Cosán an tSuímh...
Clár na dToghthóirí
Tá an Comhairle freagrach do Chlár na dToghthóirí (clár vótála) do Chontae na Gaillimhe (níl cathair na Gaillimhe san áireamh). Téann an Clár i bhfeidhm ar an 15 Feabhra gach bliain agus féadfaidh aon duine atá 18 bliana d’aois nó os a chionn ar an dáta sin clárú chun vóta a chaitheamh. Úsáidfear an seoladh baile atá ag an t’é atá á clárú ina bhfuil cónaí air/uirthi ar an 1 Meán Fómhar, roimh foilsiú. Tá sé de cheart ag gach saoránach de chuid Oileán na hÉireann vóta a chaitheamh i ngach toghchán ach ní bheidh sé de chead ag daoine nár saoránaigh de chuid Oilean na hÉireann iad ach vóta a chaitheamh i dtóghcháin ar leith, ag braith ar an náisiúntacht atá acu. Ní féidir le duine ach a bheith cláraithe d’aon seoladh amháin. Féadfaidh duine, más rud nach mbíonn siad ábalta freastal ar a n-ionad vótaíochta áitiúil atá acu de bharr an slí bheatha, seirbhís nó fostaíocht atá acu iarratas a dhéanamh ar vótaí poist, m.sh. mic léinn, taidhleoirí, gardaí, pearsanra an airm, iascairí, píolótaí aerlíne agus ionadaithe ar chuideachtaí. Féadfaidh daoine le míchumas nó tinneas coirp mian leo vóta a chaitheamh tríd an bpost, iarratas a dhéanamh ionas go gcuirfí ar liosta na vótálaithe poist iad. Féadfaidh daoine le míchumas nó tinneas coirp agus a mbíonn cónaí orthu in ospidéil, i dteaghlaigh altranais nó inistitiúid mar iad, iarratas a dhéanamh ionas go gcuirfí ar an liosta do vótálaithe speisialta iad, rud a chiallaíonn go dtabharfaí an páipéar ballóide chomh fada leo nuair a bheidh toghchán ann. Dréachtchlár. Déantar dréachtchlár a fhoilsiú roimh an 1 Samhain gach bliain agus bíonn fáil air i ngach oifig de chuid na Comhairle, i leabharlanna agus oifigí poist sa Chontae agus moltar don phobal an dréachtchlár a scrúdú agus a chinntiú go bhfuil siad cláraithe i gceart. Féadfaidh daoine iarratas a dhéanamh ar athruithe (éilimh) sula ndéantar an clár deiridh a phriontáil. An dáta deiridh a ghlacfar le héilimh ná an 25 Samhain. Déantar Cúirteanna um Breithniú Éileamh a reáchtáil i rith na Nollag ar fud an Chontae chun breithniú a dhéanamh ar éilimh/iarratais a bhíonn faighte. Bíonn an Cláraitheoir Contae i gceannas ar na cúirteanna seo agus déanann sé/sí rialú i leith na n-iarratas a bhíonn faighte. Déantar fógraí i leith na Cúirteanna seo a fhógairt sna nuachtáin áitiúil agus is féidir le daoine freastal ar na cúirteanna seo más mian leo. Forlíonadh Chlár na dToghthóirí. Cuirtear clár breise le chéile nuair a bhíonn dáta toghchán/reifreann ar eolas. Tugann sé seo an deis do dhaoine atá i dteideal a bheith ar an gClár iarratas a dhéanamh a bheith cláraithe suas le 14 lá roimh Lá na Vótála.