Cosán an tSuímh...
Maoiniú
Deontais
Go bliantúil, ofrálann Páirtnéireacht Spóirt Áitiúil Chontae na Gaillimhe i gcomhair le Comhairle Spóirt na hÉireann tacaíocht airgid do chumainn agus eagraíochtaí spóirt sa gContae a chuireann spóirt agus caitheamh aimsire chun cinn. Tá an tacaíocht airgeadais seo ar fáil anois do 2010 agus tugtar cuireadh do chumainn/eagraíochtaí iarratas a dhéanamh air.
Tá an tacaíocht deontais seo dírithe chur chun cinn spóirt agus caitheamh aimsire i measc an aos óg sa gcontae, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do fhorbairt cumainn agus oiliúint agus traenáil oiliúnóirí chomh maith. Chomh maith leis sin i mbliana táimid ag spreagadh agus tá in ann maoiniú a chuir ar fáil do eagrú laethanta spóirt i bparóistí agus pobail. Is ócáidí iontacha sóisialta agus spóirtiúil iad na laethanta spóirt seo agus ba mhaith le Páirtnéireacht Spóirt Áitiúil Chontae na Gaillimhe athbheochan na sean traidisiúin seo a fheiceáil.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil anois ó oifigí Pháirtnéireach Spóirt Áitiúil Chontae na Gaillimhe, Fón: 091 476503 / 476509 nó ar ríomhphost, sports@galwaycoco.ie
Scéim Deontais do Chomhpháirtíocht Spóirt Chontae na Gaillimhe 2010
(.doc, 588 kbs, Last Updated: )
Deontais do Laethanta Spóirt
(.doc, 400 kbs, Last Updated: )
Deontais Oiliúna & Oideachais do Chóitseálaithe Cumainn
(pdf, 1,183 kbs, Last Updated: )
Scéim Deontais do Rannpháirtíocht Níos Mó 2010
(pdf, 1,211 kbs, Last Updated: )
Forbairt an Chumainn
(pdf, 767 kbs, Last Updated: )