Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Imréiteach cánach

Caithfidh Deimhniú bailí Imréitigh Cánach a bheith ag cuideachta ar bith atá i mbun gnó leis an Údarás Áitiúil nó aon Chomhlacht Poiblí eile. Deimhniú i scríbhinn is ea an DIC ó na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt le fios go bhfuil cúrsaí cánach an duine sin i gceart de réir an dáta a eisíodh an deimhniú sin.

Más rud go mbíonn iomlán na n-íocaíochtaí a dhéantar do soláthraí cothrom le €10,000, laistigh de thréimhse 12 mí, ní féidir leis an Údarás Áitiúil aon íocaíocht eile a dhéanamh go mbeidh Deimhniú bailí faighte ón soláthraí. Tagraíonn an tairseach seo d’íocaíocht deontais, fóirdheontais nó íocaíochtaí eile cosúil leo seo chomh maith.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne do Dheimhniú Imréitigh Cánach ag www.revenue.ie nó ag d’oifig cánach áitiúil.