Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Toiliú (ceadúnas) chun an Bóthar Poiblí a Oscailt:

Chun tochailt a dhéanamh ar bhóthar poiblí, is gá do dhuine nó comhlacht toiliú a fháil ó Údarás na mBóithre nó caithfidh siad a bheith ag feidhmiú faoi reachtaíocht ar leith ar nós sin a bhaineann le Gnothairí Reachtúla nó Ceadúnaithe .

Féadfaidh Údarás Bóithre cead a thabhairt do dhuine nó do ghrúpa daoine tabhairt faoi oscailt bóthair ar bhóthar poiblí trí Toiliú a thabhairt (Ceadúnas A) faoi Alt 13 (6) d'Acht na mBóithre, 1993.  

Is cion atá ann faoi Alt 13 (10) d'Acht na mBóithre, 1993 bóthar poiblí a thochailt gan toiliú dlíthiúl ón Údarás Bóithre.

Iarratas:

Caithfidh an doiciméadacht a leanas a bheith iniata le iarratas ar toiliú chun an bóthar poiblí a oscailt:

Dhá chóip de mapa suímh a léiríonn méid agus suíomh na hoibreacha agus aon crosaire bóthar - is é scála na mapaí seo ná 1:2500.

Sceidil Árachais / Fíorú Sínithe ag Comhlacht Árachais / Bróicéir - CAITHFIDH slánaíocht ar leith do Comhairle Chontae na Gaillimhe a bheith san áireamh i bPolasaithe Árachais - Leibhéal Slánaíochta a Theastaíonn:

    (a)     Dliteanas Poiblí               €6.4 milliún

    (b)     Dliteanas Fostóra            €12.7 milliún

Táille:

Socraíonn an Innealtóir Feidhmiúchán Limistéar costas an toiliú / cheadúnas agus is de tháille riaracháin, táille agus éarlais athchóiriú bóithre atá sé déanta. 

 Déantar an táille a ríomh ar an mbunús a leanas:

Táille riaracháin:     €12.00

Táille Athchóirithe Deiridh (Cóiriú Dromchla) @ €6 de réir an méadar suas go 1.0 M ar leithead agus €6 de réir an M² os cionn 1.0 M ar leithead.

Éarlais ag feitheamh ar Athchóiriú sásúil:

Bóithre @ €20 de réir an méadar - Ar a laghad €250.00

Cosáin @ €70 M² - Ar a laghad €250.00

Ciumhais Féir @ 25 M² - Ar a laghad €250.00

Caighdeáin:

Déanfar gach obair de réir Sonraíoch d'Oibreacha Bóthair an ÚBN 2002 & na Treoirlínte d'Oscailt, d'Aislíonadh agus d'Athcur Trinsí ar Bhóithre Poiblí - An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil (Aibreán 2002).

Déanfar gach obair tógála de réir na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht).

Déanfar smachtú agus cuaillí eolais d'oibreacha bóthair de réir Lámhleabhar Comharthaí Tráchta Bóthair - An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil (1996).