Cosán an tSuímh...
Seirbhísí do Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Céard atá ar bun againn?
Tá an tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha sa Chomhairle i bhfeighil ar sheirbhísí cosúil le Teicneolaíocht
Faisnéise, Seirbhísí Leabharlainne, Saoráil Faisnéise, Clár na dToghthóirí, Caitheamh Aimsire agus Conláiste agus Deontais
Ardoideachais. Tá an Roinn Acmhainní Daonna faoi stiúir an Aonaid um Ghnóthaí Corporáideacha agus Cultúrtha freisin.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha,
Comhairle Contae na Gaillimhe,
2ra Urlár, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
- Buail isteach againn in Áras an Chontae - Luan go Aoine 9.00rn - 4.00in
- Cuir glaoch ar an bpríomhuimher 091 509310. Tá na línte fóin ar oscailt go dtí a 5.00in.
- Cuir glaoch ar an uimhir theagmhála dhíreach má tá sé luaite leis an tseirbhís
- Ríomhphost general@galwaycoco.ie
- Logáil isteach ar www.gaillimh.ie
- Facs ag 091 509010
Earcaíocht
Tá tuairim is 1450 duine fostaithe ag an gComhairle nuair a chuirtear foireann oifige agus allamuigh san áireamh. Tá an fhoireann
lonnaithe ar fud an Chontae: in Áras an Chontae, Oifigí Réigiúnacha agus Ceantair, Comhairlí Baile, Leabharlanna agus sa tSeirbhís Dóiteáin. Tá grúpa leathan oibrithe fostaithe againn, san áireamh tá na gráid seo a leanas: Riarachán, Leabharlann, Oibrithe Sóisialta, Innealtóirí, Pleanálaithe, Ailtirí, Aturnaetha, Oifigigh Slainte & Sábháilteachta, Oifigigh Dóiteáin, Comhraiceoirí Dóiteáin, Teicneoirí agus Fostaithe Allamuigh. Déantar fógraí d'fholúntais a fhógairt go hiondúil i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus ar an suíomh idirlíon atá againn.
An Roinn Acmhainní Daonna
Teil: 091 509460 / 509369
Ríomhphost: hr@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiEile/
An Ghaeilge & Seirbhísí trí Mheán na Gaeilge
Tá an Ghaeltacht is mó sa tír i gContae na Gaillimhe agus tá méid suntasach custaiméirí a labhraíonn Gaeilge againn ar fud an
Chontae. Táimid tiomanta d'fheabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil trí mheán na Gaeilge agus cuirimid fáilte roimh
chomhfhreagras i nGaeilge. Tá ár bhfoirmeacha iarratais, an suíomh Gréasáin, na seirbhísí idirghníomhacha agus go leor seirbhísí eile ar fáil sa dhá theanga. Tá sonraí cruinne faoi sheirbhís do chustaiméirí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge le fáil inár Scéim Teanga.
Le tuilleadh eolais air seo, déan teagmháil le:
Oifigeach Forbartha na Gaeilge, An tAonad um Ghnóthaí
Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509325
Ríomhphost: gaeilge@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.gaillimh.ie
Le tuilleadh eolais a fháil faoi fholúntais linn, déan teagmháil le:
Seirbhís do Chustaiméirí
Cén chaoi le Gearán a dhéanamh nó Barúil a thabhairt
Más rud é nach bhfuil tú sásta le caighdeán/leibhéal na seirbhíse atá faighte agat agus tá fonn ort gearán a dhéanamh nó tuairim a
thabhairt, is féidir leat:
1 Foirm Ghearáin a íoslódáil ón idirlíon ag www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/SeirbhisCustaimeara/, é a chomhlánú agus é a sheoladh chuig an Oifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí san Aonad a raibh tú ag plé leis.
2 Do ghearán a chur isteach ar líne ag www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/SeirbhisCustaimeara/
trí ghliogáil ar “Tuairimí Custaiméirí Arlíne”. Déan an fhoirm a chomhlánú agus gliogáil ar “Seol”.
3 Cuir glaoch ar an Aonad ábhartha sa Chomhairle a raibh tú ag déileáil leis agus iarr ar fhoirm ghearáin a bheith seolta amach
chugat. Ba chóir an fhoirm seo a thabhairt ar ais don Oifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí sa Rannóg cuí.
4 Cuairt a thabhairt ar an Aonad agus foirm ghearáin a chomhlánú.
Déanfar an gearán a iniúchadh agus cuirfear scéala chugat taobh istigh de 15 lá oibre. Os rud é nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat gearán breise a dhéanamh chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach in Aonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha na Comhairle.
Le cóip a fháil den Phlean
Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí:
Teil: 091 509310
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/SeirbhisCustaimeara/
Inrochtaineacht Sheirbhísí na Comhairle
Táimid tiomanta d'fheabhas a chur ar inrochtaineacht ár n-ionaid seirbhís poiblí, leabharlanna, áiseanna fóillíochta agus ionaid
oidhreachta. Chomh maith leis seo, tá bearta tugtha isteach againn chun seirbhísí do chustaiméirí a fheabhsú trí rochtain níos fearr a thabhairt ar an eolas curtha ar fáil don phobal agus trí inrochtaineacht a fheabhsú i mbailte agus sráidbhailte an Chontae.
Táimid tugtha freisin do thacú le fostú daoine faoi mhíchumas agus do dhéileáil le haon cheist inrochtaineachta a thagann chun cinn.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
An tOifigeach Rochtana, An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509315
Ríomhphost: secretar@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/PobalFiontar ForbartEacnamaiocht/
Deontais Ardoideachais
Riarann an Chomhairle an Scéim Deontais Ardoideachais thar ceann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Tá an Scéim seo, atá tástáilte ó thaobh acmhainne, in ann cabhair a thabhairt do mhic léinn atá ag iarraidh maoiniú a fháil chun freastal ar oideachas 3ú
leibhéal lán-aimseartha gach bliain. Bíonn foirmeacha iarratais ar fáil faoi mhí an Mheithimh / Iúil gach bliain agus is é an 31ú Lúnasa an spriocdháta deiridh de ghnáth.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na deontais seo, déan teagmháil le:
Deontais Ard-Oideachais, An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509310
Ríomhphost: education@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Oideachas/DAO/
Ceadúnais Chorrthrádála
Eisíonn an Chomhairle Ceadúnais Chorrthrádála do bhailte agus sráidbhailte ar fud an Chontae. Tá táille ceadúnais bhliantúil i gceist. Eisíonn an Chomhairle Ceadúnais d'Ócáidí Speisialta le haghaidh féilte agus aontaí a bhíonn ar siúl i rith na bliana.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na Ceadúnais seo, déan teagmháil le:
An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509327
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.gaillimh.ie
Saoráil Faisnéise
Bhunaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 3 cheart reachtúla nua:
- Ceart Dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar na taifid atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí áirithe, údaráis áitiúla san áireamh
- Ceart Dlíthiúil ag gach duine taifid oifigiúla a bhaineann leis/léi féin a fháil leasaithe i gcás go bhfuil siad neamhiomlán,
mícheart nó míthreorach. - Ceart Dlíthiúil rochtain a fháil ar chúiseanna le cinntía bhfuil tionchar díreach acu ort féin.
Tá táille bheag i gceist le hiarratas a dhéanamh. De ghnáth caithfear cinneadh a dhéanamh ar d'iarratas taobh istigh de 4 seachtaine. Má dhéantar d'iarratas a dhiúltú, is féidir achomharc a dhéanamh chuig feidhmeannach níos sinsearaí, agus tá de cheart agat ina dhiaidh sin, achomharc a dhéanamh chuig an gCoiminiséir Faisnéise Neamhspleách.
Le tuilleadh eolais a fháil ar FOI, déan teagmháil le:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509319
Ríomhphost: secretar@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/
Áiseanna do Chaitheamh Aimsire & Conláiste
Soláthraímid agus coinneoimid roinnt clóis súgartha poiblí, páirceanna poiblí, linnte snámha agus bealaí siúil timpeall an
Chontae. Tugaimid tacaíocht do ghrúpaí pobail freisin chun cabhrú leo clóis súgartha, bealaí siúil agus páirceanna uile-aimsire a
sholáthar nuair atá maoiniú ar fáil.
Le tuilleadh eolais a fháil ar Áiseanna do Chaitheamh Aimsire & Conláiste i do cheantar déan teagmháil le:
An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509315
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/AiseannaagusTaitneamhacht/
Maoir Phobail
An ról atá ag an Maor Pobal ná naisc níos láidre a chruthú idir an Chomhairle agus an Pobal trí chaidrimh a fhorbairt le cumainn
chónaitheoirí, grúpaí pobail, pobail ar aire agus grúpaí comhshaoil agus oidhreachta. Féach freisin ar
www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/TionscnaimhPobail/.
Bíonn Maoir Phobail bainteach le:
- Cionta tráchta ar stad
- Diúscairt dramhaíola/ dumpáil mhídhleathach
- Cur i bhfeidhm dlíthe a bhaineann le bruscar
- Bacainní ar chosáin
- Corrthrádáil
- Ceadúnais Mhadra
- Monatóireacht ar eastáit tithíochta
- Nithe is díol spéise do thurasóirí & conláistí an phobail agus
- Cabhair a thabhairt do thurasóirí, daoine scothaosta, pobail ar aire/faire comharsanachta
Seo a leanas na háiteanna ina bhfuil na Maoir Phobail lonnaithe agus sonraí teagmhála dóibh:
Teileafón |
Ceantar | |
|---|---|---|
| David Kelly | 087 6788109 | Toghcheantar Bhéal Átha na Sluaighe |
| Patrick Roche | 087 2222393 | Toghcheantar Bhéal Átha na Sluaighe |
| Thomas O Sullivan | 087 2224251 | Toghcheantar Chonamara |
| Martin Mannion | 087 2227853 | Toghcheantar Chonamara |
| Neil McHugh | 087 2227856 | Toghcheantar Chonamara |
| Shane Coogan | 087 9461653 | Toghcheantar Bhaile Locha Riach |
| William Doyle | 087 2051118 | Toghcheantar Bhaile Locha Riach |
| Mike Kelly | 087 2224311 | Toghcheantar Bhaile Locha Riach |
| John Glennon | 087 2224304 | Toghcheantar Bhaile Locha Riach |
| Rory O Connor | 087 2224161 | Toghcheantar Óráin Mhóir |
| Noel Kelly | 087 1224217 | Toghcheantar Óráin Mhóir |
| Christy Corcoran | 087 2224192 | Toghcheantar Thuama |
| Anthony Cunnane | 087 2224288 | Toghcheantar Thuama |
| Rosina Joyce | 087 1225517 | Toghcheantar Thuama |
| Marie Nicholson | 087 2151689 | Toghcheantar Thuama |
Clár na dToghthóirí
Tá an Chomhairle freagrach as Clár na dToghthóirí (clár vótála) do Chontae na Gaillimhe a chur le chéile (níl Cathair na Gaillimhe san áireamh). Déantar an Clár a leasú gach bliain agus tagann sé i bhfeidhm ar an 15ú Feabhra gach bliain, agus féadfaidh aon duine atá 18 bliana d’aois nó os a chionn ar an dáta sin clárú chun vóta a chaitheamh. Foilsítear forlíonadh ar an gclár roimh gach toghchán nó reifreann freisin. Tugann sé seo an deis do dhaoine iarratas a dhéanamh a bheith cláraithe suas le 14 lá roimh lá na vótála.
Le seiceáil go bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí, déan teagmháil le:
Clár na dToghthóirí, An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509310
Ríomhphost: register@galwaycoco.ie
Idirlíon:www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/ nó www.checktheregister.ie
Is féidir an Clár a sheiceáil ag Oifig an Phoist Áitiúil, Leabharlann áitiúil nó ag Stáisiún na nGardaí.
Eolas Eile
1 Faoi dhualgais reachtaíochta, caithfidh an Chomhairle Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú ag tabhairt sonraí ar na príomh -
gníomhaíochtaí atá déanta againn don bhliain sin.
2 Tá fáil ar chóipeanna de chláir oibre agus miontuairiscí ó chruinnithe na Comhairle ar an suíomh Gréasáin.
Tá cóipeanna den Tuarascáil Bhliantúil le fáil ó:
An tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha & Cultúrtha
Teil: 091 509310
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/EolasardoChomhairle/