" title="Ar ais chuig an Leathanach Baile">Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Fogra faoi cruinniú poiblí ar siúl ag an Comhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe (JPC)

Comhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe (JPC)

County Galway Joint Policing Committee

Is mian le JPC Chontae na Gaillimhe a chur in iúl duit go mbeidh cruinniú poiblí ar siúl:

Dáta:Dé Luain, an 1 Feabhra 2010

Ionad:Óstán O’Dea’s, Sráid Bhríde, Baile Locha Riach,  Contae na Gaillimhe

Am: 8pm

D’fhéadfadh na hábhair chainte seo a leanas bheith á bplé ar an oíche:

  • Trácht
  • Loitiméireacht
  • Iompraíocht Fhrithshóisialta
  • Tionscnaimh Phobalbhunaithe um Chosc ar Choireanna

Cuirtear fáilte roimh an bpobal mór freastal ar an ócáid mar aon lena gcuid tuairimí a phlé agus ceisteanna a chur ar an gcoiste.

Ba cheart gach ceist lena mbaineann póilíneacht Chontae na Gaillimhe a chur isteach i scríbhinn go dtí Rúnaí an JPC tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 22 Eanáir 2010, tríd an bpost nó trí ríomhphost agus níor mhór ainm agus seoladh an duine a chuireann an cheist isteach a lua. Coimeádfar na sonraí seo go hiomlán faoi rún daingean:

Seoladh

Rúnaí an JPC

Pleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe

Comhairle Contae na Gaillimhe

Cnoc na Radharc

Contae na Gaillimhe

Ríomhphost  lkeady@galwaycoco.ie

Is féidir leo siúd a dteastaíonn socruithe eile uathu le ceisteanna a chur isteach glaoch a chur ar na huimhreacha teagmhála seo a leanas:   091-476507 agus/nó 091-509136

Cuirtear in iúl don phobal nach féidir an fhaisnéis a iarrfar a chur ar fáil i gcásanna áirithe de bharr cúiseanna dlí, mar shampla:

Ø      Faisnéis a d’fhéadfadh baint le himscrúdú ar leith

Ø      Faisnéis a bhaineann le duine

Ø      Faisnéis a fuair na Gardaí Síochána nó a fuair an tÚdarás Áitiúil faoi rún.

 Le tuilleadh eolais a fhail ar  Comhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe JPC