Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

NA HEALAÍONA & AN TSLÁINTE 

Burning Bright

"art knows no age, the body may grow old, but the imagination still burns bright"
Jane Alexander, Iar-Chathaorleach National Endowment for Arts, USA.

Is sraith de cheardlanna ealaíne é Burning Bright ar ócáidí sóisialta iad chomh maith a reáchtálfar i dTithe Altranais ar fud Chontae na Gaillimhe. Eascóidh sainchleachtóirí ealaíne na ceardlanna ealaíne agus cuirfidh na rannpháirtithe aithne ar rogha d'ábhair agus teicnící ealaíne agus spreagfar iad trial a bhaint as rudaí nua. Leagfar gach seisiún amach chun freastal ar riachtanais agus ionchais na ndaoine a bheidh páirteach sna ceardlanna, rud a ligfidh dóibh a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt de réir mar a fheileann sé dóibh féin.

Is é aidhm an tionscadail seo ról dearfach na n-ealaíon in áiteanna a mbíonn daoine scothaosta faoi chúram a léiriú, a chur chun cinn agus a fhorbairt. Seolfar an tionscadal mar chuid den tseachtain 'Positive Ageing' i mí Meán Fómhair 2005 agus beidh sraith taispeántas agus seoladh clár mar bhuaic ar an tionscaddal mar chuid de Bhealtaine i mí na Bealtaine 2006.

Tá sé de chumas ag na hEalaíona croíúlacht, spreagadh agus sólás níos mó a thabhairt chuig an timpeallacht i dteach altranais agus cuireann siad go mór leis an dearcadh a bhíonn ann maidir le caighdeán an chúraim. Ina theannta sin, is féídir le healaín tionchar dearfach a bheith aici ar ghiúmar na gcónaitheoirí, a dteaglaigh agus ar fhoireann an tí altranais.

Buíochas ó chroí lenár gcomhpháirtithe uile sa tionscadal: 

Comhairle Chontae na Gaillimhe,
An Grúpa um Bearta Uilechuimseachta Sóisialta
Forbairt Tuaithe na Gaillimhe
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte-Réigiún an IArthair
Age Action West
Ionad Ealaíon na Gaillimhe
 

aras mhuire mayfield nursing home


Ba í Ruby Wallis grianghrafadóir na ngrianghraf uile sa tionscadal seo, buíochas ó chroí le Ruby, ealaíontóir iontach agus grianghrafadóir den scoth!