Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Táillí

Féadfar táillí a ghearradh mar seo seo a leanas:

1. Iarratais ar Fhaisnéis Phearsanta:

  1. gearrfar muirear ag an ráta € 20.95 (IR£ 16.50) san uair, nó ar chuid d'uair an chloig, ar iarratais ar gá am a thabhairt do chuardach agus d'aisghabháil a bheidh cothrom le nó níos faide ná 1 uair an chloig.
  2. déanfar an muirear a tharscaoileadh in imthosca inar gá am a thabhairt do chuardach agus d'aisghabháil a bheidh níos giorra ná 1 uair an chloig.
  3. ní ghearrfar aon táille fótachóipeála i gcás faisnéis pearsanta, áit nach mbeidh muirir den sórt sin réasúnta, ag féachaint ar mhaoin an duine a dhéanfaidh an t-iarratas.

2. Iarratais ar Fhaisnéis Neamhphearsanta:

  1. Gearrfar muirear orthu sin ag an ráta € 20.95 (IR£ 16.50) san uair, nó cuid de, ar gach iarratas den sórt sin ar gá am a thabhairt do chuardach agus aisghabháil a mhairfidh 15 nóiméad nó níos mó.
  2. Déanfar an muirear a tharscaoileadh sa chás gur cúnamh faoi leith a bheadh san fhaisnéis do shaincheist a thuiscint a mbeadh tábhacht náisiúnta léi.

3. Fótachóipeáil:

  1. Gearrfar muirear ag ráta €0.04 (3p) an ceann as gach leathanach fótachóipeála a bheidh de dhíth leis an iarratas a chomhlíonadh, i gcás go dtairgtear níos mó ná 35 leathanach. Is €0.51 (40p) an muirear do dhiosca ríomhaire 31/2 agus €10.16 (£8) do CD-ROM.

Ní fhéadfar muirir a ghearradh i ndáil le fótachóipeáil agus aisghabháil nuair a bhíonn an muirear iomlán a bhíonn i gceist níos lú ná € 6.35 (IR£ 5.00).

4. Breithniú

Ní fhéadfar muirir a ghearradh i ndáil le ham a chaitheann an t-údarás áitiúil agus d'iarratas á bhreithniú.

5. Éarlas

Féadfar éarlas a íoc más rud é go dóigh go mbeidh an táille iomlán níos airde ná € 50.79 (IR£ 40). Sna imthosca sin, féadfaidh tú cúnamh a iarraidh ar an bhfoireann le d'iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó chun fáil réidh leis.