Cosán an tSuímh...
Ceart Athbhreithnithe & Achomhairc
Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise amach meicníochtaí achomhairc i gcás go ndiúltófaí iarratas, nó i ndáil le rochtain a iarchur, táillí, foirm rochtana, etc. Seo a leanas mionsonraí maidir leis na meicníochtaí achomhairc sin:
Athbhreithniú Inmheánach
Féadfaidh tú Athbhreithniú Inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh, achomharc a dhéanfaidh oifigeach de chuid an Comhairle ag leibhéal níos airde mura:
- mbíonn tú sásta leis an gcéad fhreagra a fhaigheann tú, i.e. diúltú faisnéis a thabhairt duit, foirm rochtana, táillí, etc., nó
- bhfaigheann tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ó rinneadh an chéad iarratas. Meastar leis sin gur diúltaíodh d'iarratas agus ligeann sé duit dul ar aghaidh go dtí Athbhreithniú Inmheánach.
Ba chóir go iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a chur isteach i scríbhinn laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh tosaigh chuig:
An Rúnaí Contae,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh
Fón: (091) 509000; Faics: (091) 509010;
Ríomhphost: secretar@galwlaycoco.ie
Ní mór do Chomhairle Chontae na Gaillimhe an t-athbhreithniú a chur i gcrích laistigh de thrí seachtaine. De ghnáth ní mór Athbhreithniú Inmheánach a chur i gcrích sular féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise
Féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ón gCoimisinéir Faisnéise a lorg:
=> má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh nuair a dhéanfar Athbhreithniú Inmheánach;
nó
=> mura bhfaigheann tú freagra ar d'iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach laistigh de thrí seachtaine duit iarratas a dhéanamh. Meastar leis sin gur diúltaíodh d'iarratas agus féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir maidir leis an ábhar agus an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2.
Fón: (01) 6785222 Faics: (01) 6610570
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie