Cosán an tSuímh...
Feithicil Earraí Troma
- i.e. meáchan neamhualaithe thar 1524kg
- Foirm iarratais sínithe agus comhlánaithe go hiomlán.
- Logleabhar nó Deimhniú Ceadúnais Feithicle nó Deimhniú Cláraithe.
- Ainm na Cuideachta Árachais, Uimhir an Pholasaí agus dáta éaga an Deimhnithe
- Deimhniú ar Ródacmhainneacht (CRW). Má tá d'fheithicil níos sine ná bliain amháin ó dháta an chéad chláraithe beidh gá agat le Deimhniú ar Ródacmhainneacht. Mura bhfuil CRW reatha agat beidh ort Pasráiteas a chur isteach a bhféadfaí a fháil ó scrúdaitheoir údaraithe. Beidh an CRW sin bailí ar feadh bliana ó dháta an scrúdaithe.
- Is mar seo a leanas atá an táille don CRW iníoctha:
- €6 má tá D.G.V.W. níos lú ná 3500kg
- €13 má tá D.G.V.W. 3501kg nó níos mó
- Duillín meáchain clóite le haghaidh cáin nua agus cáin don chéad uair a chur ar fheithiclí earraí troma impórtáilte ó mheádhroichead údaraithe.
- Táille chuí móide táille do CRW más cuí-Déan nasc le rátaí tráchtála.
Féadfar íoc le seic, iníoctha do Chomhairle Contae na Gaillimhe, le hairgead tirim, le hordú poist, le hordú airgid nó le cárta creidmheasa. Ná seol airgead tríd an bpost.
Feithicil Earraí Éadroma
- i.e. meáchan neamhualaithe 1524kg nó níos lú.
Tabhair faoi deara go bhféadfar feithiclí tráchtála le cineálacha corp; Jeep; Crew Cab; SUV ar a leagadh cáin don cheád uair a scrúdú ag an oifig áitiúil mhótarchánach.
- Foirm iarratais sínithe agus comhlánaithe go hiomlán.
- Logleabhar nó Deimhniú Ceadúnais Feithicle nó Deimhniú Cláraithe
- Ainm na Cuideachta Árachais, Uimhir an Pholasaí agus dáta éaga an Deimhnithe
- Deimhniú ar Ródacmhainneacht (CRW). Má tá d'fheithicil níos sine ná bliain amháin ó dháta an chéad chláraithe beidh gá agat le Deimhniú ar Ródacmhainneacht. Mura bhfuil CRW reatha agat beidh ort Pasráiteas a fháil ó scrúdaitheoir údaraithe. Beidh an CRW sin bailí ar feadh bliana ó dháta an scrúdaithe.
- Is mar seo a leanas atá an táille don CRW iníoctha:
- €6 má tá an D.G.V.W. níos lú ná 3500kg
- €13 má tá an D.G.V.W. 3501kg nó níos mó
- Ní mór duit Foirm Dheabhaithe Earraí a chomhlánú agus cáin á cur ar an bhfeithicil i d'ainm don chéad uair. Caithfear an fhoirm seo a bheith fianaithe ag Garda
- Duillín meáchan clóite le haghaidh cáin a chur don chéad uair ar fheithiclí earraí éadroma impórtáilte/céad chláraithe.
- Táille chuí móide táille do CRW más cuí..
Féadfar íocaíocht a dhéanamh le seic, iníoctha do Chomhairle Contae na Gaillimhe, le hairgead tirim, le hordú poist, le hordú airgid nó le cárta creidmheasa. Ná seol airgead tirim tríd an bpost.