Cosán an tSuímh...
Seirbhísí Pobail, Fiontar & Forbartha Eacnamaíochta
Céard atá ar bun againn?
Tá sí mar aidhm ag an Aonad Pobail, Fiontar agus Forbartha Eacnamaíochta ról an Údaráis Áitiúil a
leathnú agus carbhú le Bord Forbartha Contae na Gaillimhe.
Tá sí mar aidhm ag Bord Forbartha Contae na Gaillimhe seirbhísí sa Chontae a chomhordú ar bhealach níos fearr. Tá ionadaithe ón Rialtas Áitiúil, ó Fhorbairt Áitiúil, ó Gníomhaireachtaí Rialtais agus ó na Comhpháirtithe Sóisialta ina mbaill den Bhord. Chun comhtháthú seirbhísí a bhaint amach i gContae na Gaillimhe, tá an Bord i mbun Stráitéis 10 mbliana a chur i bhfeidhm chun forbairt pobail, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a fheabhsú.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
An tAonad Pobail, Fiontar & Forbartha Eacnamaíochta,
Póirse Uimh 2, 1d Urlár (cois Westdoc),
Páirc Ghnó na Leasa Bháin,
Bóthar Thuama, Gaillimh.
Úsáid an seoladh poist seo a leanas le do thoil:
An tAonad Pobail, Fiontar & Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae na Gaillimhe, f/ch Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
- Buail isteach againn i Lios Bán - Luan - Aoine 9.00rn - 1.00in & 2.00in - 5.00in
- Cuir glaoch ar an bpríomhuimhir ar 091 746860
- Cuir glaoch ar an uimhir theagmhála dhíreach má tá sé luaite leis an tseirbhís
- Ríomhphost pobail@gaillimhcoco.ie
- Logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontar
ForbartEacnamaiocht/ - Facs ag 091 779082
Fóram an Phobail 
Bunaíodh Fóram Pobail Chontae na Gaillimhe in 2000 chun glór láidir agus éifeachtach a thabhairt don phobal agus don earnáil dheonach. Faoi láthair, tá níos mó ná 600 grúpa Pobail agus Deonacha cláraithe leis an bhFóram. Is iad na príomhbhuntáistí a bhaineann le bheith mar bhaill an Fhóraim Phobail ná:
- Rannpháirteachas i gceapadh beartais toisc go bhfuil baill an Fhóraim ionadaithe ar bhoird/coistí éagsúla.
- Déantar eolas a roinnt agus déantar líonrú le grúpaí eile Coigiltis árachais
Chun do ghrúpa Deonach/Pobail a chlárú saor in aisce, déan teagmháil le:
Comhordaitheoir an Fhóraim Phobail
Teil: 091 746868
Ríomhphost: forampobal@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontar
ForbartEacnamaiocht/
CLÁR
Is clár infheistíochta é CLÁR do limistéir iargúlta faoi mhíbhuntáiste. Soláthraíonn sé clár infheistíochta spriocdhírithe i limistéir iargúlta faoi mhíbhuntáiste chun dul i ngleic le fadhbanna cosúil le bánú na tuaithe agus le laghdú agus ganntanas seirbhíse i limistéir iargúlta faoi leith.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 746866
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontar
ForbartEacnamaiocht/ nó
www.pobail.ie

An tAonad um Chuimsiú Sóisialta
Is é príomh-ról an Aonaid ná beartais agus cleachtais a bhaineann le cuimsiú sóisialta a chomhtháthú in obair laethúil na Comhairle
agus oibriú le heagraíochtaí eile chun cabhrú leis an gComhairle dul i ngleic le heisiamh sóisialta.
Chun níos mó a fhoghlaim faoin Aonad um Chuimsiú Sóisialta, éan teagmháil le:
Teil: 091 746866 / 746871
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontar
ForbartEacnamaiocht/

An Chomhpháirtíocht Áitiúil Spóirt
Bunaíodh an Chomhpháirtíocht Áitiúil Spóirt i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Spóirt chun spórt agus
caitheamh aimsire a chomhordú agus a chur chun cinn ag leibhéal áitiúil. Déanfar é seo a bhaint amach trí chláir a sholáthar chun rannpháirtíocht i spóirt agus i ngníomhaíocht choirp a mhéadú, chun traenáil agus oideachas a sholáthar d'oibrithe deonacha agus chun forbairt spóirt ag leibhéal átiúil a chomhordú.
Le tuilleadh eolais a fháil ar mhodhanna le spórt a fhorbairt i do cheantar, déan teagmháil le:
An Chomhpháirtíocht Áitiúil Spóirt
Teil: 091 746862 / 746861
Ríomhphost: sports@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Spoirt/

RAPID
Is éard atá i RAPID (Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt) ná tionscnamh de chuid an Rialtais atá dírithe ar na 45 limistéar uirbeach is mó faoi mhíbhuntáiste sa tír. I gContae na Gaillimhe, tá bailte Thuama agus Bhéal Átha na
Sluaighe ainmnithe mar cheantair RAPID.
Le tuilleadh eolais a fháil ar RAPID déan teagmháil le:
Teil: 091 746873 (Comhordaitheoir RAPID Bhéal Átha na Sluaighe)
Teil: 087 2839719 (Comhordaitheoir RAPID Thuama)
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontarForbartEacnamaiocht/
An Comórtas Mórtas Ceantair
i gcomhar le Comhoibriú Éireann
Tá Mórtas Ceantair ina thionscnamh uile-oileáin a aithníonn na feabhsuithe atá déanta ag pobail áitiúla chun mórtas
cathartha a chruthú ina gceantar. Díríonn na dámhachtainí ar theacht le chéile an phobail chun a gceantar a mhúnlú agus a athrú
agus chun taitneamh a bhaint as gach rud atá go maith faoi.
Is féidir leis an gComhairle suas le 5 ghrúpa pobail a ainmniú. Déanfar na buaiteoirí i ngach catagóir a chur ar aghaidh don
Chomórtas Náisiúnta Mórtais Cheantair i gcomhar le Comhoibriú Éireann.
Le tuilleadh eolais ar an gcaoi le páirt a ghlacadh sna dámhachtainí seo, déan teagmháil le:
Teil: 091 746860 / 746869
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontarForbartEacnamaiocht/ nó prideofplace.cooperationireland.org/
Scéim Cúnaimh Airgid do Sheirbhísí Bunaithe ar Chonláistí
Is é príomhchuspóir na scéime seo na cabhair airgeadais a sholáthar go ghrúpaí pobail chun conláistí agus seirbhísí pobail a
fheabhsú. I measc na dtionscadal a d'fhéadfadh bheith incháilthe don scéim seo tá feabhsú áiseanna pobail, cosaint nó feabhsú
conláistí nádúrtha nó lámhdhéanta nó feabhsú dealramh timpeallachta nádúrtha / tógtha an cheantair i gceist agus maoiniú do
dhífhibrileoir. Go hiondúil, déantar an deontas seo a fhógairt i mí Eanáir gach bliain.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le:
Teil: 091 746864
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontarForbartEacnamaiocht/
Scéim Cúnaimh Airgid do Sheirbhísí Bunaithe ar an Eacnamaíocht
Tá tacaíocht airgid ar fáil d'eagraíochtaí pobail/deonacha a bhfuil baint acu le cur chun cinn fhorbairt eacnamaíochta na háite. Isféidir tacaíocht a fháil do thionscnaimh cosúil le forbairt a dhéanamh ar aonaid bheaga ghnó, tionscnaimh iompair phobail, tionscadail um fhorbairt chultúrtha srl. Déantar na deontais seo a fhógairt i mí Eanáir gach bliain go hiondúil.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le:
Ríomhphost: pobail@gaillimhcoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontarForbartEacnamaiocht/
Seirbhísí Pobail, Fiontar & Forbartha
Eacnamaíochta
An Oifig Ealaíon
Tá sé mar phríomhchuspóir againn rochtain ar na hEalaíona agus rannpháirtíocht iontu a chinntiú, trí shamhlacha agus cuir chuigí a
fhorbairt do bheith ag obair le daoine aonair, le healaíontóirí agus le pobail áitiúla, le gníomhaireachtaí stáit agus le gníomhaireachtaí áitiúla.
Deontas faoin Acht Ealaíon
Is deontas é seo chun cúnamh airgeadais a thabhairt do thionscadail nó imeachtaí a spreagann spéis an phobail sna healaíona nó a chuireann eolas, tuiscint agus cleachtadh na n-ealaíon chun cinn nó a chuireann feabhas ar chaighdeáin na nEalaíon i gContae na
Gaillimhe. Go hiondúil, déantar an deontas seo a fhógairt i mí Eanáir gach bliain.
Deontais Sparántachta d'Ealaíontóirí Aonair
Tugann an sparántacht seo maoiniú d'Ealaíontóirí aonair. Déanfaidh an Chomhairle sparánachtaí a thairiscint i ndáil le forbairt ghairmiúil ealaíontóirí aonair a bhíonn ag obair i gceann ar bith de na disciplíní ealaíonta (Scannán, Litríocht, Ceol, Amharcealaíona srl). Déantar an dámhachtain seo a fhógairt faoi dhó gach bliain go hiondúil i mí Eanáir agus i mí an Mheithimh.
Gradaim Ealaíon Chontae na Gaillimhe
Leis na Gradaim Ealaíon, déantar an méid a chuireann baill an phobail leis na hEalaíona a cheiliúradh. Gach bliain, bronntar
gradam ar an ngrúpa nó ar an duine is mó i ngach toghcheantar a chuireann leis na hEalaíona. Sa bhreis air seo, tá gradam amháin
ann don mhórghníomh is fearr sna healaíona, an tSár-Dhuais. Bíonn foirmeacha ainmniúcháin ar fáil gach Aibreán d'obair atá aitheanta don bhliain roimhe.
Chun páirt a ghlacadh sna hEalaíona, déan teagmháil leis an Oifigeach Ealaíon ag:
Teil: 091 746877
Ríomhphost: artsoffice@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/OifigEalaine/
