Cosán an tSuímh...
Fiosruithe Dlí a Phróiseáil
Fiosruithe An Gharda Síochána
I gcásanna a mbíonn an Garda Síochána ag iarraidh imeachtaí a thionscnamh in aghaidh uinéir feithicle nach bhfuil diosca cánach ná diosca árachais reatha aige/aici; nó úinéir a bhfuil sárú páirceála nó sárú tráchta eile déanta aige/aici; d'fhéadfaí a iarraidh ar an Oifig Mótarchánach sonraí i dtaobh úinéireacht na feithicle a thabhairt agus/nó deimhniú a thabhairt faoin uair dheireanach a leagadh cáin air.
Fiosruithe Maor Tráchta
Féadfaidh Maoir Thráchta imeachtaí a thionscnamh in aghaidh úinéirí feithicle mura mbeidh diosca cánach reatha ná deimhniú árachais acu, nó i leith fodhlíthe áitiúla tráchta a shárú agus chun na críche seo d'fhéadfaí a iarraidh ar an Oifig Mótarchánach sonraí i dtaobh úinéireacht na feithicle a thabhairt agus/nó deimhniú a thabhairt faoin uair dheireanach a leagadh cáin air.
Fiosruithe ó Dhlíodóirí, ó Chuideachtaí Árachais & ó Oifigí Mótarchánach eile
I gcásanna a mbeidh imeachtaí dlí á dtionscnamh i leith timpistí nó sáruithe tráchta, d'fhéadfaí a iarraidh ar an Oifig Mótarchánach úinéireacht feithicle nó feithiclí lena mbaineann a dheimhniú.