Cosán an tSuímh...
Réamhrá
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 i bhfeidhm sa tseirbhís Rialtais Áitiúil le héifeacht ón 21ú Deireadh Fómhair, 1998. Dearbhaíonn an tAcht an ceart atá ag daoine sa phobal rochtain a fháil ar eolas oifigiúil a mhéid agus is féidir a thagann le leas an phobail agus le ceart chuig príobháideachas daoine aonair.
Ceanglaíonn Altanna 5 & 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 ar chomhlachtaí poiblí eolas a fhoilsú fúthu féin, faoin eolas atá á choinneáil acu agus faoi na rialacha agus treoirlínte inmheánacha a úsáidtear i ndéanamh cinntí. Tá an Lámhleabhar seo ullmhaithe de réir na gceanglas foilsithe atá leagtha amach in Alt 15 den Acht.
Is treoir phraiticiúil atá i gceist leis an lámhleabhar seo maidir leis na feidhmeanna agus na seirbhísí a chuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil agus chun cuidiú leis an bpobal rochtain a fháil ar an eolas i ndáil leis na feidhmeanna sin atá á choinneáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Ní tuairisc dheifinídeach ar sheirbhísí uile na Comhairle é an Lámhleabhar agus más rud é go mbíonn eolas breise ag teastáil maidir le haon seirbhís nó le haon mhír, déan teagmháil le do thoil le rannóg iomchuí na Comhairle.Tá Lámhleabhar eile ullmhaithe freisin de réir Alt 16 an Achta, a thugann sonraí maidir leis na rialacha agus na treoirlínte a mbaineann Comhairle Chontae na Gaillimhe úsáid astu i bhfeidhmiú a scéimeanna agus a clár faoi gach feidhm. Tá an Lámhleabhar sin ar fáil freisin lena iniúchadh.