatain. (Foinse: Tuarascáil na Réigiúin, Taighde Fáilte Éireann agus Seirbhís Faisnéise www.failteireland.ie).
Tá borradh suntasach taghta ar an dTurasóireacht Intíre le fás ioncaim de 51% ón mbliain 2000. Foinse tarraingteach agus tábhachtach gnó is ea an Turasóireacht Intíre anois do chuid mhaith daoine sa tionscal Turasóireachta agus go mór mór san Iarthar agus i nGaillimh. Léiríonn na figiúirí is déanaí a foilsíodh (bunaithe ar 2004) go raibh 1.2 milliún turas chuig an Iarthar ag cruthú ioncam d’os cionn 210 milliún.
Chun tacú leis an bhfócas ar thurasóireach intíre d’aontaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ranníocaíocht a dhéanamh i 2005 i dtreo infheistíocht trí bliana i bhFeachtas Margaíochta Turasóireachta Intíre le Turasóireacht Iarthar na hÉireann (an tÚdarás Turasóireachta réigiúnach), Údaráis Áitiúla i gCathair na Gaillimhe, Ros Comáin, Maigh Eo, Fáilte Éireann agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Comhoibriú ar leith atá i gceist agus tá an ‘Wake up to the West Campaign’ mar thoradh air. Bronnadh gradam ar an bhfeachtas seo a chruthaigh foireann Iarthar na hÉireann dá nuálaíocht agus dá chruthaitheacht ag Gradaim Institiúid Mhargaíocht 2005.
Tá éilimh nua ann don tionscal Turasóireachta ó chustaiméirí atá dírithe ar saoirí féinbhunaithe agus briseadh deireadh seachtaine ag úsáid áirithint dhíreach ar an idirlín, dúil i rochtain éasca aeir go mór mór agus níos mó suime i dtaithí cultúrtha ar leith agus rudaí le déanamh. Tá an luach ar airgead tábhachtach chomh maith. Tá an tionscal ag freagairt go maith i nGaillimh agus suíomhanna gréasáin ag feabhsú i gcónaí, tairiscintí nua agus gealltanais praghasanna mar aon le fócas athnuaite ar chaighdeáin seirbhíse den scoth agus gníomhaíochtaí a fhorbairt do gach aoisghrúpa agus teaghlach.
Tá cóiríocht den scoth le fáil i nGaillimh lena n-áirítear B&B’, Iostas Féinfhreastail agus Óstáin agus as seo go ceann roinnt blianta tá sé i gceist ag an tionscal díriú ar an éagsúlacht den scoth atá ar fáil a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le Iascaireacht, Siúl, Galf, Gníomhaíochtaí Cultúrtha, Oidhreacht, Féilte agus Ócáidí.
Is mór an tábhacht a bhaineann le táirgí a fhorbairt i gceantair tuaithe an Chontae a chuidíonn le cuairteoirí fanacht ar feadh tréimhse níos faide agus tuiscinte cheart a fháil ar cultúr, teanga agus tírdhreach an Iarthair.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin dtionscal i nGaillimhe téigh chuig www.irelandwest.ie agus www.ireland.ie