Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Feithiclí Ilghnéitheacha

Gliogáil anseo chun clár de Rátaí Feithiclí Ilghnéitheacha a fheiceáil

Cad atá uaim chun cáin a chur ar Fhruilcharr/Tacsaí/Limisín?

  1. Foirm iarratais atá comhlánaithe go hiomlán agus sínithe 
  2. Logleabhar nó Deimhniú Ceadúnais Feithicle nó Deimhniú Cláraithe
  3. Ainm na Cuideachta Árachais, Uimhir an Pholasaí agus dáta éaga an Deimhnithe 
  4. Ceadúnas Reatha Fruilchairr/Tacsaí/Limisín, eisithe ag an údarás áitiúil cuí 
  5. Táille Cánach - ráta bliantúil - € 72 . Féadfar íocaíocht a dhéanamh le seic, déanta amach do CHOMHAIRLE CONTAE NA GAILLIMHE, airgead tirim, ordú poist, ordú airgid nó cárta creidmheasa. Ná seol airgead tirim tríd an bpost. 

Cád atá uaim chun cáin a chur ar Charbhán Mótair

  1. Foirm iarratais atá comhlánaithe go hiomlán agus sínithe
  2. Logleabhar nó Deimhniú Ceadúnais Feithicle nó Deimhniú Cláraithe
  3. Ainm na Cuideachta Árachais, Uimhir an Pholasaí agus dáta éaga an Deimhnithe
  4. Táille - ráta bliantúil - € 78 . Féadfar íocaíocht a dhéanamh le seic, déanta amach do Chomhairle Contae na Gaillimhe, airgead tirim, ordú poist, ordú airgid nó cárta creidmheasa. Ná seol airgead tirim tríd an bpost.
  5. Ar cáin a chur ar charbhán mótair don chéad uair ó Mhí Dheireadh Fómhair, 1998 is gá dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ar (091) 536300 chun cigireacht a shocrú agus Deimhniú Cláraithe Feithicle a fháil. 
  6. Agus cáin á cur is gá chomh maith go síneofaí Dearbhú Mótarcarbháin speisialta agus go gcuirfí isteach é leis an iarratas cánach.