Cosán an tSuímh...
Seirbhísí Leabharlainne Poiblí
Céard atá ar bun againn?
Tá 30 leabharlann san iomlán ag Seirbhís Leabharlainne na Gaillimhe idir Chathair agus Chontae. Tógadh le sainchuspóir na
3 leabharlann lán-aimseartha atá sa Chathair. Déanann an Chomhairle Contae iad a reáchtáil ar son na Comhairle Cathrach.
Tá 7 leabharlann lán-aimseartha eile agus 20 leabharlann páirt aimseartha sa Chontae (ar na hOiléain freisin). Tugann seirbhís
leabharlainne soghluaiste leabhair ag na bailte agus sráidbhailte beaga sa chontae. Tá seirbhís leabharlainne do scoileanna ann
freisin a sholáthraíonn leabhair do níos mó ná 200 bunscoil.
Bíonn na leabharlanna páirteach i scéimeanna cosúil leis an gclár “National READISCOVER your Local Library”. Is feachtas é seo a bhíonn ar siúl ag tús mhí an Mhárta ar feadh seachtaine nuair a thugann údair éagsúla cuairt ar na leabharlanna, léann siad píosaí dá leabhair agus déantar leabhair a phoibliú. Bíonn Club Léitheoireachta Samhraidh don aos óg ag beagnach gach
leabharlann bhrainse. Go hiondúil bíonn sé seo ar fáil i mí Iúil agus Lúnasa agus tugtar misneach do gach páiste chun méid áirithe leabhar a léamh le linn na laethanta saoire. Glacann gach leabharlann páirt sa tSeachtain Náisiúnta um Leabhair do Pháistía
bhíonn ar siúl i mí Dheireadh Fómhair go hiondúil. Bíonn club leabhar agus taispeántais ar siúl i roinnt mhaith leabharlainne.
Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le ceist a chur faoi imeachtaí atá ag teacht aníos agus ballraíocht.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
Ceannáras na Leabharlainne,
Island House,
Cearnóg na hArdeaglaise,
Gaillimh.
Seirbhísí Leabharlainne Poiblí
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn ag Ceannáras na Leabharlainne?
- Buail isteach againn ag Island House 9.25rn - 1.00in & 2.00in - 5.00in
- Cuir glaoch ar an gCeannáras ar 091 562471
- Ríomhphost info@galwaylibrary.ie
- Logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/AnLeabharlann/
- Facs a chur ag ceannáras na leabharlainne ag 091 565039
Féach ar na sonraí teagmhála díreacha don leabharlann i do cheantar. Tá na leabharlanna liostaithe in ord aibítreach.
Féadfaidh uaireanta oscailte athrú ag am ar bith. Déan cinnte glaoch a chur ar an leabharlann ar dtús leis na huaireanta
oscailte a sheiceáil.
