Cosán an tSuímh...
Athrú Úinéireachta
Is faoin díoltóir atá sé a chinntiú go bhfuil an páipéarachas ar fad comhlánaithe mar is ceart agus go bhfuil sé curtha chuig an oifig chuí - (féach thíos).
a) Feithiclí atá Cláraithe roimh 1 Eanáir, 1993.
Comhlánaigh an fhoirm Athrú Úinéireachta (RF200*), agus seol chuig oifig chánach áitiúil an díoltóra í. Déan cinnte go bhfuil sí sínithe ag an dá pháirtí agus go bhfuil dáta an díolacháin léirithe go soiléir. Cuir an logleabhar faoi iamh leis an bhfoirm.
b) Feithiclí atá Cláraithe roimh 1 Eanáir, 1993
Comhlánaigh Cuid B den deimhniú ceadúnais feithicle agus seol an fhoirm chuig Aonad Clárúcháin Feithiclí, an tSionainn, Co. an Chláir, (ní an oifig mhótarchánach). Gheobhaidh an t-úinéir nua deimhniú clárúcháin lena ainm/lena hainm i dtráth cuí.