Cosán an tSuímh...
PÁIRCEANNA SPRAOI
LáthairCaithfear gnéithe faoi leith a chur san áireamh nuair atá beartas do pháirc spraoi á réiteach. Tá an Clár Gníomhaíochtaí Toghcheantair tiomanta do aon pháirc spraoi amháin a sholáthar i ngach toghcheantar. Ar an láimh eile, seans nach mbeadh an pobal sásta ach amháin dá gcuirfí páirc spraoi ar fáil i ngach ceantar. Is idir an dá chás seo a bheadh an toradh is fearr agus a chuirfeadh dóthain rochtain ar fáil.
Beartas 1Is é beartas na Comhairle ná cuidiú chun aon pháirc spraoi amháin eile ar a laghad a sholáthar in aghaidh na bliana i ngach Toghcheantair don tréimhse 2006-2008.
Is í ceann de na céad cheisteanna a thagann chun cinn nuair a bhíonn dóthain rochtain chuig áiseanna den chineál seo á mheas ná ar cheart iad a lonnú sna bailte móra ar an gcéad dul síos chun freastal ar an gcéatadán is mó den daonra. Dá mhéid é, caithfear patrúin lonnaíochta Chontae na Gaillimhe a chur san áireamh agus go bhfuil daonra Tuaithe níos scaipthe amach le bailte beaga agus gan aon baile mór in Iarthar ná Oirthear an Chontae (ach amháin Béal Átha na Sluaighe). Cé nar féidir a bheith rúrach sa chás seo d’fhéadfadh cuspóirí ar leith cuidiú le láthair a roghnú a dtabharfar cúnamh dóibh. Bainfidh na nithe a leanas leis:
Beartas 2Beidh sé de bheartas ag an gComhairle aird chuí a thabhairt ar áiseanna a sholáthar do pháirceanna spraoi sna bailte móra lena n-áirítear bailte ina bhfuil mórfhorbairt áiteanna cónaithe.
Beartas 3Cuirfear béim ar leith ar a chinntiú go gcuirtear páirc spraoi ar fáil i ngach baile ina bhuil an daonra os cionn 1,000 duine agus nach bhfuil an cineál sin áis ann cheana féin.
Beartas 4Ag féachaint don riachtanas dóthain rochtain a chur ar fáil do pháirceanna spraoi i gceantair tuaithe beidh sé mar chuspóir dóthain áiseanna den chineál seo a aimsiú ar fud an Chontae.
Beartas 5Go ginearálta, déanfar páirceanna spraoi a sholáthar ar an mbunús nach mbeidh cúnamh airgeadais tugtha do pháirc spraoi eile atá laistigh de 10 míle den pháirc spraoi nua.
Beartas 6Más rud go mbíonn roinnt bailte atá cóngarach dá chéile ag lorg cúnamh le páirc spraoi a sholáthar tabharfar tús áite don baile is mó, más rud go mbíonn gach ábhar eile mar a chéile.
ÁrachasIs fadhb leanúnach do ghrúpaí pobail é árachas agus an costas a bhaineann leis. Chuir ár árachóirí IPBMI árachas ar fáil do Comhairle Chontae na Gaillimhe ar dtús do pháirceanna spraoi ar an mbunús go ndéanfaí cloí le roinnt coinníollacha.
Tar éis tuilleadh cainteanna d’aontaigh IPBMI le úsáid comhaontú (cóip iniata) a chomhlánóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe mar aon leis an ngrúpa pobail áitiúil. Tugann an comhaontú le fios go gcuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe árachas ar fáil don ghrúpa de réir don ghrúpa roinnt coinníollacha a chomhlíonadh lena n-áirítear:
- An trealamh a chothabháil agus a sheirbhísiú
- A bheith freagrach do Bhainistíocht agus rialú na Páirce Spraoi
- An páirc spraoi a chothabháil agus aon damáiste a dhéantar a chur i gceart
- Ceadú don Chomhairle iniúchtaí a dhéanamh
- Gach obair a dhéanamh tar éis fógra i scríbhinn a fháil ón gComhairle
- Iniúchadh sheachtainiúil a dhéanamh ar an bPáirc Spraoi agus taifead a choinneáil de na hiniúchtaí seo
- Cinntigh go mbíonn an pháirc spraoi glan agus saor ó bhruscar
- Cinntigh nach mbíonn aon chontúirt ná guais ann agus má thagann a leitheid chun cinn déileáil leo láithreach.
- Bain aon trealamh atá lochtach nó briste as láithreach.
Tá sé de rogha anois ag grúpaí pobail árachas a fháil faoi théarmaí an scéim atá curtha le chéile ag an bhFóram Pobail agus Deonach dá baill.
Beartas 7Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe breithniú i leith árachas do pháirc spraoi ar bith, más rud go bhfuil nó nach bhfuil cúnamh airgeadais á cur ar fáil, go bhfuil an grúpa pobail comhdhéanta i gceart, lena n-áirítear cruinnithe a reáchtáil, Oifigigh a thoghadh agus leanúnachas, mar bhall den Fhóram Pobail agus Deonach agus go síneann siad an comhaontú ceadúnaithe le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus go gcuireann siad teastas ar fáil ón ROSPA a léiríonn gur dearadh agus gur tógadh an páirc spraoi de réir na caighdeáin sábháilteachta a theastaíonn.
Beartas 8Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe deiridh le soláthar árachas do pháirc spraoi ar bith nach ndéantar cloí le téarmaí an chomhaontú ceadúnaithe agus cuirfear an grúpa pobail ar an eolas dá réir sin.
MaoiniúBíonn maoiniú lárnach i gcónaí nuair a bhíonn páirceanna spraoi á soláthar. Tá maoiniú faighte ag pobail éagsúla ó fhoinsí ar nós CLÁR, Leader, Maoiniú na gCuntas Dímhaoin mar aon le airgead a bailíodh trí gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid pobail. Dá réir sin, is ar árachas amháin a rinne pobail ar leith iarratas don Chomhairle fad a rinne pobail eile iarratas ar 100% maoiniú mar aon leis an árachas. Caithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe eolas a bheith acu agus aird a thabhairt ar fhoinsí mhaoinithe eile atá ar fáil do phobail mar aon lena chinntiú go ndéanfar an maoiniú a chuirtear ar fáil a roinnt amach go cothrom ar pháirceanna spraoi mar aon le áiseanna caitheamh aimsire agus taithneamhachta. Caithfear a chinntiú go ndéantar maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh atá réalaíoch agus cuí de réir riachtanais an phobail.
Beartas 9Spreagfar pobail chun tograí tionscadail a fhorbairt a bheidh réalaíoch agus feiliúnach chun a gcuid riachtanais agus riachtanais an cheantair mórthimpeall a bhaint amach.
Beartas 10Meastar go ndéanfar breithniú ar mhaoiniú do pháirceanna spraoi i gcomhthéacs riachtanais an phobail agus más beag, meánach nó mór na páirceanna spraoi a sholáthrófar ar chostas idir €30,000 agus €120,000.
Beartas 11Glacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le ranníocaíocht i dtreo an costas a bhaineann le páirc spraoi a sholáthar a thagann leis an mbeartas chun páirceanna spraoi a sholáthar ach ní féidir leis an ranníocaíocht a bheith níos mó ná 50% den chostas don áis sa chás go bhfuil pobal ag déanamh ranníocaíocht de 25% ar a laghad.
LáthairBíonn cúnamh árachais agus airgeadais lárnach i gcónaí nuair a bhíonn pobail ag déanamh iarracht páirc spraoi a sholáthar ach is minic go mbíonn deacrachtaí ann láthair atá feiliúnach a cheannach. De réir an comhaontú is déanaí ar árachas níl aon gá gur le Comhairle Chontae na Gaillimhe an láthair agus dá réir sin má bhíonn aistriú úinéireachta i gceist leis an láthair is iondúil gur don ghrúpa pobail a dhéanfar é. Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe gach iarracht cúnamh a thabhairt chun láthair a aimsiú agus a cheannach ach caithfear a mheabhrú nach dtabharfaidh an Comhairle cúnamh má mheasann siad nach bhfuil an láthair feiliúnach de bharr sábháilteacht tráchta nó aon ghné eile.
Beartas 12Ní chuirfidh Comhaire Chontae na Gaillimhe árachas nó aon cúnamh eile ar fáil ach amháin má mheasann siad go bhfuil an láthair feiliúnach ar gach slí.
Beartas 13Níl sé de bheartas ag Comhairle Chontae na Gaillimhe aistriú úinéireacht talún a lorg nó a ghlacadh ina mbeidh páirc spraoi lonnaithe.
Beartas 14Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe dianiarracht láthair a bheadh oiriúnach do pháirceanna spraoi a aimsiú do cheantair nach bhfuil siad ann cheana féin tríd an bPlean Ceantar Áitiúil.
ComhairliúchánTá sé mar chuid lárnach den Beartas Rialtais maidir le háiseanna a fhorbairt do dhaoine óga go mbeadh tionchar acu ar chúrsaí trí bheith páirteach i bpróiseas comhairliúcháin. Tá sé seo tugtha le fios ag cuid mhaith pobail cheana féin agus tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú leis.
Beartas 15Cuirfear cúnamh ar fáil chun páirc spraoi a sholáthar nuair a bheidh Comhairle Chontae na Gaillimhe sásta go bhfuil dóthain comhairliúcháin déanta le daoine óga an cheantair.
Beartas 16Spreagfar pobail do bheith éagsúil agus leithleach i leith trealamh don pháirc spraoi lena chinntiú go mbeidh gach páirc spraoi difriúil óna chéile.
Glactar leis nach féidir tacaíocht, más maoiniú nó ar aon shlí eile é, a thabhairt d’fhorbairt páirc spraoi i ngach pobal. Is cinnte go mbeidh díomá ar roinnt pobail de bharr seo. Is féidir tacaíocht a chur ar fáil do phobail nach n-éiríonn leo páirc spraoi a fháil i leith gnéithe eile do chaitheamh aimsire agus taithneamhachtaí de réir an beartas seo.
Foirm Chomhaontuithe do Pháirceanna Spraoi
(pdf, 43 kbs, Last Updated: )