Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Seirbhísí Tithíochta

Céard atá ar bun againn?

Is é cuspóir an Aonaid Tithíochta tacaí tithíochta éagsúla a sholáthar dóibh siúd nach bhfuil d'acmhainn acu tithíocht a sholáthar dóibh féin. Tugtar tacaíocht do dhaoine atá ag iarraidh teach a fháil ar cíos, cóiríocht a thogáil/ceannach nó feabhas a chur ar an tithíocht atá acu. Soláthraímid tacaí éagsúla dár dtionóntaí, dár n-eastáit Chomhairle agus do bhaill an Lucht Taistil freisin.

Cá bhfuilimid lonnaithe?

An tAonad Tithíochta,
1ú Urlár, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.

Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?

Is féidir leat freisin glaoch a chur ar an bpríomhuimhir tithíochta
agus an tseirbhís atá uait a roghnú ansin:
Diailigh 091 509300 agus
Brú 1 do: Iarratais Thithíochta
Brú 2 do: Iasachtaí Tithíochta & Deontais
Brú 3 do: Cíosanna Tithíochta
Brú 4 do: Cothabháil Tithíochta
Brú 5 do: Tithíocht ar Phraghas Réasúnta
Brú 6 do: Scéim um Chóiríocht ar Cíos
Brú 7 do: Tógáil Tithe

Roghanna Maidir le Tithíocht a Fháil ar Cíos

Tithíocht Údaráis Áitiúil
Má tá teach de dhíth ort agus mura bhfuil d'acmhainn agat é a fháil duit féin, féadfaidh tú bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar
thithíocht údaráis áitiúil. Den chuid is mó, is tithíocht scéime atá ann ach is féidir leis bheith faoin tuaith má tá suíomh agat, nó má tá fáil agat ar shuíomh.

Tithíocht Dheonach
Oibrímid leis Comhlachtaí Deonacha Tithíochta chun cóiríocht a sholáthar ar cíos do chatagóirí faoi leith daoine i.e. daoine
scothaosta, daoine a bhfuil cóiríocht tacaithe de dhíth orthu, srl. Más mian leat a bheith i do chónaí i dteach deonach, caithfidh an
Chomhairle d'iarratas a cheadú i dtosach báire.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Thithíocht Údaráis Áitiúil & Dheonach, déan teagmháil le:

Teil:                    091 509265 / 509269 / 509268
Ríomhphost:        housing@galwaycoco.ie
Idirlíon:               www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

affordable housing

An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS)
Má tá tú ag fáil forlíonadh cíosa le níos mó ná 12 mhí anuas agus tá riachtanas tithíochta fadtéarmach, seans go
bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS). Déanann an Chomhairle conradh a shíniú leis an tiarna talún chun cóiríocht a thabhairt ar cíos do dhaoine atá ina teideal.

Chun fiosrúchán a dhéanamh maidir le d'incháilitheacht don RAS, déan teagmháil le:

Teil:                     091 509293 / 509294 / 509011
Ríomhphost:         ras@galwaycoco.ie 
Idirlíon:                www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/


Caighdeáin do Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos
Faoi Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 1993, tá ceangal dlí ar thiarnaí talún a chinntiú go bhfuil an teach atá acu ag cloí le híoschaighdeáin áirithe. Mura gcomhlíonann an teach na caighdeáin sin, is féidir an tiarna talún a thabhairt os comhair na
cúirte, i ndiaidh don Chomhairle cigireacht a dhéanamh ar an teach.

Le tuilleadh eolais a fháil ar na Caighdeáin do Chóiríocht  Phríobháideach ar Cíos, déan teagmháil le:

Teil:                      091 509293 / 509294 / 509011
Ríomhphost:          ras@galwaycoco.ie 
Idirlíon:                 www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

Clárú Cóiríochta Príobháidí ar Cíos
Caithfidh tiarnaí talún tionóntachtaí atá laistigh de raon feidhme an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 a chlárú leis an An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) - tá cúpla eisceacht bheag ann ón ngá le bheith cláraithe. Soláthraíonn an PRTB seirbhís réitigh díspóidí agus eolas ginearálta ar na riachtanais dlíthiúla atá ar an tiarna talún / tionónta freisin.

Le tuilleadh eolais a fháil ar conas do theach a chlárú, déan teagmháil le:
An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, Teach na Canálach, Bóthar na Canálach, Raghnallach, BÁC 6.
Teil: 01 8882960 (eolas ar chlárú)
       01 8882834 (eolas ar dhíospóidí)
Ríomhphost: prtb@environ.ie 
Idirlíon: www.prtb.ie


Roghanna do Theach a Cheannach

Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí
Má tá tú i do thionónta i dteach de chuid na Comhairle ar feadh 1bhliain ar a laghad, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an teach a cheannach ón gComhairle. Beidh an praghas ceannaigh bunaithe ar mhargadhluach an tí sa deisriocht ina bhfuil sé faoi láthair lúide lascaine atá bunaithe ar líon na mblianta atá caite agat mar thionónta sa teach sin. Is féidir leat morgáiste a fháil go
príobháideach nó ón gComhairle leis an teach a cheannach.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí,
déan teagmháil le:

Teil: 091 509264
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie 
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

Tithíocht ar Phraghas Réasúnta
Is éard is Teach ar Phraghas Réasúnta ná teach/árasán a cheannaíonn tú ar lascaine ón margadhphraghas. Braitheann an
praghas seo ar an gceantar ar mhian leat cónaí ann, agus ar mhéid agus saghas an tí ar phraghas réasúnta atá ar fáil. Má dhéanann tú é a dhíol taobh istigh de 20 bhliain, beidh ort céatadán den phraghas díola a íoc ar ais ag an gComhairle.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Thithíocht ar Phraghas Réasúnta:
Teil: 091 509266 / 509026
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie       
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

affordable housing

Scéim Comhúinéireachta
Is éard atá i gceist leis seo ná nuair atá úinéireacht an tí roinnte idir tú féin agus an Chomhairle i dtosach báire. Tá iallach ort 40% den teach ar a laghad a cheannach agus is féidir leat an chuid eile ansin a fháil ar cíos ón gComhairle. Caithfidh tú scair na Comhairle a cheannach scun scan taobh istigh de thréimhse 25 bliana.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Chomhúinéireacht, déan teagmháil le:

Teil: 091 509270 / 509271
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie          
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/


Iasacht ón Údarás Áitiúil
Más rud é nach bhfuil tú in ann iasacht a fháil ó ghníomhaireacht iasachta tráchtála, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iasacht ón
údarás áitiúil chun teach a thógáil nó a cheannach. Braitheann méid na hiasachta a cheadófar ar theorainneacha ioncaim agus
cúinsí eile.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Iasachtaí ón Údarás Áitiúil, déan teagmháil le:

Teil: 091 509270 / 509271
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

Roghanna i leith Feabhsúcháin Tí

Iasacht Feabhsúchán Tí
Úsáidtear Iasacht Feabhsúchán Tí chun feabhsúcháin riachtanacha a chur i bhfeidhm ar theach duine i gcás go gcuirfidh na hoibreacha a dhéanfar feabhas suntasach ar dhálaí maireachtála sa teach.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Iasachtaí Fheabhsúchán Tí:

Teil: 091 509270 / 509271
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

Oibreacha Feabhsúcháin in ionad Tithíocht ón Údarás Áitiúil
Más leat do theach féin ach go bhfuil sé i ndroch-deisreachta, seans go bhfuil tú i dteideal iasachta ón gComhairle chun do theach a uasghrádú chuig caighdeán oiriúnach in áit don Chomhairle teach a sholáthar duit. Beidh na haisíocaíochtaí iasachta bunaithe ar an ioncam teaghlaigh agus ar chostas na n-oibreacha.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim seo, déan teagmháil le:
Teil: 091 509265 / 509269 / 509268
Ríomhphost: housing@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/

Deontas do Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
Tá an deontas seo ar fáil le cabhair a thabhairt do dhaoine scothaosta atá ina gcónaí i dtithe le droch-bhail orthu na hoibreachanó
feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin Deontas seo, déan teagmháil le:

Teil:                         091 509267
Ríomhphost:             housing@galwaycoco.ie                      
Idirlíon: www.galway.ie/ga/seirbhisi/tithiocht/

Deontas d'Athchóiriú Tithíochta
Soláthraíonn an deontas seo cabhair airgid le hoiriúnuithe struchtúracha a dhéanamh ar theach chun go mbeadh sé níos
oiriúnaí do dhuine faoi mhíchumas i.e. rampaí rochtana a sholáthar, áiseanna leithris thíos staighre, ardaitheoirí staighre, cithfholcadáin inrochtana, oiriúnuithe chun bealach isteach do chathaoireacha rothaí a éascú, forleathnú ar fhoirgnimh, srl.

Deontas do Chabhair Luaineachta
Tá an deontas seo ar fáil chun déileáil le fadhbanna luaineachta agus clúdaíonn sé oibreacha cosúil le greimráillí, rampaí rochtana,
cithfholcadán inrochtana le boinn chothroma, ardaitheoirí staighre agus mion-oibreacha eile ar gá leo chun cabhrú le riachtanais
luaineachta duine den teaghlach.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an Deontas d'Athchóiriú Tithíochta
agus an Deontas do Chabhair Luaineachta, déan teagmháil le:

Teil:                     091 509263
Ríomhphost:         housing@galwaycoco.ie                           
Idirlíon:                www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Tithiocht/