Cosán an tSuímh...
Seirbhísí Airgeadais
Céard atá ar bun againn?
Bíonn an tAonad Airgeadais ag plé le hairgeadas oibríochtaí uile na Comhairle, ioncam agus caipiteal san áireamh. Mar sin, déanann sé monatóireacht ar ioncam agus caiteachas i ngach réimse.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
An tAonad Airgeadais,
Póirse Uimh 2 (os cionn Westdoc),
1ú Urlár,
Páirc Ghnó na Leasa Bháin,
Bóthar Thuama,
Gaillimh.
Tá Oifig an Airgid lonnaithe ag Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. Glactar le híocaíochtaí ar sheirbhísí anseo.
Úsáid an seoladh poist seo a leanas le do thoil:
An tAonad Airgeadais, Comhairle Contae na Gaillimhe,
f/ch Áras na Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
- Buail isteach againn i Lios Bán - Luan go Aoine 9.00rn - 1.00in & 2.00in - 5.00in
- Cuir glaoch ar an bpríomhuimhir Airgeadais ar 091 74680 leis an tseirbhís
- Cuir glaoch ar an uimhir theagmhála dhíreach má tá sé luaite
- Ríomhphost finance_staff@galwaycoco.ie
- Logáil isteach ar www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/Airgeadais/
- Facs ag 091 779067
Cuntais Iníoctha
Déanann Rannóg na gCuntas Iníoctha gach íocaíocht leis an lucht a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí do Chomhairle Contae na
Gaillimhe a phróiseáil go lárnach. Tá siad freagrach as deontais, fóirdheontais agus íocaíochtaí comhchosúla a phróiseáil freisin.
Is féidir le soláthraithe a bhfuil sonrasc bailí curtha isteach acu cheana féin agus ar mhiste leo ceist a chur faoi íocaíocht, dul i dteagmháil le:
Teil: 091 746829 / 746830 / 746831 / 746825
Ríomhphost: accountspayable2@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/Airgeadais/
Rátaí
Is cáin réadmhaoine áitiúil iad na rátaí seo, úsáidtear an t-ioncam uathu chun seirbhísí ginearálta a sholáthar sa Chontae.
Caithfear rátaí a íoc ar réadmhaoine trádála / tionsclaíocha agus ar réadmhaoine gnó eile.
Le teagmháil a dhéanamh le Rannóg na Rátaí:
Teil: 091 746850 / 746847 / 746851 / 746846
Ríomhphost: rates@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/Airgeadais/
Oifig an Airgid
Is féidir leat do bhillí ón gComhairle / sonraisc,
seachas
muirir uisce tráchtála & mótarcháin, a íoc ag Oifig an Airgid. Tá an Oifig seo lonnaithe ar Urlár na Talún in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Is féidir leat na modhanna seo a leanas a úsáid le do bhillí / sonraisc a íoc: Airgead Tirim, Seic, Ordú Poist, Dréacht Bainc, Cárta
Creidmheasa agus Cárta Laser.
Le teagmháil a dhéanamh le hOifig an Airgid:
Teil: 091 509195 / 509394 / 509196 / 509132
Ríomhphost: income1@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/Airgeadais/
Facs: 091 509199
Aisíocaíochtaí Iasachta
Más rud é nach bhfuil tú in ann iasacht a fháil ó ghníomhaireacht iasachta tráchtála, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iasacht ón
údarás áitiúil chun teach a thógáil nó a cheannach. Braitheann méid na hiasachta a cheadófar ar theorainneacha ioncaim agus
cúinsí eile. Bíonn an Rannóg Airgeadais ag déileáil le gach ceist maidir le haisíocaíochtaí iasachta. Is féidir aisíocaíochtaí iasachta a
dhéanamh ag an deasc airgid - féach an nóta ar an oifig an airgid.
Má tá ceist agat faoi aisíocaíocht iasachta, déan teagmháil le:
Teil: 091 746845 / 746848
Ríomhphost: loans@galwaycoco.ie
Facs: 091 779067
Íocaíochtaí Ar Líne
Is féidir leat Fíneálacha Páirceála & Bruscair a íoc trí leas a bhaint as córas nua íocaíochta ar líne na Comhairle. Chun úsáid a bhaint as an gcóras seo, logáil isteach ar
www.galway.ie/ga/IocaiochtaiArline/
Déanfaidh an rogha íocaíochta ar líne seo a leathnú i samhradh 2008 chun go mbeidh Rátaí agus Cíosanna agus Iasachtaí
Tithíochta iníoctha ar líne.
Buiséad Bliantúil
Tá dualgas ar an gComhairle buiséad a réiteach agus a ghlacadh gach bliain. Tugann an buiséad seo cur síos ar an ioncam agus
caiteachas measta don bhliain atá ag teacht.
Le cóip den Bhuiséad Bliantúil a fheiceáil, déan teagmháil le:
Teil: 091 746800
Ríomhphost: finance_staff@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/Airgeadais/