Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH (OCÉ)

A) DUL I DTREO OCÉ

Nuair a bhíonn tionchar ag togra tógála bóthair ar líon mór úinéirí is iondúil go mbaintear úsáid as Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) chun an talamh a theastaíonn a cheannach. Tá na riachtanais talún agus na sonraí úinearachta talún cinntithe.

San áireamh sna doicméid a bhaineann le OCÉ tá:

B) RÁITEAS TIONCHAIR TIMPEALLACHTA (RTT)

Teastaíonn RTT do bhóthar ceithre lána (Carrbhealach Dúbailte/Mótarbhealch) níos mó ná 8km i gceantar tuaithe nó níos mó ná 500m i limistéar uirbeach. Tá sé ag teastáil chomh maith le haghaidh droichead nó tollán níos mó ná 100 méadar.

Déanann RTT scrúdú ar an tionchar a bheidh ag an mbóthar atá beartaithe ar cheisteanna éagsúla ar nós:

Féadfaidh na hinnealtóirí comhairleacha speisialtóirí a cheapadh chun gach tionchar a scrúdú. Is i bhfoirm tuarascáil a bheidh an RTT ar fáil agus beidh an pobal ábalta é a cheannach.

(C) RTT, DÉANAMH NA SCÉIME, OCÉ

Foilseoidh an t-údarás aitiúil déanamh scéime sna Nuachtáin Náisiúnta. Tá dhá fógrán ar leith ag teastáil. Is do dhéanamh na scéime é ceann de na fógráin agus is do cheadú na scéime/ullmhú an RTT é an ceann eile. Ina theannta sin is féidir an OCÉ ar fad lena n-áirítear sceidil úinéireachta a fhoilsiú sna Nuachtáin Áitiúil.

Cuirtear an scéim, arb iad na Doiciméid OCÉ agus an RTT atá ann ar taispeáint i bhfoirgnimh na Comhairle Contae ar feadh 3 seachtain ar a laghad. Ina theannta sin cuirfidh an t-údarás áitiúil an RTT agus níos déanaí doiciméid an OCÉ ar aghaidh chuig An Bord Pleanála.

Tugtar cuireadh don phobal  agóidí a dhéanamh chuig An Bord Pleanala. Tréimhse 5 seachtaine ar a laghad atá curtha l'agóidí i scríbhinn (3 seachtain i rith an tréimhse taispeána agus 2 seachtain tar éis don dáta taispeána dul in éag).

Más rud go ndéantar agóidí ar aon fhoras seachas cúiteamh déanfaidh An Bord Pleanála fiosrúchán áitiúil poiblí a reáchtáil.

(D) FIOSRÚCHÁN POIBLÍ

Féadfaidh cigire neamhspleách an Scéim a fhiosrú agus moladh a dhéanamh chuig An Bord Pleanála. Féadfaidh An Bord Pleanála an tOrdú a chuir ar neamhní nó é a chinntiú (le nó gan modhnaithe) tar éis tuarascáil an chigire a fháil.

Foilseoidh an tÚdarás Áitiúil daingniú an OCÉ agus déanfar fógráin a sheirbheáil chucu siúd faoi thionchar ar féidir leo achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc Dlí.

(E) DAINGNIÚ AN OCÉ

Cuirtear an OCÉ i bhfeidhm 21 lá tar éis an Ordú a fhoilsiú, más rud nach ndéantar achomharc. Más rud go ndéantar achomharc cuirfear i bhfeidhm é ar dháta cinnidh an Ard Chúirt. Tá sé de chumhacht ag an Ard Chúirt an Ordú a chuir ar neamhní.

(F) AG GLACADH LEIS AN OCÉ

Caithfidh an túdarás áitiúil glacadh leis an OCÉ lasitigh de 36 mí den Ordú dul i bhfeidhm. Leanfaidh an tÚdarás Áitiúil an nós imeachta a leanas tar éis don OCÉ dul i bhfeidhm:

Tá ar dhuine a ndéantar Fógra Gnóthaíochta a sheirbheáil, laistigh de thréimhse de 1-mí ar a laghad, a gcuid suime sa talamh agus chun sonraí a thabhairt ar an gcúiteamh a theastaíonn a shonrú. Tá an fógra suntasach más rud é go mbíonn gá le himeachtaí eadrána déanfar an chúiteamh a shocrú ar an dáta a dhéantar an Fógra Gnóthaíochta a sheirbheáil.

Féadfaidh an t-údarás áitiúil luachálaí a cheapadh chun cúiteamh a mheas. Féadfaidh úinéirí aonair talún a luachálaí féin a cheapadh.

(G) CÚITEAMH

Níl ach na daoine atá ainmnithe san OCÉ i dteideal cúiteamh faoin reachtaíocht reatha. Tá cúiteamh bunaithe ar 3 phríomhghné:

CÚITEAMH TALÚN

Déantar talamh a luacháil de réir phraghas an mhargaidh. Ní dhéantar ach talamh atá taobh leis an mbóthar féin (limistéir draenála, carrbhealach dúbailte, taobhfhánaí,) a cheannach.

SCOILTEADH

Tá cúiteamh ar fáil do scoilteadh a dhéantar ar aonaid talún de thoradh an togra.

CORRAÍL/DOCHAR DÍOBHÁLACH

Tá cúiteamh ar fáil faoin dteideal seo chomh maith d'aon chorraíl a dhéantar de thoradh an bhóthair agus díluacháil/caillteanas fhoriomlán de bharr an togra.

 Mar achoimre déanfaidh an dá pháirtí leibhéal cúitimh a chinntiú agus a aontú dá chéile. Sa chás nach dtagann ceachtar páirtí ar chomhaontú tá próiseas eadrána ar fáil atá ina cheangal ar an dá pháirtí.

(H) OIBREACHA GARAÍOCHTA

Tá gá le oibreacha garaíochta chun áiseanna atá ann cheana féin a athrú. Déantar oibreacha garaíochta a chomaontú go foirmiúil idir an Comhairle agus an úinéir talún. San áireamh leis na hoibreacha seo tá: