Cosán an tSuímh...
EXCELLENCE THROUGH PEOPLE AWARD

Fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe an Dámhactan um Fhoirfeacht Trí Dhaoine as ucht an Stiúrthóireacht do Phleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe, an Stiúrthóireacht do Fhorbairt Phobail, Fiontar & Eacnamaíoch agus an Rannóg Acmhainní Daonna i Samhain, 2005.
Rinneadh Comhairle Chontae na Gaillimhe a mheas i Feabhra 2006 ar na stiúrthóireachtaí a bhí fágtha. Baineadh marc fhoriomlán de 90.5% amach sa dá mheasúnú.
Is é an creidiúnú Foirfeacht Trí Dhaoine caighdeán náisiúnta na hÉireann ar fhorbairt acmhainní daonna. Chuir fostóirí, a bhfoirne, ceardchumainn agus an rialtas fáilte roimh an creidiúnú seo agus thacaigh siad leis.
Tá gach cineál eagraíocht i dteideal do Fhoirfeacht Trí Dhaoine agus tá cuideachtaí déantúsaíochta agus seirbhísí, an earnáil dheonach agus an earnáil phoiblí ina measc seo. Is aitheantas atá sa nDámhachtain do gach uile duine sa chuideachta. Cruthaíonn sé creat struchtúrtha d’fhostóirí ar mian leo caighdeán an oiliúint a chuireann siad ar fáil a fheabhsú agus tá sé ar fáil do gach cineál eagraíocht, gan trácht ar mhéid nó earnáil.
An dá phríomhaidhm atá leis an gCaighdeán ná:
- Forbairt iomlán a gcumas a spreagadh do fhostaithe trí oiliúint, cumarsáid agus rannpháirtíocht.
- Aitheantas a thabhairt do eagraíochtaí a bhaineann an caighdeán sin amach.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta don Chaighdeán seo a bhaint amach agus a choinneál mar aitheantas do chóras acmhainní daonna a dhéanann gach iarracht foirfeacht a bhaint amach trí foghlaim agus forbairt an acmhainn is tábhachtaí atá ann, na daoine.
Tuilleadh eolais le fáil ar suíomh ghréasáin FÁS