Cosán an tSuímh...
OIFIG EALAÍNE
EOLAS FÚINN
Fáilte chuig láithreán gréasáin Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tugann an láithreán gréasáin seo eolas maidir leis an Oifig Ealaíon i gComhairle Chontae na Gaillimhe agus a cuid seirbhísí, a gníomhaíochtaí, a foilseachán etc.
Tá Oifig Ealaíon an Chontae bunaithe ar phrionsabail na sármhaitheasa, na rochtana, na rannpháirtíochta agus na huilechuimsitheachta. Tá na healaíona in ann feabhas a chur ar phobail trí dheiseanna a chur ar fáil le go bhféadfaidh daoine dul i mbun cleachtais ealaíonta. Is féidir é sin a dhéanamh trí aitheantas cultúir sainithe a chruthú agus trí rochtain ar fhorbairt fhoriomlán ealaíon agus rannpháirtíocht inti, a spreagadh.
Is é ár n-Aidhm rochtain ar na hEalaíona agus rannpháirtíocht iontu a chinntiú, trí shamhlacha agus trí chur chuigí a fhorbairt o thaobh a bheith ag obair le daoine aonair, le healaíontóirí agus le pobail áitiúla, le gníomhaireachtaí stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla. Is é ár n-aidhm freisin, dul i dtreo chur chuige lánpháirtithe agus comhpháirteach maidir le bheith ag obair le rannóga eile den údarás áitiúil, le daoine aonair, le healaíontóirí, le heagraíochtaí agus le pobail áitiúla trí shamhlacha agus cur chuigí a fhorbairt, agus chun cur chuige cuimsitheach agus comhtháite a chur i bhfeidhm i ndáil le forbairt inbhuanaithe na n-ealaíon sa phobal. Tá sé mar aidhm againn caighdeáin níos airde a chothú maidir le hidirghníomhú eagraíochtaí ealaíon leis an bpobal agus a bheith ag tógáil ar líonrú agus ar chomhoibriú acmhainní áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Cuspóirí straitéiseacha na hOifige Ealaíon:
- Polasaithe agus cláir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a bheidh mar achmhainní breise ag na hEalaíona i gContae na Gaillimhe;
- Rochtain ar na healaíona agus rannpháirtíocht iontu a chinntiú do chách;
- Samhlacha sárchleachtais agus ardchaighdeán a chur chun cinn sna healaíona i gContae na Gaillimhe;
- Spéis an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas faoi na healaíona, tuiscint ar na healaíona agus sárchleachtas maidir leo a chur chun cinn i gContae na Gaillimhe;
- An saol ealaíonta i gContae na Gaillimhe a chinntiú agus a fhorbairt.
An Oifig Ealaíon
Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Teil: +353 091 746880 Faics: +353 091 779082
Ríomhphost: mgaughan@galwaycoco.ie
