Cosán an tSuímh...
Ceadúnais Tiomána
Láncheadúnas | An 1ú Ceadúnas Sealadach | An 2ú Ceadúnas Sealadach | An 3ú Ceadúnas Sealadach | Ceadúnais Tiomána a Mhalartú | Ceadúnais Idirnáisiúnta | Ceadúnas Dúblach
Teastóidh na nithe seo leanas uait chun iarratas a dhéanamh ar Láncheadúnas:
- Foirm iarratais chomhlánaithe
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
- An ceadúnas deiridh
- An táille chuí de €15 do cheadúnas trí bliana nó € 25 do cheadúnas 10 mbliana
- Deimhniú inniúlachta (nuair is cuí)
- Tuairisc liachta le haghaidh aicmí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED agus ED1
Teastóidh na nithe seo a leanas uait chun iarratas a dhéanamh ar an 1ú Ceadúnas Sealadach:
- Fianaise gur phasáil tú an Tástáil Teoirice Tiomána
- Foirm iarratais chomhlánaithe
- Deimhniú Breithe
- Deimhniú Pósta (más cuí)
- Tuairisc liachta le haghaidh aicmí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED agus ED1
- Tuairisc ar radharc na súl le haghaidh aicmí A, A1, B, EB agus W - bíonn tuairisc ar radharc na súl bailí ar feadh míosa ó eisítear í
- Táille do 2 bhliain - € 15
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
Teastóidh na nithe seo a leanas uait chun iarratas a dhéanamh ar an 2ú Ceadúnas Sealadach:
- Foirm iarratais
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
- Seancheadúnas/an Ceadúnas Deirdh a bhí agat
- Táille de € 15
Teastóidh na nithe seo a leanas uait chun iarratas a dhéanamh ar an 3ú Ceadúnas Sealadach:
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
- Deimhniú gur theip tú an Tástáil Tiomána (bailí ar feadh dhá bhliain agus sin amháin)
- Seancheadúnas
- An táille chuí
Caithfidh tú na nithe seo a leanas a sheoladh isteach mura ndearna tú tástáil le dhá bhliain anuas:
Admháil ón Rannóg Tástála Tiomána, Tithe an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo (096) 70677.
Ní dheonfar ach ceadúnas bliana sa chás sin.
Ceadúnais Idirnáisiúnta:
Déan iarratas chuig an Automobile Association, Baile Átha Cliath
Fón : (01) 2833555
Ceadúnais Tiomána a Mhalartú:
- Láncheadúnas ón tír eile (féach an líosta de na tíortha ar féidir a gceadúnas a mhalartú).
- Foirm iarratais ar Láncheadúnas Tiomána.
- Foirm do Cheadúnas Tiomána a Mhalartú.
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
- An táille chuí
Tíortha Aitheanta ar féidir a gCeadúnas a Mhalartú
| An Bheilg | An Iodáil | An Phortaingéil |
| An Danmhairg | Lucsamburg | An tSeapáin |
| An Ghearmáin | An Ísiltír | An Ostair |
| An Fhrainc | An Ríocht Aontaithe | An Eilvéis |
| An Ghréig | An Spáinn | An Iorua |
| Geirsí | An tSualainn | Oileán Mhanann |
| An Afraic Theas | An Fhionlainn | |
| An Astráil | ||
| New South Wales | Capital Territory | An Astráil Thiar |
| An Astráil Theas | Tasmania | An Chríoch Thuaidh |
Ceadúnais Dúblacha:
- Foirm iarratais
- Dhá ghrianghraf (le do shíniú ar a gcúl)
- Táille de €10
Eiseofar ceadúnais saor in aisce in ionad sna cásanna seo a leanas:
- Chun catagóir breise a chur san áireamh
- Chun ainm/seoladh a athrú
- Chun formhuiniú a bhaint de
- Má dhéantar earráid in eisiúint an cheadúnais (e.g. dáta breithe mícheart)