Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Seirbhísí Bóithre & Iompair

Céard atá ar bun againn?
Tá an tAonad Bóithre & Iompair freagrach as dearadh, cothabháil agus feabhsú an líonra de bhóithre Náisiúnta, Réigiúnacha agus Áitiúla ar fud an Chontae. Tá baint againn freisin le gnóthaí a bhaineann le Bonneagar Mara, Sábháilteacht Bóthair, Sláinte & Sábháilteacht agus Draenáil Artaireach.

Cá bhfuilimid lonnaithe?
An tAonad Bóithre & Iompair,
2ra Urlár, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.

Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?

Loughrea ByPass

Oifig Dearaidh na mBóithre Náisiúnta (NRDO)
Tá Oifig Dearaidh na mBóithre Náisiúnta freagrach as bainistíocht tionscadail a dhéanamh ar na príomhthionscnaimh bhóithre
náisiúnta atá san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus Transport 21, lena n-áirítear an N6 Gaillimh / Béal Átha na Sluaighe / Áth Luain, N18 Órán Mór / An Gort / Croisín, N17 Gaillimh / Tuaim agus tionscadail bhainteacha eile.

Cá bhfuil Oifig Dearaidh na mBóithre Náisiúnta lonnaithe?
Oifig Dearaidh na mBóithre Náisiúnta (NRDO),
Corporate House,
Páirc Gnó Bhaile an Bhriotaigh,
Baile an Bhriotaigh, Gaillimh.

Cén chaoi le dul i dteagmháil le hOifig Dearaidh na mBóithre Náisiúnta?
Cuairt a thabhairt:   Ar an oifig phoiblí i mBaile an Bhriotaigh
Luan - Aoine         9.00rn - 12.55in
                             & 2.10in - 4.00in
Cuir glaoch ar:       Príomhuimhir NRDO 091 705387
Ríomhphost:        nrdo@galwaycoco.ie
Idirlíon:               www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Feistiú Luaimh
Soláthraímid tuairim is 60 feistiú do luaimh in 8 áit faoi leith timpeall ar chósta an Chontae, lena n-áirítear: Cloch na Rón, Bá na Faiche, An Líonán, Cill Chiaráin, An Clochán, An Máimín, Cill Rónáin agus Sruthán.

Is féidir úsáid a bhaint as na feistithe luaimh seo ar tháille ainmniúil.
Le tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Teil:                      091 509309
Ríomhphost:         roads@galwaycoco.i
Idirlíon:                www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Seó Sábháilteacht Bhóthair
Eagraímid Seó Sábháilteacht Bhóthair Bhliantúil de ghnáth i nDeireadh Fómhair / Samhain. Tugtar cuireadh do na scoláirí uile
sna blianta sinsearacha agus san idirbhliain agus do ghrúpaí ógtheagmhála ó Chathair agus ó Chontae na Gaillimhe le bheith
linn. De ghnáth, cloiseann scoláirí scéalta ó na Gardaí, pearsanra otharchairr, Oifigeach Dóiteáin na Gaillimhe, comhairleach timpistí & éigeandála, agus ó mharthanóirí agus daoine muinteartha d'íospartaigh a maraíodh ar na bóithre. Is é aidhm an tionscnaimh seo ná feasacht a ardú i measc an aosa óig maidir le sábháilteacht ar na bóithre sula dtosaíonn siad ag tiomáint.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Shábháilteacht ar Bhóithre, déan teagmháil le:
Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre, An tAonad Bóithre & Iompair
Teil:                       091 509360
Ríomhphost:           roads@galwaycoco.ie
 Idirlíon:                 www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

RoadShow

Rannpháirtíocht an Phobail i Scéim Oibreacha Bóthair
Déanann an pobal áitiúil agus an Chomhairle a gcuid acmhainní a chomhthiomsú (50% an ceann) chun feabhas a chur ar bhóithre
feiliúnacha áitiúla agus chun oibreacha a chothabháil orthu. Go hiondúil, lorgaítear iarratais ar an scéim seo i mí Mheán Fómhair
gach bliain chun go ndéantar breithniúchán orthu ag brath ar an maoiniú atá ar fáil.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le:
Teil:                     091 509372
Ríomhphost:        roads@galwaycoco.ie
Idirlíon:               www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Scéim Feabhsúcháin Áitiúil
Tá an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil ann chun feabhas a chur ar bhóithre neamh-phoiblí agus droichid bheaga atá ag freastal ar
thailte feirme, portaigh srl. Tá gá le ranníocaíocht de 10% nó 15% de chostas measta an tionscadail. Déantar na hiarratais a fháil agus a próiseáil go leanúnach agus má tá an scéim incháilithe, cuirtear ar liosta tosaíochta é.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le:
Teil:                  091 509362
Ríomhphost:      roads@galwaycoco.ie
Idirlíon:             www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Comharthaí Pobail-ar-Aire
Is éard atá anseo ná nuair atá baill den phobal áitiúil ag iarraidh ceantair phobail ar aire a chruthú le tacaíocht ó na Gardaí. Déantar comharthaí a chrochadh in áiteanna éagsúla sa cheantar chun a chur in iúl go bhfuil ceantar pobail ar aire bunaithe ann. Déanann an pobal áitiúil na comharthaí agus na cuaillí a sholáthar agus déanann an Chomhairle iad a chur in airde saor in aisce.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Chomharthaí Pobail-ar-Aire, déan teagmháil le:

Teil: 091 509309
Ríomhphost: roads@galwaycoco.ie
        www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Scéim Fostaíochta Pobail
Oibríonn an Chomhairle le FÁS agus le grúpaí pobail áitiúla chun pobail a fheabhsú trí obair a dhéanamh i.e. bearradh fálta, tógáil
ballaí cloiche agus tionscnaimh eile a fheabhsaíonn an baile nó an sráidbhaile.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 509360
Ríomhphost: roads@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/

Seirbhísí Iompair & Bóithre Eile
Is féidir na seirbhísí seo a leanas a fháil ón Aonad Bóithre & Iompair freisin:

Le tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí seo, déan teagmháil le:
Teil:                   091 509309
Ríomhphost:       roads@galwaycoco.ie
Idirlíon:              www.galway.ie/ga/Seirbhisi/BoithreIompar/