Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

FÉILTE

BABORÓ FÉILE IDIRNÁISIÚNTA NA GAILLIMHE DO PHÁISTÍ

D eireadh Fómhair

Is é Baboró an phríomhfhéile ealaíon do pháistí in Éirinn. Tá an bheocht, an draíocht chéanna ag baint leis mar aon leis an gcaighdeán céanna is atá san fhéile ealaíon do dhaoine fásta, ach go bhfuil an clár, atá comhdhéanta de dhrámaíocht idirghníomhach, de cheol, de litríocht, de scannáin, damhsa agus amharcealaíona a chuireann na siamsóirí is fearr as Éirinn agus thar lear ar fáil, dírithe go sonrach ar dhaoine óga.

Ríomhphost: baboro@gaf.iol.ie
Láithreán gréasáin : www.baboro.ie

BAFFLE

Baffle Girl

Deireadh Fómhair

Is féile 'fílíochta agus craic' í seo a reáchtáiltear sa bhFómhar i dtimpeallacht thaitneamhach Bhaile Locha Riach. Spreagtar daoine a bheith rannpháirteach san fhéile agus dá bhrí sin ba chóir do chuairteoirí a bheith faoi réir páirt a ghlacadh! Cuireann Baffle coincheap úrnua inár láthair maidir le siamsaíocht i dtithe ósta agus aithris filíochta, coincheap ina bhféadfaidh an cuairteoir a bheith ina laoch trína dhán nó a dán féin a chumadh agus a léamh don lucht féachana in atmaisféar atá spreagúil iomaíoch. Casann na Bafflers ar a chéile gach seachtain i mBaile Locha Riach, baile breá bríomhar, agus bíonn siad ag aithris agus ag láithriú filíochta sna tithe ósta áitiúla, agus téann siad chuig féilte ar fud na hÉireann.

Ríomhphost: info@baffle.ie
Láithreán gréasáin: www.baffle.ie

FÉILE EALAÍON POBAIL BHÉAL ÁTHA NA SLUAIGHE

Iúil

Is iad Muiríne Bhéal Átha na Sluiaghe agus An tSuca atá mar chúlra don fhéile seo i móinéir Oirthear na Gailimhe lenar cuireadh tús ceithre bliana ó shin. Áirítear The Floating Theatre, ar cheann de nithe is díol spéise san fhéile. Is éard atá ann ná seanbháirse abhann álainn ar a mbíonn an iliomad imeachtaí á reáchtáil, lena n-áirítear ceardlanna seachtaine, ceol agus drámaí. Ní ag an mhuiríne amháin a bhíonn na himeachtaí ar siúl; bíonn taispeántais agus gníomhaíochtaí ar siúl in ionaid ar fud an bhaile agus bíonn mórshiúl ilghnéitheach agus tóstal ann ar shráideanna maorga an tseanbhaile seo i nGaillimh a bhfuil cáil na flaithiúlachta agus na féile air.

FÉILE AGUS AONACH MÓR DHEIREADH FÓMHAIR BHÉAL ÁTHA NA SLUAIGHE

Ballinasloe fair girls

Meán Fómhair go Deireadh Fómhair

Is seachtain a bhíonn i gceist ina mbíonn comórtais each léime, tarraingt téide, álaidh, bíonn capaill á ndíol, siamsaíocht ar na sráideanna agus bíonn seó talmhaíochta ar siúl. Agus é ar cheann de na margaí is sine san Eoraip, is ar na sráideanna agus ar fhaiche aonaigh phríomhbhaile Oirthear na Gaillimhe a reáchtáiltear Aonach Capall Bhéal Átha na Sluaighe. Cuireadh tús leis an aonach le "Toicheam na mBuíon" a théann siar chomh fada le  Ard-Ríthe na Teamhrach leis agus tá sé fós mar an imeacht is mó i bhféilire Bhéal Atha na Sluaighe ó thaobh an gheilleagair agus an chultúir de. Chomh maith leis sin, is iontach an bealach é  chun aithne a chur ar lucht na gcapall, ar mhuintir na tuaithe agus ar shaol tuaithe na hÉireann agus taitneamh a bhaint as.

Ríomhphost: stmichaelsballinasloe@eircom.net
Láithreán gréasáin: www.ballinasloe.com   

FÉILE OISRÍ DHROICHEAD AN CHLÁIRÍN

Lúnasa - Meán Fómhair

Tá féile dó fhéin tuillte ag oisre Chuan na Gaillimhe agus déantar an débhlaoscach álainn a cheiliúradh anseo i nDroichead an Chláirín, an baile beag álainn mara atá ar cheann de chladaigh Chuan na Gaillimhe. Is é Lá an Mhargaidh ar fhaiche an tsráidbhaile, ina mbíonn ceirdeanna Dheisceart na Gaillimhe agus Thuaisceart an Chláir á dtaispeáint agus á gcomóradh, a chuireann tús leis an bhFéile. Is carnabhal gastranómach a bhíonn ann a mhaireann ar feadh na deireadh seachtaine agus bíonn ceol, amhráin, damhsa agus scéalaíocht go forleathan chomh maith le háibhéal agus deisbhéal Dheisceart na Gaillimhe. Is iontach an ócáid í a bhfuil turais allamuigh, seandálaíocht, ealaín, grianghrafadóireacht, stair áitiúil ar ghnéithe di, go deimhin tá rud éigin ann do chách.

Ríomhphost: clarenoystfest@esatclear.ie
Láithreán gréasáin: www.clarenbridge.com

FÉILE EALAÍON PHOBAL AN CHLOCHÁIN

Meán Fómhair

Aithnítear é seo mar an fhéile ealaíon tuaithe is fearr in Éirinn agus táthar á reáchtáil anois le hocht mbliana is fiche anuas. Léirítear sármhaitheas cultúir ann i measc breáthachta dhúiche fhiáin iarthar na hÉireann, beanna agus cladaigh Chonamara.  Feictear na healaíontóirí idirnaisiúnta is fearr ag déanamh a mbealaigh go dtí an Clochán ag deireadh an tsamhraidh gach bliain le bheith rannpháirteach i léamh filíochta etc., i dtaispeántais, i dtaibhithe agus i gceolchoirmeacha. Is sa seanbhaile ard agus galanta seo a bhíonn lucht buaite duaise Nobel i gcomhluadar na n-aoirí, is ionann gradam Dhuais Booker, an Pulitzer agus an duais don chapaillín is fearr i gConamara agus is ann a thagann ealaíontóirí áitiúla, a gcuairteoirí agus a gcairde le chéile in atmaisféar fleáchais agus cruthaitheachta.

Ríomhphost: artsweek@indigo.ie
Láithreán gréasáin: www.clifdenartsweek.ie

SEACHTAIN PORTAIGH/SEACHTAIN FARRAIGE CHONAMARA

An tEarrach agus An Fómhar

Is imeachtaí fíoriomlánaíocha iad na féilte seo atá bunaithe i Leitir Fraic. Is san Earrach agus san Fhómhar a bhíonn siad ar siúl agus is meascán d'ealaíona agus d'eolaíocht iad. Bíonn ceol breá le cloisteáil, léachtaí faisnéiseacha agus plé chomh maith le deis chun súil úr a chaitheamh ar uiscí an Atlantaigh agus ar thírdhreacha an iarthair.  Bíonn taispeántais, seisiúin cheoil thraidisiúnta, léamh filíochta etc., léachtaí, turais seandálaíochta, eolaíochta agus turais go croílár Chonamara ar ghnéithe de na féilte sin.  

Ríomhphost: lfrack.ias@eircom.ne

FÉILE CHEOIL TRAIDISIÚNTA COOLEY COLLINS, AN GORT 

Deireadh Fómhair

Tá deisceart Chontae na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is fearr d'Fhíorcheol traidisiúnta Gaelach. Reáchtáiltear tionól faoi leith de cheoltóirí áitiúla den scoth agus a gcairde gach Fómhar i mbaile ársa an Ghoirt, príomhbhaile Dheisceart Chontae na Gaillimhe. Caitheann na ceoltóirí seo deireadh seachtaine fada spraíúil i gcomhluadar a chéile agus iad ag seinm ceoil in ómós do Kieran Collins agus Joe Cooley, fir as an áit agus beirt de na ceoltóirí is fearr in Éirinn. Cé go bhfuil an bheirt cheoltóirí imithe ar shlí na fírinne, leanann a n-oidhrí, ó thaobh an cheoil de, agus a lucht dtionlacan le hoidhreacht ceoil na beirte a chur chun cinn agus bíonn ceol paiseanta Dheisceart na Gaillimhe agus Thuaisceart an Chláir le cloisteáil.

CRUINNIÚ NA MBÁD 

Lúnasa

Feictear fós báid mhóna na Gaillimhe ag na geallta bád seo a bhíonn ar siúl i gCinn Mhara i gCuan na Gaillimhe, geallta bád a dhéanann comóradh ar thraidisiún beo na seoltóireachta. Bíonn seisiúin cheoil ann freisin leis an scoth de cheoltóirí agus d'amhránaithe traidisiúnta. Is éard is brí le Cruinniú na mBád i mBéarla ná "gathering of the boats"; bíonn taispeántais ealaíne agus ceardaíochta, grianghrafadóireacht, léirithe sráide agus ceardlanna drámaíochta do leanaí agus léamh filíochta mar chuid den chomóradh ar tír an fhad is a bhíonn na seanárthaigh draíochta ag cruinniú le chéile agus ag rásaíocht sa Chuan.

Ríomhphost: www.kinvara.com

FÉILE IDIRNÁISIÚNTA LITRÍOCHTA CÚIRT

AIBREÁN

Le linn na Féile bíonn údair cháiliúla idirnáisiúnta agus údair nua i raon na litríochta ar fad ag léamh a gcuid saothar, agus is clár uaillmhianach, saibhir, ilghnéitheach agus spleodrach a bhíonn ann a mheallann daoine a bhaineann slí bheatha amach sa litríocht, daoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí litríochta agus mealltar daoine nua chuig an litríocht freisin. Is féidir a rá gurb í an fhéile litríochta is mó in Éirinn í agus bíonn an-chraic ann freisin! Bhí daoine ar nós Séamus Heaney, Derek Walcott, Edna O'Brien, Allen Ginsberg agus Margaret Atwood i measc na n-aíonna a bhí ag léamh agus i bhfeighil ceardlann le blianta anuas agus tugtar deis dúinn eolas a chur ar thallann nua litríochta na hÉireann. Is ionann Cúirt agus an leagan Gaeilge de 'court'.

Ríomhphost: maura@galwayartscentre.ie
Láithreán gréasáin: www.galwayartscentre.ie

FÉILE CHOMÓRTHA JOE ÉINNIÚ

Aibreán - Bealtaine

Bhí Joe Éinniú ar dhuine de na hamhránaithe traidisiúnta sean-nóis ab fhearr a bhí in Éirinn. Chaith sé go leor blianta in Seattle i Meiriceá agus ba díol suntais a bhí ina stíl amhránaíochta a bhí mar spreagadh agus mar phointe tagartha d'athbheochan cheol tíre sna seascaidí agus bhí lucht leanúna mór aige ar fud an domhain, idir óg agus aosta, de bharr a ionracais ó thaobh na healaíne. Anois reáchtáiltear féile bheag i gCarna, a cheantar dúchais i nDeisceart Chonamara, ceantar na gcloch eibhir. Díríonn an fhéile seo ar na stíleanna amhránaíochta agus ceoil a thaitin go mór leis an laoch Gaelach seo.

Ríomhphost: clodoiri@eircom.net

FLEADH NA GCUACH

Is i gCinn Mhara, an sráidbhaile is deise i nGaillimh, a bhíonn ceol breá Dheisceart na Gaillimhe agus Thuaisceart an Chláir le cloisteáil. Fáiltítear roimh an earrach gach bliain i gCinn Mhara le "Fleadh na gCuach" agus bíonn ceol breá, amhránaíocht, filíocht, drámaíocht, litríocht, taispeántais, ceardlanna agus léiriúcháin de na healaíona taibhithe mar ghnéithe den fhéile. 

Láithreán gréasáin: www.kinvara.com

FÉILE EALAÍON NA GAILLIMHE

Iúil

Cuireadh tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe sa bhliain 1978 agus tá sí anois ar an bhféile ealaíon ildisciplíneach is mó in Éirinn ina bhfuil drámaíocht, léirithe poiblí, damhsa, amharcealaíona, ceol, litríocht agus coiméide. Is ardán d'ealaín na hÉireann agus d'ealaín Idirnáisiúnta den scoth í Féile Ealaíon na Gaillimhe ó cuireadh tús léi agus tá sí anois ar cheann de na himeachtaí cultúir is tábhachtaí san Eoraip.

Ba é an rud ba mhó a rinne Féile Ealaíon na Gaillimhe ná gur chuir sí borradh faoi fhorbairt na n-ealaíon i nGaillimh. Spreag an fhéile feasacht maidir leis na healaíona taibhithe agus na hamharcealaíona agus cruthaíodh éileamh orthu. Leis an bhFéile, cuidíodh le feabhas a chur ar ionaid agus ar infrastruchtúr ealaíon sa chathair, spreagadh nuálaíocht ealaíonta  agus cuireadh bealach fíor-thábhachtach ar fáil do go leor ealaíontóirí chun iad féin a chur chun cinn sna healaíona. Is mar thoradh ar an bhféile freisin a cuireadh tús le roinnt mhaith eagraíochtaí ealaíon dinimiciúla agus nuálacha i nGaillimh.

Ríomhphost: admin@gaf.iol.ie

Láithreán gréasáin: www.galwayartsfestival.com

FÉILE LUATH-CHEOIL NA GAILLIMHE

Bíonn Luath-Cheol glórmhar le cloisteáil ar shráideanna caola meánaoiseacha na Gaillimhe gach Earrach agus bíonn grúpaí eoluirlisí, ensembles agus aonréadaithe a thagann ar cuairt as na tíortha a bhíodh ag trádáil leis an gcathair, tíortha mar an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil, go flúirseach. Cé go bhfuil foirgnimh na Gaillimhe go hálainn i gcónaí, bíonn siad i bhfad níos deise agus macalla as an luath-cheol á mbualadh.

Ríomhphost: info@galwayearlymusic.com
Láithreán gréasáin: www.galwayearlymusic.com

FÉILE SCANNÁN NA GAILLIMHE

Iúil

Is imeacht bliantúil í Féile Scannán na Gaillimhe a reáchtáiltear gach mí Iúil agus a mhaireann sé lá. San Fhéile, cuirtear clár de bhreis agus 70 scannán Éireannacha agus Idirnáisiúnta i láthair, idir phríomhscannáin, ghearrscannáin, chláir faisnéise, agus scannáin bheochana chomh maith le raon imeachtaí ilghnéitheacha, lena n-áirítear cláir ómóis, díospóireachtaí, máistir-ranganna, agallaimh phoiblí, ceardlanna agus an tAonach Scannán - an t-aon Mhargadh Scannán agus Teilifíse in Éirinn.

Féile Scannán na Gaillimhe
Cluain Mhuire
Bóthar Mhuine Mheá
Gaillimh

Teil: 091 751655
Ríomhphost: gafleadh@iol.ie
Láithreán gréasáin: www.galwayfilmfleadh.com

FÉILE OISRÍ NA GAILLIMHE

Meán Fómhair

Tagaigí agus bainigí sult as an saol! Baineann an t-imeacht uathúil seo le cairde, spraoi, bia mara sármhaith chomh maith le siamsaíocht leanúnach den scoth i gcathair mheanáoiseach na Gaillimhe. Tá Féile Oisrí na Gaillimhe ar cheann de na féilte gastronómach is cáiliúla ar domhan agus áirítear taispeantais bhreátha, ceol den scoth agus ar ndóigh an t-oisre aoibhinn ina chuid di.

Ríomhphost: www.galwayoysterfest.com

FÉILE SNAGCHEOIL NA GAILLIMHE

Lúnasa

Beidh Féile Snagcheoil na Gaillimhe ar siúl ón 5ú - 7ú Lúnasa na bliana 2005. Reáchtálfar ceolchoirmeacha, imeachtaí agus ceardlanna in ionaid éagsúla ar fud chathair na Gaillimhe agus beidh togha an tsnagcheoil ann.
Le haghaidh tuileadh eolais faoin bhféile nua spleodrach seo déan teagmháil le do thoil le:

Ríomhphost: info@galwayjazzfestival.com
Láithreán gréasáin: www.galwayjazzfestival.com

GALWAY JUNIOR FILM FLEADH 

Samhain

Mairfidh an 11ú Féile Scannán Shóisearach ar feadh cúig lá i rith mí na Samhna 2005 (dátaí le deimhniú). Taispeánfar scannáin Éireannacha ags scannáin idirnáisiúnta i rith na féile agus reáchtálfar ceardlanna scannánaíochta agus beochana chomh maith le himeachtaí eile a dhíreoidh ar dhaoine óga agus ar cineama. Tabharfaidh na ceardlanna scannánaíochta, a mbeidh daoine gairmiúla ón tionscal ina dteagascóirí orthu, deis do dhaoine óga fíorthaithí scannánaíochta a fháil.

Ríomhphost: juniorfilmfleadh@iol.ie

FÉILE EALAÍON PHOBAL INIS BÓ FINNE 

Bealtaine

Tá Inis Bó Finne suite cúpla míle amach ó chósta Iarthuaisceart Chonamara. Níl an t-oileán ró-mhillte, rud neamhghnách maidir le hoileáin ar fud an domhain agus is ceann de na hoileáin is áille ar domhan é. Le blianta fad anuas tá Inis Bó Finne mar inspráid d'ealaíontóirí, do cheoltóirí agus d'údair, lena n-áirítear Sylvia Plath, Ted Hughes, Theodore Roethke, Richard Murphy agus Séamus Heaney. Déanann Féile Inis Bó Finne comóradh ar chruthaitheacht dhúchasach mhuintir an oileáin agus ar chruthaitheacht a gcairde agus mar chuid den chomóradh bíonn ábhar á léamh, reáchtáiltear taispeántais, siúlóidí seandálaíochta/muirí/comhshaoil, pléitear cúrsaí cultúir agus bíonn imeachtaí do pháistí ar siúl. Cuireann laochra an cheoil traidisiúnta, an rac-cheoil agus gach cineál ceoil eadarthu sin ceol iontach ar fáil. B'fhiú do dhuine ar bith a mbíonn deireadh seachtaine neamhghnách uaidh freastal ar an bhféile seo.

Ríomhphost: bofindev@eircom.net
Láithreán gréasáin: www.inishbofin.com

SEACHTAIN 'FÉILE DO CHULTÚR EALAÍON AGUS DRÁMAÍOCHTA' CHILL CHONAILL

Meitheamh

Tá an ' Fhéile do Chultúr Ealaíon agus Dramaíochta', á reáchtáil ón mbliain 1992. Spreagtar daoine fásta mar aon le páistí a bheith rannpháirteach sna himeachtaí, sna comórtais agus sna drámaí éagsúla a bhíonn ar siúl i rith na féile, féile a dhíríonn ar Ealaín, ar an gCultúr agus ar Dhrámaíocht. Spreagann an fhéile freisin daoine a bheith bródúil as an gceantar. Bíonn mórshiúl ann don fhéile, déantar athléiriú ar Lá Aonaigh thraidisiúnta, reáchtáiltear comórtais agus ranganna ealaíne, bíonn páistí in ann gléasadh suas agus bíonn filíocht á léamh chomh maith. Bíonn imeachtaí ceoil agus damhsa freisin i measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl.

TIONÓL LADY GREGORY AN FHÓMHAIR 

Reáchtálfar an tAonú Tionól Déag sa tsraith de chruinnithe litríochta ar a dtugtar Tionóil an Fhómhair, i bPáirc na Cúile agus ar an nGort, Contae na Gaillimhe, ón Aoine an 30ú Meán Fómhair go dtí an Domhnach an 2ú Deireadh Fómhair 2005. Leanfar le staidéar a dhéanamh ar shaol agus saothar Augusta Persse as Roxborough, arb í Lady Gregory í i bPáirc na Cúile. Chuir Lady Gregory go mór le Athbheochan Litríocht na Gaeilge agus le saol cultúir in Éirinn sa fichiú haois. Bhí fáilte mhór roimh fhilí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí i bPáirc na Cúile agus ba fhlaithiúil a bhí Lady Gregory leo agus á spreagadh, ag cuidiu agus ag tacú leo. 

Is é "Miotais agus Finscéalta" téama Tionóil na bliana seo. Beidh fáiltiú ann, cuirfidh iarua mic Lady Gregory tús leis an Tionól, beidh saineolaithe ag tabhairt léachtaí, beidh neart deiseanna ann nithe a phlé agus beidh éasgsúlacht siamsaíochta ann. Is cinnte gur ócáid shóisialta a bheidh ann a mbeidh an-taitneamh le baint aisti.

Ríomhphost: rogorman@galwayadvertiser.ie

SCOIL SAMHRAIDH MICKIE TIMOTHY

Lúnasa

Bíonn Féile Cheoil Traidisiúnta agus Damhsa Seit ar siúl i mBaile Liam atá sa chúinne thoir thuaidh de Chontae na Gaillimhe a bhfuil ainm duine de na pearsaí is bríomhara i nGaillimh leis an bhféile, is é sin Mickie Timothy, amhránaí agus fear cairdín cáiliúil. Tá clú agus cáil ar Bhaile Liam i gcúrsaí damhsa seit in Éirinn mar aon le thar lear mar gheall ar sheit Bhaile Liam. Tá cáil anois ar Bhaile Liam mar gheall ar an bhFéile freisin!  

MÚSCAILT

Feabhra

Is Féile bhliaintúil Earraigh na nEalaíon OÉ, Gaillimh í Múscailt (dúisigh/spreag/ceiliúir) a thugann léiriú a bhfuil bainte amach, ó thaobh na n-ealaíon de, ag Pobal na hOllscoile - mic léinn, foireann, agus céimithe, ar an gcampas agus lasmuigh de. Bíonn scoth de thallann daoine de phobal na hOllscoile ar ghnéithe den Fhéile agus bíonn ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ann chomh maith. 

Is iad oifig na nEalaíon, oifig na gCumann, na Cumainn féin, Mic Léinn agus Foireann na hOllscaoile a chomhoibríonn lena chéile chun Múscailt, féile spleodrach cruthaitheachta agus tallainne a thabhairt chugainn.

Teil. 091 512062
Ríomhphost: fionnuala.gallagher@nuigalway.ie
Láithreán gréasáin: www.muscailt.nuigalway.ie
www.nuigalway.ie/arts_office/

PLÉARÁCA CHONAMARA

Deireadh Fómhair

Bíonn Pléaráca Chonamara, féile ealaíon phobail na Gaeltachta ar bun i dtús an Fhómhair ar fud cheantar Gaeltachta Chonamara Theas. Déantar ceiliúradh ar na healaíona traidisiúnta chomh maith leis na healaíona comhaimseartha - damhsa, ceol, sean-nós, taispeántais, dramaíocht, imeachtaí do pháistí agus go leor eile. Spraoi agus spleodar ó Bhearna go Carna.

Láithreán gréasáin: www.plearaca.ie
Ríomhphost: plearaca@eircom.net

SEACHTAIN EALAÍON CHLOCH NA RÓN 

Iúil 

Déanann Cloch na Rón, sráidbhaile iascaireachta den seansaol in Iarthar Chonamara "comóradh oscailte ar na healaíona, lena n-áirítear péintéireacht, dealbhóireacht, amhránaíocht, ceol, damhsa, litríocht, stair agus seandálaíocht" i lár an tsamhraidh gach bliain. Bíonn cónaitheachtaí ealaíontóirí, taispeántais, taibhithe ceoil, léachtaí, léamh litríochta agus damsa seit traidisiúnta le hamhránaithe agus ceoltóirí áitiúla san áireamh san Fhéile chomh maith. Cuirtear meascán breá d'imeachtaí ar siúl ina dtugtar léiriú ar obair ealaíontoirí gairmiúla cáiliúla agus bíonn sé mar ardán do dhaoine óga atá ag iarraidh a bheith ina n-ealaíontóirí.

Láithreán gréasáin: www.connemara.net/roundstone-open-artsweek/roa2002

FÉILE EALAÍON THUAMAS

Lúnasa

Bunaíoch Earwig!, Grúpa Ealaíon Phobal Thuama i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2003 chun bealach a chur ar fáil ionas go bhféadfaí tobar tallainne cruthaitheach mhuintir Thuama agus timpeall ar Thuaim a léiriú. Baintear úsáid as drámaíocht sráide mar chur chuige praiticiúil chun baint an Phobail i ngníomhaíochtaí Ealaíon a leathnú. Eagraíonn Earwig! Féile Ealaíon Thuama gach bliain agus bíonn imeachtaí ealaíon ar siúl a dhíríonn ar na hamharcealaíona, ar dhrámaíocht, ar léirithe, ar thaibhithe ceoil agus sráide chomh maith le ceardlanna oiliúna. Bíonn breis agus tríocha ealaíontóir atá lonnaithe go háitiúil rannpháirteach san Fhéile chomh maith le grúpaí agus daoine aonair as Gaillimh agus timpeall ar Ghaillimh. Áirithe ar bhuaicphointí féile na bliana 2004 bhí The Saw Doctors agus Tommy Tiernan.

Ríomhphost: midiemags@eircom.net

TULCA - SÉASÚR AMHARCEALAÍNE

Is focal Gaeilge é TULCA a chiallaíonn tonn, tuile, díle, brúchtadh, racht. Is eagraíocht neamhspleách é TULCA a léiríonn teacht le chéile ocht gcinn d'eagraíochtaí ealaíon, teacht le chéile uathúil. Agus obair á déanamh i gcompháirtíocht cuireann TULCA séasúr de thograí amharcealaíne i láthair atá spreagúil agus suimiúil. Ligeann sé sin do phobal iomlán na Gaillimhe agus Iarthair na hÉireann páirt ghníomhach a ghlacadh san amharc-cultúr agus beocht na n-amharcealaíon a cheiliúradh.

Ríomhphost: info@tulca.ie
Láithreán gréasáin: www.tulca.ie