Cosán an tSuímh...
Toghcháin Áitiúla a Stiúradh
Réamhrá | Cé atá i dTeideal | Fógra Vótaíochta | An Toghchán a Stiúradh | Scéim Vótaíochta | Clár na dToghthóirí
Réamhrá
De ghnáth bíonn na Toghcháin Áitiúla (toghadh na gComhairleoirí) ann gach cúig bhliana. Beidh na chéad toghcháin áitiúla eile ann i 2009.
Toghtar tríocha comhairleoir chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Toghtar naonúr comhalta chuig Comhairle Cheantar Uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe, Coimisinéirí Baile Thuama agus Coimisinéirí Baile Bhaile Locha Riach. Tá ceart ag na vótóirí sna bailte thuas vóta a chaitheamh sna toghcháin don Chomhairle Chontae agus sna toghcháin bhaile araon.
Tá an Contae deighilte i gcúig thoghlimistéar áitiúla (Béal Átha na Sluaighe, Conamara, Baile Locha Riach, Órán Mór agus Tuaim) lena chinntiú go dtugtar ionadaíocht do gach uile cuid den chontae ar an gComhairle Chontae. Toghann na comhaltaí Méara Chontae na Gaillimhe gach bliain ag Cruinniú Cinn Bhliana na Comhairle.
Cé atá i dTeideal Vóta a Chaitheamh i dToghchán Áitiúil?
Tá daoine atá 18 mbliana d'aois agus níos sine i dteideal a bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghchán Áitiúil don thoghlimistéar áitiúil ina gcónaíonn siad de ghnáth. Níl gá duit a bheith i do shaoránach de chuid na hÉireann le bheith incháilithe vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil.
Fógra Vótaíochta
Is é an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a fhorordaíonn Lá na Vótaíochta i dToghchán Áitiúil agus tá de dhualgas ar an gComhairle fógra a fhoilsiú a fháiltíonn roimh ainmniúcháin agus a shonraíonn dáta faoina gcaithfear páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheoladh chuig an Rúnaí Contae/gCeann Comhairimh.
Iarrthóirí a Ainmniú
Ní mór d'iarrthóir i dtoghchán áitiúil a bheith ar Chlár reatha na dToghthóirí don toghlimistéar ar mian leis nó léi a bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir ann agus féadfaidh sé nó sí é nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán. Féadfaidh toghthóir ar bith ainmniúcháin a dhéanamh ach é nó í a bheith ar chlár thoghthóirí an thoghlimistéir dá bhfuiltear ag déanamh an ainmniúcháin agus ní mór don iarrthóir an t-ainmniúchán a thoiliú.
An Toghchán a Stiúradh
Is é nó í an Rúnaí Contae an ceann comhairimh atá freagrach as an toghchán a stiúradh.
Nuair a chuirtear na hainmniúcháin i gcrích, déanfaidh sé nó sí socruithe don toghchán a reáchtáil, ceapann sé nó sí an fhoireann riachtanach, ullmhaíonn sé nó sí na páipéir bhallóide, agus maoirsíonn sé nó sí comhaireamh an toghcháin.
Is é nó í an Ceann Comhairimh a fhógraíonn torthaí an toghcháin.
An Scéim Vótaíochta
Tá "scéim vótaíochta" ag an gComhairle don chontae a shonraíonn na stáisiúin vótaíochta ar féidir le vótóirí vótáil iontu.