Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Sábháilteacht ar Bhóithre a Chur Chun Cinn

I 1996, mar fhreagra ar líon an méid a bhásaíonn ar bhóithre na hÉireann a bheith ag dul i méid, d'iarr an Aire Comhshaoil grúpaí oibre do shábháilteacht ar bhóithre ag leibhéal áitiúil a bhunú. Aidhm an Choiste ná gach iarracht a dhéanann na gníomhaireachtaí ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chomhordú chun líon na dtionóisc bóthair a laghdú.

Bunaíodh Coiste Sábháilteachta ar Bóthar le Chéile i gContae na Gaillimhe i mBealtaine, 1997, agus é déanta suas de hionadaithe an Comhairle Sábháilteachta Náisiúnta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Ceantar an Iarthair), An Garda Síochána, comhaltaí tofa agus baill foirne Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tagann an Comhairle le chéile go rialta agus déanann siad iniúchadh ar na roghanna atá ann do shábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú do choisithe, tiománaithe agus úsáideoirí bóithre i gcoitinne.  Tá tograí éagsúla agus tionscnaimh do sábháilteacht ar bhóithre déanta i gCo. na Gaillimhe go dtí seo.

Glacann Comhairle Chontae na Gaillimhe páirt ghníomhach i gcur chun cinn sábháilteacht ar bhóithre trí oideachas.  Is í Deirdre Ní Ghamhnáin, Uasal, an Oifigeach Sábháilteachta Bóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe - Uimh. Fón. (091) 509360. dcaulfld@galwaycoco.ie