Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Próiseas Deartha

A) AG CUR TÚS LEIS AN BPRÓISEAS DEARTHA

Tá príomhchéimeanna nua do dhearadh bóithre leagtha amach thíos ag tosnú l'Údarás Áitiúil ag aithint an riachtanas atá ann do bhóthar nua. D'fhéadfadh an riachtanas seo a bheith de thoradh sruth tráchta méadaithe, cumas laghdaithe, droch-ailíniú bóthar ar bhóithre atá ann cheana féin, baol timpistí srl.

B) AG BUNÚ PASÁISTÍ FÉIDEARTHACH

Ceann de na chéad tascanna a theastaíonn chun bealach nua a sholáthar ná pasáistí féidearthach a bhunú. Ba chóir do phasáistí féidearthach limistéir talún nach bhfuil feiliúnach do thógáil bóithre a sheachaint. Is féidir le talamh bhocht, limistéir caomhanta fiadhúlra, bacainn fhisiciúil ar nós lochanna, forbairtí tithíochta srl. a bheith san áireamh leis na limistéir seo. Ionas gur féidir pasáistí a bhunú cuirfidh an innealtóir comhairleach Mapa ar Shrianta ar fáil chun gach srian a bhaineann le bóithre a thógáil a aithint. Ba chóir do phasáistí féidearthach na srianta seo a sheachaint chomh luath agus is féidir.

C) AN CHÉAD COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ - FÉACH COMHAIRLIÚCHAN POIBLÍ DON N17

Is ábhar tábhachtach é ionchar poiblí do phleanáil agus soláthar príomhbhóithre. Tá ionchur poiblí rí-thábhachtach ag luathchéimeanna na pleanála nuair atá gach pasáiste ag réamhchéim an deartha. Faightear ionchur poiblí trí seisiúin chomhairliúcháin phoiblí. Cuirtear na pasáistí féidearthach agus na srianta ar taispeáint don phobal agus faightear aiseolas trí cheistneoirí.

Tá trí sochar príomha le fáil ó Comhairliúchán Poiblí:

Is lá eolais atá sa comhairliúchán poiblí a reáchtáiltear in ionaid áitiúil atá feiliúnach tar éis tréimhse ama - go hiondúil mí amháin - nuair gur féidir leis an bpobal iarratais a dhéanamh ar na bealaí éagsúla a léiríodh. I rith an tréimhse seo is féidir leis an bpobal líníochtaí na moltaí seo a scrúdú i bhFoirgnimh an Chontae nó in oifigí ceantair áitiúil Comhairle Chontae na Gaillimhe. Breathnóidh na comhairligh agus an comhairle chontae ar gach iarratas a dhéanfar mar chuid den phróiseas deartha. Nuair a chuirfidh na comhairligh an próiseas roghnú bealaí i gcrích, mar a chuirtear síos air thíos, déanfar moladh ar an bealach is dealraithí a roghnófar chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá sé tábhachtach tabhairt le fios gur malartú eolais dhá bhealach atá i gcomhairliúchán poiblí trína gcuirtear an pobal ar an eolas faoi stádas reatha moladh na scéime agus baineann an t-údarás áitiúil leas as ionchur eolas áitiúil sa phróiseas cinnteoireachta. Ní reifreann atá ann ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus is leis na comhairligh a bheidh an cinneadh deiridh don bealach a molfar don Bealach is Dealraithí a Roghnófar. Ní próiseas reachtúil atá sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus ní chlúdaíonn aon rialacháin dlíthiúil an phróiseas.

D) ROGHNÚ BEALAÍ - PASÁISTÍ A MHEAS

Tar éis don chéad comhairliúchán poiblí a chur i gcrích déanfaidh an innealtóir comhairleach oiriúnacht gach bealach a mheas. Caithfidh na bealaí féidearthach critéir ar leith a bhaint amach d'oiriúnacht.

(i) Innealtóireacht

(ii) Comhshaoil

(iii) Eacnamaíocht

(iv) Comhairliúchán Poiblí

Tiocfaidh ceann de na bealaí féidearthach atá beartaithe aníos mar bealach roghnaithe agus cuirfear é seo faoi bhráid Comhairle Chontae na Gaillimhe chun glacadh leis.

E) DARA COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

Déanfaidh na comhairligh ceann de na bealaí atá beartaithe a mholadh don bealach is dealraithí a roghnófar (BDR) agus cuirfear é seo faoi bhráid Comhairle Chontae na Gaillimhe chun glacadh leis. Molfar an bealach seo ar an mbonn go n-uasmhéadaíonn sé sochair na scéime agus go n-íoslaghdaíonn sé na drochthionchair. Déanfar gach bealach a chuir i gcomparáid ar an gcaoi seo. Measfaidh an comhairleach gurb ag an bealach is dealraithí a roghnófar a bheidh na sochair is mó i dtéarmaí rátaí níos lú ar thionóiscí agus drochthionchair laghdaithe i dtéarmaí an critéir atá leaghta amach thuas. Reáctálfar an dara tréimhse do chomhairliúchán poiblí ina dtaispeánfar an BDR ar phleananna mar líne bóthar seachas mar phasáiste. Arís cuirfear fáilte roimh iarratais ón bpobal i leith an bealach atá molta, agus d'fhéadfadh modhnú breise den BDR a bheith de thoradh ar breithniú na n-iarratas seo. Is féidir an Bealach is Dealraithí a Roghnófar a mhodhnú de thoradh ar obair leanúnach i leith iniúchadh láithreáin, suirbhé topagrafach, gnéithe scoilteadh áitiúil agus oibreacha garaíochta. Tar éis breithniú iomlán a dhéanamh ar na gnéithe, déanfaidh na comhairligh moladh do Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Bealach Roghnaithe.

F) BEALACH ROGHNAITHE

Tar éis don Údarás Áitiúil cead a thabhairt cuirfear tús le réamhdearadh bóithre an Bealach Roghnaithe amháin. Ina theannta seo beidh an Bealach Roghnaithe faoi chosaint ó fhorbairt.

G) RÉAMHDEARADH

Tá na limistéir a leanas san áireamh sa Réamhdearadh: