Cosán an tSuímh...
ROGHANNA TAISTIL INBHUANAITHE
Ba cheart do gach duine againn iarracht a dhéanamh a theacht ar bhealaí chun feabhas a chur ar ár saol féin agus ar an gcomhshaol. Áirítear ar na bealaí sin: iompar poiblí, rothaíocht agus siúl, tiomáint éiceolaíoch, roinnt cairr agus roinnt ár mbailte móra.


IOMPAR POIBLÍ:
Tugann Córas Iompair Phoiblí rogha an-mhór do go leor comaitéirí in áit a gcarr a úsáid. Murar bhain tú úsáid as an mbus le gairid, d’fhéadfadh an-iontas a bheith ort faoin méid feabhsúcháin atá déanta.
ROTHAÍOCHT
Is dócha go bhfuil rothaíocht chun na hoibre, chun coláiste nó chun scoile ar an mbealach is fearr le haer úr a fháil, le hairgead a shábháil, le ham a shábháil agus tá an méid sin ar fad agat ar aistir a chaithfidh tú a dhéanamh ar aon bhealach! Má tá turas le déanamh agat , an bhfuil aon chiall a bheith sáinnithe sa trácht?
Is fiú smaoineamh ar rothaíocht nuair atá tú ag bualadh faoi thuras áitiúil ar bith. Is féidir leis an rothaíocht a bheith ina cleachtadh spóirt in áit duit clárú le giomnáisiam - cuireann sí na buntáistí go léir ar fáil a bhaineann le haclaíocht rialta. Tá méadú ar aclaíocht aeróbach, laghdú ar bhaol galair cairdiashoithíocha, agus ísliú ar cholaistéaról ar chuid de na luaíochtaí a bhaineann leis an rothaíocht. Cabhraíonn sé freisin leis na colpaí, na ceathrúna agus na cromáin a chruadh suas agus is féidir leis 700 calra a úsáid suas in aghaidh na huaire. Tá sé léirithe freisin i staidéir atá déanta go bhfuil ráta báis i bhfad níos ísle ina measc siúd a rothaíonn chun na hoibre.
Ach ní gá duit a bheith i do sháraclaí le taithneamh a bhaint as rothaíocht. Ceann do na rudaí is fearr a bhaineann le rothaíocht ná gur féidir le duineimeacht ar a luas féin. Nuair a roghnaíonn tú rothaíocht in áit na tiomána mothaíonn tú go bhfuil tú ag déanamh do chuid féin ar mhaithe le comhshaol níos deise agus níos glaine. Is iad na hastaíochtaí a thagann ó thrácht bóthair an bhagairt is mó anois d’ardchaighdeáin aeir in Éirinn. Is modh glan iompair i an rothaíocht nach ngineann na ceimicí sceitheadh dhíobhálach atá ag baint le carranna agus le feithiclí eile.
Tá tú ag déanamh do chuid féin freisin le gearradh anuas ar arastaíochtaí gáis cheaptha teasa agus le cur i gcoinne athrú aeráide má roghnaíonn tú rothaíocht
mar mhodh taistil. Sábhálann tú timpeall 250g d’astaíochtaí CO2 (an meán do ghnáthcharr i ngnáthchoinníollacha tráchta uirbeacha) in aghaidh gach ciliméadair a rothaíonn tú in áit do chairr a thabhairt leat.
Ní amháin gur bealach éasca í an rothaíocht le ham a shábháil, le héirí níos folláine agus níos aclaí agus le cabhrú leis an gcomhshaol ach is bealach í freisin le hairgead a shábháil.
Siúl
Is minic a thugaimid an carrr linn fiú ar thurais a d'fhéadadh muid a shiúl chomh maith céanna.
Is dócha gur ceann de na bealaí is fearr le haer úr a fháil, le hairgead a shábháil, fiú amháin le ham a shábháil ná siúl chun na hoibre, chun coláiste nó chun scoile nó siúl in áit ar bith eile go háitiúil – é seo ar fad agat ar thuras a chaithfidh tú a dhéanamh ar aon nós!
Siúl don tSláinte
Ní amháin go bhfuil an siúl níos saoire agus níos fearr don chomhshaol ach tá sé go maith agat chomh maith céanna!
Tosaigh ort ag siúl más mian leat an ghiúmar atá ort a fheabhsú agus an méid struis atá ort a laghdú? Tosaigh ort ag siúl ar mhaithe le do chroí, le do chuid scamhóg agus le leibhéil do cholaistéaróil agus do bhrú fola a ísliú! Láidreoidh sé cnámha agus laghdóidh sé baol oistéapóróis. Tá siúl rialta chomh maith céanna le dul isteach sa ngiomnáisiam agus ní bheidh ort aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh má shiúlann tú agus tú i mbun do chuid gnóthaí laethúla. Coinneoidh sé aclaí tú agus tabharfaidh sé cúnamh duit meáchan a chailleadh. Chuirfeadh sé iontas ort an méid maitheasa a dhéanfadh fiú siúlóid ghearr duit – úsáideann dhá chiliméadair siúil sa lá nó fiche nóiméad siúil bhríomhar suas 125 calraí.
Ní chónaímid uile ar ndóigh sách gar dár gcuid oibre le siúl ann – ach bh’féidir go bhféadfá an siúl agus iompar poiblí a cheangal le chéile. Déan iarracht siúl chuig na siopaí áitiúla, na tithe tábhairne nó chuig na bialanna níos minicí in áit do charr a thabhairt leat nuair is féidir.
Éic-Thiomáint
Is bealach tiomána í an éic-thiomáint a laghdaíonn an méid breosla a chaitear, a laghdaíonn astaíochtaí gáis cheaptha agus líon timpistí. Baineann éic-thiomáint le tiomáint ar stíl atá oiriúnach do theicneolaíocht sábháil ar chostais, laghdú ar an líon timpistí agus ar leibhéil astaíochtaí agus torainn. innill nua-aimseartha: teicnící tiomána atá cliste, mín agus sábháilte as a dtiocfadh meánshábháil ar bhreosla suas le 5-10%. Cuireann an éic-thiomáint alán buntáistí ar fáil lena n-áirítear
Na Rialacha is tábhtachtaí maidir le Éic-Thiomáint
Tá sé éasca an éic-thiomáint a fhoghlaim agus tá sé léirithe go bhfuil tionchar suntasach ag an eolas scríofa ann féin ar iompraíocht tiomána, ar shábháilteacht agus ar úsáid bhreosla agus nach bhfuil aon mhoill ama i gceist ag taisteal.
Tá cúig cinn de bhunrialacha ar lean:
Le tuilleadh eolais agus leideanna breise a fháil ar éic-thiomáint tabhair cuairt ar láithreán Gréasáin an Thionscadail Eorpaigh um Éic-Thiomáint: http://www.ecodrive.org/
• Athraigh suas giar chomh luath agus is féidir: athraigh suas idir 2.000 agus 2.500 imrothluithe.
• Coinnigh luas cothrom: úsáid an giar is airde agus tiomáin le RPM innill íseal.
• Déan réamh-mheas ar an sruth tráchta: Breathnaigh chun cinn chomh fada agus is féidir agus réitigh tú féin don trácht mórthimpeall
• Gearr síos an luas go mín: nuair a bhíonn ort dul níos maille nó stopadh, gearr síos an luas go mín trí scaoileadh leis an luasaire in am, ag fágáil an chairr i ngiar.
• Seiceáil brú na mbonn go minic: Ardaíonn brú bonn atá 25% ró-íseal friotaíocht rollta le 10% agus úsáid bhreosla le 2%.
Roinnt cairr
Baineann roinnt cairr nó síobroinnt le duine amháin nó níos mó ag roinnt cairr le chéile. Is iondúil úinéir an chairr a bheith ar dhuine de na daoine atá ag taisteal sa charr agus de ghnáth íocann an chuid eile síntiús i leith chostas an bhreosla.
Is féidir leat carr a roinnt ar aistear ar bith – bíodh sé ag dul chun oibre duit nó ag teacht abhaile, ag tabhairt na ngasúr ar scoil, ag cuartaíocht ar chairde, ar thuras siopadóireachta nó ag taisteal chuig aon ócáid eile nó ag freastail ar ghníomhaíochtaí caitheamh aimsire. D’fhéadfadh sé tarlú go rialta nó ar aon aistear amháin.
Is iad na cuspóirí simplí atá le Roinnt Cairr ná truailliú agus costais a laghdú agus úsáid cairr a ghearradh síos.
Buntáistí Roinnt Cairr:
Seo iad na buntáistí iomadúla a bhaineann le síobroinnt do dhaoine aonair agus d’fostaithe:
• Sábháil ar Chostais: roinn costas breosla agus costas páirceála go cothrom idir tiománaí agus paisinéir (í) ag déanamh an turais níos saoire do gach duine.
• Fuascailt ar phlódú tráchta: Sáinnithe sa trácht? Is bealach amháin é an Roinnt Cairr le laghdú ollmhór a dhéanamh ar an méid feithiclí atá ag comaitéireacht gach lá agus gan ach duine amháin i ngach ceann acu.
• Leideanna Glasa: Ciallaíonn níos lú feithiclí príobháideacha ar an mbóthar níos lú astaíochtaí cairr, níos lú torainn, níos lú úsáid bhreosla iontaise, níos lú brúnna ar an gcomhshaol ……agus chaighdeáin níos fearr saoil dá bharr.
• Nós maireachtála nach bhfuil ag brath ar charr: Cabhraíonn roinnt cairr leo siúd nach dtiomáineann agus gur féidir leo maireachtáil gan carr a bheith acu.
• Cothú agus aithne pobail: Cabhraíonn roinnt cairr le daoine aithne níos fearr a chur ar a gcomharsana agus/nó comhghleacaithe.
• Níos lú spásanna páirceála: Is féidir le fostaithe laghduithe suntasacha a dhéanamh ar sholáthar páirceála, go minic ag gearradh síos costais ar an gcuideachta.
|
![]() |
|---|
