Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Gnéithe agus seirbhísí Áras an Chontae do chustaiméirí faoi mhíchumas

Réamheolas

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe réimse seirbhísí ar fáil, feidhmeanna rialúcháin agus forfheidhmithe lena n-áirítear pleanáil, dearadh agus tógáil áiseanna infreastruchtúrtha tábhachtacha. Tá an Chomhairle mar chaomhnóir ar an gcomhshaol agus féachann sí trína cuid polasaithe forbairt inbhuanaithe an Chontae a chur chun cinn chomh maith le haitheantas gnó, geilleagar, sóisialta, ealaíona, oidhreachta agus cultúrtha a fheabhsú.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta seirbhísí inrochtaine atá éasca le húsáid a  chur ar fáil dá custaiméirí go léir. Mar chuid dár dtiomantas le dul i ngleic le riachtanais ár gcustaiméirí faoi mhíchumais, tá an leabhrán eolais seo curtha le chéile againn chun béim a chur ar  ghnéithe éagsúla dár seirbhísí inrochtaine agus ar ghnéithe inrochtaine fisiciúla Áras an Chontae.

Tá ár bpríomhionad seirbhíse do chustaiméirí ina bhfuil urlár na talún agus dhá urlár bhreise os cionn leibhéal na sráide lonnaithe in Áras an Chontae, ar Chnoc na Radharc,Gaillimh.

Suíomhanna a sholáthraíonn ár bpríomh-sheirbhísí

Tá ár seirbhísí á soláthar ar fud an Chontae agus na hoileáin san áireamh. Tá ár bpríomhionad riaracháin lonnaithe in Áras an Chontae i gCathair na Gaillimhe. Tá gréasán Réigiúnach agus Oifigí Ceantair againn i 12 suíomh lena n-áirítear oifigí Cathartha Bhéal Átha na Sluaighe. Freastalaíonn  craobh ghréasáin leabharlainne ar 25 suíomh agus tá stáisiúin dóiteáin lonnaithe go straitéiseach  i 10 ceantar.

Tá Áras an Chontae lonnaithe timpeall 100m ón bhFaiche Mhór ar Chnoc na Radharc.

Seirbhísí atá ar fáil ó Áras an Chontae

Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe aghaidh ar inrochtaineacht Áras an Chontae agus ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar bhealach struchtúrtha agus pleanáilte faoi stiúir  Ghrúpa Seirbhísí inmheánacha do Chustaiméirí. Is féidir bainistíocht ar sheirbhísí inrochtaine do chustaiméirí a roinnt isteach i dtrí phríomhchatagóir mar seo a leanas.

Rochtain ar an gComhshaol, Seirbhísí do Chustaiméirí agus Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide.

Áirítear ar na príomhsheirbhísí poiblí agus tacaíochta atá ar fáil ón Áras an Contae:

 Mótarcháin agus Ceadúnais Tiomána  suite ar urlár na talún
 Seirbhísí Pleanála  suite ar urlár na talún
 Siopa Léirscáileanna  suite ar urlár na talún
 Oifig an Airgid  suite ar urlár na talún
 Seirbhísí Tithíochta suite ar an chéad urlár  
 Gníomhairí Dlí  suite ar an chéad urlár
 Córais Faisnéise  suite ar an chéad urlár
 Seirbhísí Bóithre agus Iompair  suite ar an dara hurlár
 Seirbhísí Corparáideacha   suite ar an dara hurlár
 Deontais Ardoideachais   suite ar an dara hurlár
 Acmhainní Daonna  suite ar an dara hurlár
 Clár na dToghthóirí  suite ar an dara hurlár

Tá fáil ar an gcuid is mó de na seirbhísí seo ag cuntair phoiblí atá feistithe le lúba ionduchtúcháin agus áiseanna inrochtaineachta, Tá na seirbhísí go léir marcáilte le comharthaí atá éasca a leanúint atá suite ar fud an fhoirgnimh.

Inrochtaineacht ar Áras an Chontae  

Cúl-bhealach Isteach

Tá dhá bhealach isteach in Áras an Chontae. Is é an bealach is inrochtaine do chathaoir rothaí ná ar chúl an fhoirgnimh áit a bhfuil spásanna páirceála ar fáil agus iad marcáilte go soiléir.

  an cúl-bhealach isteach ó na bánna páirceála marcáilte go soiléir do chathaoir rothaí agus is féidir an cúldoras a shroicheadh ar bhuanrampa  a théann le fána go mín agus a bhfuil lámh-ráille oiriúnach air atá aitheanta ag dath buí. Cóiríodh dromchlaí na rampaí rochtana agus an áit timpeall orthu ag cúl an fhoirgnimh chun níos lú ná 5mm in athrú airde a chinntiú.

Tá céimeanna seachtracha lasmuigh den chúl-bhealach isteach feistithe le lámh-ráillí, le céimeanna a bhfuil imeall dhá – dhathach orthu agus marcáil rocach guaise thadhaill. Tá an cúldoras seachtrach sách leathan ag cathaoir rothaí agus tá doras sleamhnáin uathoibríoch air. Isteach trí dhoirse dúbailte a bhfuil  osclóirí uathoibríocha cumhachta orthu atá bealach isteach ón gcúl-bhealach go dtí an halla fáilte.

Bealach Isteach Tosaigh

Is féidir dul isteach go tosach an fhoirgnimh  trí dhoras imrothlach nó thrí dhoras ar an taobh. Tá fógraí rabhaidh ar phainéil ghloine chun a chur in iúl do chustaiméirí gan na doirse a bhrúigh agus dul isteach sa bhfoirgneamh go mall. Tá céimeanna seachtracha lasmuigh den bhealach isteach tosaigh feistithe le lámh-ráillí, céimeanna a bhfuil imeall dhá – dhathach orthu agus marcáil rocach guaise thadhaill.  Is féidir le custaiméirí na céimeanna a sheachaint má théann siad isteach díreach os comhair an dorais tosaigh ó Chnoc na Radharc.

Halla Fáilte

Is spás mór oscailte ina bhfuil an príomhdheasc fáiltithe atá feistithe le lúb ionduchtaithe agus áiseanna inrochtaine é an halla fáiltithe. Cothaíonn an spás mór oscailte, mar shampla, timpeallacht chairdiúil dár gcustaiméirí chathaoir rothaí. Chomh maith leis sin níl aon chéimeanna ná mataí urláir sa bhealach ar an gcustaiméir sa halla fáiltithe. Tá áit suí agus deasca ar fáil ag roinnt suíomhanna chun cabhrú le foirmeacha a líonadh agus feitheamh.

Deasc Fáiltithe

Cuirfear isteach ionad fáiltithe aidhmdhéanta agus deasc seirbhíse a mbeidh rochtain iomlán ag gach custaiméir orthu. Feisteofar cuntair íseal-leibhéil agus lúbanna ionduchtaithe.

Seomraí cruinnithe inrochtaine

Tá roinnt seomraí cruinnithe atá lonnaithe amach ón halla fáiltithe, i dtreo an ardaitheora inrochtaine trí dhoirse uathoibríoch cumhachta agus is féidir iad a choinneáil mar spás cruinnithe más gá. Tá lúb ionduchtúcháin soghluaiste ar fáil.  Is aonad neamhspleách éadrom é an córas seo nach bhfuil aon sreanga ag baint leis agus is féidir le comhaltaí foirne é a úsáid agus iad ag tionlacan custaiméirí a bhfuil máchail éisteachta orthu timpeall an fhoirgnimh. Tá seomraí cruinnithe freisin lonnaithe ar an chéad agus ar an dara hurlár.

Seomra Comhairle

Tá rochtain iomlán ar Sheomra na Comhairle trí shraith doirse uathoibríoch cumhachta. Tá rampaí soghluaiste ar fáil i Seomraí na Comhairle le rochtain a dhéanamh níos éasca. Tá an Seomra freisin feistithe le lúb ionduchtúcháin.

Leithris Inrochtaine

Tá leithris inrochtaine ar urlár na  talún agus ar an dara hurlár cóngarach do na hardaitheoirí. Tá aláraim sna leithris inrochtaine agus is féidir iad a chasadh air trí an corda aláraim atá socraithe san áit cheart a tharraingt. Tá glas ar gach leithreas inrochtaine ar féidir a bhaint ar an taobh amuigh ionas gur féidir teacht chomh fada le duine a bheadh i gcruachás.

Ardaitheoirí

Tá an príomhardaitheoir do chustaiméirí cóngarach do na leithris inrochtaine agus tabharfaidh sé custaiméirí chuig an chéad agus an dara hurlár. Tá an t-ardaitheoir  feistithe le nasc ionduchtúcháin ar a bhfuil imeartas dath idir plátaí fásála rialúcháin an ardaitheora agus an balla, lámh-ráillí san áit cheart agus painéal rialúcháin. Tá an t-ardaitheoir freisin feistithe le gléas closamhairc a thaispeánann an áit a bhfuil an t-ardaitheoir agus an treo ina bhfuil sé ag dul.

Deasc mótarchánach

Tá cuntair Mótarchánach agus Ceadúnais Tiomána lonnaithe ar thaobh dheis an bhealaigh isteach tosaigh agus feistithe le lúbanna ionduchtúcháin agus cuntar íseal-leibhéil. Tá fógra feiceálach os cionn gach cuntar le cur in iúl do chustaiméirí cén chéad chomhalta foirne eile atá ar fáil. Tá deasc íseal-leibhéil scríbhneoireachta agus áiseanna idirbheartaíochta ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt do chustaiméirí le foirmeacha a líonadh.

Comharthaíocht Inrochtaine

Tá comharthaíocht faisnéise agus treocht dhátheangach ar fhrámaí cuasaithe lonnaithe ar fud an fhoirgnimh. Áirítear ar an gcomharthaíocht codarsnacht datha, tadhaill agus Braille. Úsáidtear siombail agus cló atá aitheanta go hidirnáisiúnta chun leanúnachas sa chomharthaíocht a chinntiú.

Lúbanna  ionduchtúcháin

Tá 13  closchóras lúb ionduchtúcháin sheasta lonnaithe in Áras an Chontae. Tá comharthaíocht oiriúnach ar fáil ag na pointí seo

le daoine a bheadh ag iarraidh an córas a úsáid a chur ar an airdeall. Tá lúb ionduchtúcháin lonnaithe ag an bpríomhcuntar

fáiltithe, oifig na suirbhéireachta ordanáis, cuntar pleanála, cuntar tithíochta, oifig na suirbhéireachta ordanáis, cuntar an ghníomhaire dlí, cuntar na mbóithre, agus cuntar Seirbhísí Corparáideacha, tá córas aistriú urlabhraíochta lonnaithe in oifigí mótarchánach agus airgid.

Deasca scríbhneoireachta íseal-leibhéil

Tá dhá dheasca scríbhneoireachta íseal-leibhéil lonnaithe ar urlár na  talún, ceann ag an gcuntar pleanála agus ceann i limistéir na mótarchánach. Tá deasca scríbhneoireachta íseal-leibhéil lonnaithe freisin le hais an chuntair Tithíochta agus an chuntair acmhainní daonna ar an dara hurlár.

Cláir taispeána faisnéise

Tá cláir taispeána faisnéise ar a bhfuil bileoga agus bróisiúir lonnaithe ag roinnt cuntar poiblí. De ghnáth tá na cláir thaispeána seo ag íseal-leibhéal chun rochtain a bheith ag gach duine ar an bhfaisnéis

Doirse inmheánacha

Cuireadh isteach painéil léargais i roinnt doirse inmheánacha. Tá comharthaí codarsnachta daite ar a bhfuil an téacs ‘Brúigh le hoscailt’ curtha ar láimhíní na ndoirse éalaithe dóiteáin inmheánacha. Tá osclóirí uathoibríoch dorais curtha isteach ag roinnt suíomhanna ar gach urlár, lena n-áirítear rochtain óna príomhstaighrí inmheánacha go dtí na dorchlaí, rochtain ar sheomra  na comhairle agus seomraí cruinnithe ar urlár na talún.  Tá athrú déanta freisin ar airde rialacháin bhealach isteach an dorais inmheánaigh.

Staighrí inmheánacha

Tá roinnt gnéithe inrochtaine curtha freisin ar staighrí inmheánacha atá mar rochtain eile timpeall an fhoirgnimh lena n-áirítear urlárlach thadhlach agus céimeanna codarsnachta datha.

Both teileafón

Tá teileafón poiblí lonnaithe ar urlár na talún i dtreo an ardaitheora agus é suite ag airde inrochtaine do chathaoir  rothaí.

Sábháilteacht agus Aslonnú Custaiméirí

Tá nós imeachta sábháilteacht dóiteáin agus aslonnaithe éigeandála  ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus saintrealamh socraithe sa chás go dtarlódh éigeandáil san fhoirgnimh. Áirítear sa nós imeachta seo maoir dhóiteáin a bhfuil oiliúint curtha orthu chun a chinntiú go n-aslonnófar gach limistéir freagrachta go sábháilte. Déantar druil dóiteáin chun cinntiú go mbeidh cleachtadh ag an bhfoireann ar shábháilteacht dhóiteáin agus plean aslonnaithe éigeandála.

D’fhéadfadh cineálacha agus leibhéil éagsúla míchumais a bheith ar dhaoine. Cuireann ár nós imeachta sábháilteacht dóiteáin agus aslonnaithe éigeandála riachtanais aslonnaithe ár gcustaiméirí go léir san áireamh. D’fhéadfadh na cineáil seo míchumais a bheith i gceist:

  • Máchail ghluaisteachta, nuair a bhíonn réimse no luas gluaiseachta buailte ar leibhéil éagsúla.
  • Máchail chéadfach, nuair nach bhfuil duine in ann faisnéis a bhailiú tríd na céadfaí ar nós radharc nó éisteacht buailte.
  • Máchail chognaíoch nó meabhairshláinte, nuair nach bhfuil duine in ann leas a bhaint as faisnéis ná gníomhú mar is cóir.
  • Míchumais nach dtugtar faoi deara, nuair nach mbíonn an míchumas feiceálach, ach d’fhéadfadh an strus a bhaineann le éigeandáil an riocht a thabhairt chun ciinn.

D’fhéadfadh an-tionchar a bheith ag an gcineál míchumas ar an méid ama a thógfadh sé ar dhuine éalú.

Pleananna éalaithe éigeandála

Tá pleananna urláir na mbealaí éalaithe atá le húsáid in aslonnú éigeandála feiceálach, marcáilte go soiléir agus aitheanta in áiteanna lárnacha laistigh den fhoirgneamh. Taispeánann na pleananna seo an pointe díreach ar an bplean a bhfuil tú, na bealaí éalaithe agus staighrí agus an áit a bhfuil an trealamh comhrac dóiteáin.

Nósanna Imeachta Aslonnaithe

Tá sé mar chuspóir leis an nós imeachta aslonnaithe an fhoireann agus na cuairteoirí go léir (baill an phobail) a aslonnú chomh sciobtha agus is féidir agus ar bhealach eagraithe. Tá nósanna imeachta aslonnaithe léirithe ar fud an fhoirgnimh  i gcomhar le leagan amach an bhealaigh éalaithe. Is féidir na nósanna imeachta seo a chur ar fáil I roinnt formáidí arna iarraidh, lena n-áirítear prionta mór, braille agus ar  threalamh éisteachta ach an fhoirm iarratais ‘iarratas ar fhaisnéis agus chúnamh I bhformáid eile’ a líonadh.

Cathaoireacha Aslonnaithe

Scaoileann na doirse slándála go léir go huathoibríoch i gcás aslonnaithe. Is féidir úsáid a bhaint as cathaoireacha aslonnaithe (le cead) atá ar fáil ar gach urlár cóngarach don ardaitheoir agus don phointe dídine chun daoine ar nós cathaoireacha rothaí a aslonnú. Is féidir comhalta foirne a bheith mar  chara ainmnithe ag custaiméir a bhfuil máchail radhaircag dul dó chun a chinntiú  go n-aslonnófar é/í go sábháilte.  Tá oiliúint curtha ar aon duine dhéag comhaltaí foirne i mbealach cuí agus tuisceanach chun an chathaoir aslonnaithe a úsáid. Cuireann na cathaoireacha aslonnaithe bealach aslonnaithe sciobtha, sábháilte agus  iontaofa ar fáil. Tugann siad freisin an deis chéanna do dhaoine a bhfuil míchumais siúil orthu éalú i gcás éigeandála.

Plean éalaithe éigeandála Pearsanta (PEEP)

Tá sé riachtanach go n-aithnítear fadhbanna aslonnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus go leagfaí síos bearta iomchuí chun aslonnú sábháilte as an bhfoirgneamh a chur I gcrích. Is é an bealach an is fearr chun é seo a dhéanamh ná tabhairt faoi Plean Éalaithe Éigeandála Pearsanta (PEEP). Léireoidh an plean seo riachtanais an duine i gcás aslonnú éigeandála agus aithneoidh sé na bearta/céimeanna nach mór do Chomhairle Chontae na Gaillimhe a ghlacadh chun a chinntiú  go mbeidh an duine in ann aslonnú nó go ndéanfaí é a aslonnú go sábháilte  gcás éigeandála.  Moltar do chustaiméirí faoi mhíchumas atá ar cuairt ar Áras an Chontae an Cheistneoir ar Éalú Éigeandála a líonadh roimh ré (Aguisín x 1) sa chaoi gur féidir le PEEP a bheith réidh má iarrtar sin. D’fhéadfadh custaiméirí faoi mhíchumas chomhalta foirne a bhfuil oiliúint air/uirthi maidir le nósanna imeachta dhuine faoi mhíchumas a aslonnú a chur ar an eolas.

Pointí Dídine

Tá pointí dídine lonnaithe ar an gcéad agus ar an dara hurlár cóngarach do phríomhardaitheoirí chustaiméirí agus foirne agus le hais cathaoireacha Aslonnaithe.  I gcás aslonnaithe, is féidir cúnamh a chur ar fáil do chustaiméirí faoi mhíchumas bealach amach a dhéanamh ó na suíomhanna seo.

Ionad Tionóil Aláraim agus Dóiteáin

Áirítear rabhadh feiceálach ar gach sondálaí aláraim dóiteáin sa chóras aláraim dóiteáin a úsáidtear ar fud an fhoirgnimh. Tá an  Pointe Tionóil  Dóiteáin atá ainmnithe ag íochtar an charrchlóis chúil.

Dífhibrileoir

Tá uath-dhífhibrileoir seachtrach (AED) lonnaithe i halla fáiltithe urláir na talún. Tá na haonaid seo atá éasca le húsáid bunaithe ar Theicneolaíocht Ríomhaireachta atá deartha le anailís a dhéanamh ar rithim an chroí féin, agus insint ansin má tá gá le turraing. Is féidir leis an gnáth dhuine iad seo a úsáid tar éis roinnt oiliúna a fháil. Tógann sé roinnt ama (10-20 soicind) ar na haonaid uathoibríoch an rithim a aimsiú. Tá oiliúint faighte ag roinnt comhaltaí foirne maidir lena úsáid. Seirbhísí agus Gnéithe Inrochtaine

Áiseanna Beartaíochta

Tá áiseanna beartaíochta lonnaithe ag an gcuid is mó cuntair phoiblí chun cabhrú le foireann le deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá fearais cúraim do chustaiméirí deartha chun cúnamh a thabhairt do dhaoine dalla nó daoine le máchail radhairc idirbheartaíocht scríofa a líonadh agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil airtríteas ina lámha le pinn a láimhseáil. Tugann formhéadúcháin cúnamh prionta beag a mhéadú do chustaiméirí a bhfuil deacrachtaí radhairc acu. Tugann greamán pinn cúnamh do dhaoine greim a choinneáil ar phinn agus is féidir é a thógáil agus é a úsáid ar aon pheann atá oiriúnach. Tugann teimpléidí  síniúcháin  cúnamh do chustaiméirí scríobh i spásanna teoranta.

Teirminéal rochtana poiblí

Tá teirminéal rochtana poiblí lonnaithe ar urlár na talún taobh amuigh den oifig pleanála.  Is féidir le custaiméirí cúnamh ar iarraidh ar bhaill  foirne chun é  úsáid. Tá an both deartha go sonrach do cathaoireacha rothaí le gnéithe inrochtaineacht chun cabhrú leo siúd faoi mhíchumais éisteachta agus radhairc. Tá teicneolaíocht léitheoireachta  scáileáin JAWS san áireamh sa bhoth.

Doiciméid le priontaí móra

I gcásanna áirithe is féidir linn leaganacha de phriontaí móra téacs lena n-áirítear foirmeacha iarratais agus bileoga a chur ar fáil. Caithfidh custaiméirí atá ag iarraidh leagan prionta do dhoiciméad an  fhoirm iarratais ‘Iarratas ar eolas agus cúnamh i bhformáid eile’ a líonadh  agus déanfaimid iarracht cúnamh a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. 

Braille agus formáid éisteachta

Sa chás go gcuireann custaiméirí in iúl go bhfuil máchail radhairc orthu, is féidir linn leaganacha Braille ar roinnt doiciméid a chur ar fáil trínar bprintéir Braille intí. Tá an printéir lonnaithe san Aonad  Seirbhísí Corparáideacha ar an dara hurlár. Níl sé indéanta teacht go héasca ar gach doiciméad poiblí i ngach formáid. Ag teacht lenár bPolasaí Faisnéise Inrochtaine cuirfimid na doiciméid seo a leanas ar fáil láithreach i Braille agus ar  threalamh  éisteachta: Plean Corparáideach, Plean Forbartha an Chontae, Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí, Straitéis um Chuimsiú Sóisialta, Plean Gníomhaíochta Míchumais, Tuarascáil Bhliantúil agus Buiséad Bliantúil.

D’fhéadfadh foirmeacha iarratais do gach seirbhís, bileoga faisnéise agus treorach ar sheirbhísí, dréachtaí ar dhoiciméid pholasaithe agus Pleananna Gníomhaíochta / Straitéise  agus Polasaí Aonaid Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bheith i measc doiciméad atá le fáil (arna  n-iarraidh)  ís féidir iarratais ar dhoiciméid i bhformáid eile a dhéanamh trí an fhoirm iarratais ar ‘Iarratas ar fhaisnéis agus cúnamh i bhformáid eile’ a líonadh.

Méadaitheoir Leathanaigh

Tá méadaitheoir leathanaigh myReader lonnaithe taobh amuigh den chuntar Pleanála ar urlár na talún. Léitheoir fuaime lagamhairc is ea an méadaitheoir a ghabhann doiciméid mar íomhánna agus a athfhilleann an téacs ar an scáileán do réir mar a oireann sé duit. Is féidir leat breathnú ar an téacs mar alt fillte (leagan amach colúin) nó mar fhocal amháin ag an am. Oibríonn an t-aonad seo trí phainéal rialúcháin ar leith a bhfuil diaileanna air atá éasca le húsáid.

Foirmeacha Iarratai

Is féidir ár bhfoirmeacha iarratais go léir a chur ar fáil i bprionta mór arna n-iarraidh. Tá leasú déanta ar fhoirmeacha inmheánacha  chun freastal a dhéanamh ar inrochtaineacht, teanga shimplí, agus riachtanas éascaíocht le húsáid, trí úsáid a bhaint as clómhéid, meáchan, spásáil focal agus ailíniú.

 

Léirmhínitheoir Teanga Chomharthaíochta

Is féidir léirmhínitheoirí teanga chomharthaíochta a chur ar fáil d’ócáidí poiblí áirithe, cruinnithe, agallaimh agus ócáidí eile nuair

is gá agus nuair a dhéantar iarratas ortha roimh ré. Glacfaidh léirmhínitheoirí teanga chomharthaíochta le polasaí rúndachta na heagraíochta agus seasfaidh siad leis. Ba cheart do chustaiméirí atá ag iarraidh leas a bhaint as i bhformáid eile’  a líonadh agus déanfaimid iarracht cúnamh a chur ar fáil faoin dáta ina mbeidh sé ag teastáil.

Browsealoud    http://www.browsealloud.com

Ciallaíonn ár suíomh gréasáin ar féidir a urlabhra galway.ie, gur féidir leat bogearraí saor in aisce a íoslódáil ar do ríomhaire pearsanta agus go léifidh an suíomh ós ard é. Browsealoud an t-ainm atá ar an mbogearra saor in aisce. Is brabhsálaí Windows plugála isteach é Browsealoud atá leagtha amach le húsáid le Taiscéala Líonra 4 aníos nó Netscape Navigator. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil gnéithe léitheora scáileáin ionsuite i Safari agus i roinnt brabhsálaithe eile. Má shuiteálann tú an Browsealoud plugála ar do PC déanfar  léamh duit ar leathanaigh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe (agus suíomhanna eile ar féidir a urlabhra)

Tuilleadh Eolais

Le tuilleadh eolais a fháil ar nósanna imeachta agus ar pholasaithe chun cabhrú le custaiméirí faoi mhíchumas, déan teagmháil le:

- Polasaí Faisnéise Inrochtaine

- Polasaí Arna n-Iarraidh i bhFormáid Eile

- Plean Gníomhaíochta Míchumais 2007 – 2015

Tugann ár láithreán gréasáin www.galway.ie roinnt géithe inrochtaineachta.

uir do chuid tuairimí sa phost

Má cheapann tú go bhfuil limistéir inrochtaine fágtha ar lár againn nó go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar gnéithe inrochtaineachta Áras an Chontae, cuir sin in iúl dúinn, is féidir leat sin a dhéanamh trí do thuairim ar chur ar ár suíomh gréasáin http://www.galway.ie/en/Comments/ nó teagmháil a dhéanamh le:

Oifigeach Riaracháin

An t-Aonad Seirbhísí Corparáideacha

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Cnoc na Radharc

Gaillimh

091 – 509000



CEISTNEOIR AR BHEALACH AMACH ÉIGEANDÁLA
(.doc, 110 kbs, Last Updated: )