" title="Ar ais chuig an Leathanach Baile">Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

AG FREASTAL AR AN GCUSTAIMÉIR

San áireamh lenár tiomantas do seirbhís do chustaiméirí tá breis forbairt ar éiteas agus cultúr atá dírithe ar an gcustaiméir agus comhordú níos fearr ar seirbhís a chuir ar fáil i limistéir feidhme éagsúla na Comhairle chun seirbhís den scoth a chinntiú. Cuirfidh muid feabhas ar na nósanna imeachta chun dul i gcomhairle le custaiméirí agus na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh. Cinnteoidh muid go ndéanfar eolas a scaipeadh i measc na saoránach agus bainfidh muid níos mó úsáid as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chun feabhas a chuir ar an seirbhís do chustaiméirí agus chun forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh den scoth agus caighdeáin na seirbhíse.

Tá an seirbhís do chustaiméirí ag cur a bhfuil geallta ar fáil. Cuireann seirbhís do chustaiméirí den scoth níos mó ná atá geallta ar fáil. Tuigeann muid go bhfuil riachtanais éagsúla agat agus go gcaithfear tionscnaimh a fhorbairt a dhíríonn ar na riachtanais seo. Is é ceann de na riachtanais is bunúsaí atá ag an seirbhís do chustaiméirí ná go mbeadh tú ábalta caidreamh agus gnó a dhéanamh linn ar shlí atá éasca, áisiúil agus compordach. Is é sin é a dhéanamh éasca teacht orainn, ar fhaisnéis, teagmháil a dhéanamh leis an duine cuí, an tseirbhís cuí a fháil agus dóthain aiseolas agus tacaíocht a fháil.

D’fhéadfaí ról an údarás áitiúil a chuir i gcomparáid le soláthraí seirbhíse agus gur pobail iad a chuid custaiméirí. Ní mheasann muid nach bhfuil ionat ach faighteoir seirbhísí. Creideann muid go bhfuil meas agat ar do phobal agus go bhfuil suim agat sa mhéid atá ag tarlú.