Cosán an tSuímh...
Plátaí Trádála agus Ceadúnais Leantóra a Eisiúint
Plataí Trádála
Eisítear iad seo do mhótarthrádálaithe cláraithe, le gur féidir le garáistí feithiclí a thiomáint ar an mbóthar poiblí le linn uaireanta oibre, faoi réir coinníollacha áirithe.
| Cineál na Feithicle | Túscheadúnas/Túsphláta Trádála | Ceadúnas/Pláta Ionaid Trádála |
| Gluaisrothar amháin | € 45 (pláta singil) | €29 (pláta singil) |
| Gach feithicil eile | €268 (péire plátaí) | €65 (péire plátaí) |
Ceadúnais Leantóra
Eisítear iad seo d'úinéirí trucailí altacha chun gur féidir leo leantóirí a iompar. Is é € 60 in aghaidh an leantóra an tústáille. Tá an ceadúnas seo éagsúil ón gcáin bhóthair a gcaithfear a íoc i leith na trucaile féin.
Forálann na rialúcháin go príomha mar seo a leanas:-
Ceadúnais Fhruilchairr/Limisín
Tá údarás ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ceadúnais fhruilchairr agus limisín a eisiúint. Chun cáiliú i gcomhair ceadúnas fruillchairr, caithfear na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:-
- Caithfidh an t-iarratasóir ceadúnas tiomána Feithicle Seirbhíse Poiblí a fháil ó na Gardaí.
- Caithfear TNG (NCT) a fháil chun a léiriú gur fruilcharr í an fheithicil agus caithfear deimhniú oiriúnachta a fháil ó ionad TNG.
- Ní mór don iarratasóir clúdach árachais a bheith acu chun daoine den phobal a iompar.
- Caithfear foirm iarratais a chomhlánú, doiciméid chláraithe i leith na feithicle a chur isteach agus táille €250 a íoc.
- Caithfear Deimhniú CT2 a chur ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim le héifeacht ó 2 Lúnasa 2004
Féadfar an ceadúnas a athnuachan gach bliain agus tá táille € 125 iníoctha i leith athnuachan gach ceadúnais. Caithfear ceadúnais fruilchairr a athnuachan laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta éaga.
Ceadúnas
€
Gnáth-thacsaí
6,300
Tacsaí atá oiriúnach do chathaoir rothaí
125
Fruilcharr
250
Limisín
250
Athnuachan/Aistrithe
125