Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

AIB arts Logo

GRADAM EALAÍON 

Cad iad Gradaim Ealaíon an Chontae

Tá Gradaim Ealaíon an Chontae á mbronnadh anois le dhá bhliain déag agus is iad na haon Ghradaim Ealaíon sa tír iad a bhronnann Údarás Áitiúil agus is i nGaillimh a dhéantar é sin. Leis na Gradaim, déantar an méid a chuireann an pobal leis na healaíona a cheiliúradh.
Bronntar gradam amháin ar an ngrúpa nó ar an duine is mó a chuireann leis na healaíona, dar leis an bpainéal moltóireachta; agus bíonn gradam amháin ann do gach ceann de na toghranna: Conamara, Órán Mór, Tuaim, Baile Locha Riach agus Béal Átha na Sluaighe. Ina theannta sin bíonn gradam amháin ann don mhórghníomh is fearr amach is amach sna healaíona, an tSár-Dhuais. Is go siarghabhálach a bhronntar na gradaim agus dá bhrí sin déanfar gradaim don bhliain 2004 a bhronnadh sa bhliain 2005.
Is dealbha de Húicéar na Gaillimhe iad na gradaim féin a choimisiúnaítear go speisialta ó Jonh Behan. Is as cré-umha a dhéantar na dealbha. Bíonn foirmeacha ainmniúcháin ar fáil go bliantúil i mí Eanáir. Iarrtar, san fhoirm, ar dhaoine den phobal grúpa nó duine aonair a ainmniú do Ghradam chun aitheantas a thabhairt as cur go mór leis na healaíona i nGaillimh an bhliain roimhe sin. Déanann painéal moltóireachta neamhspleách na hainmniúcháin a mheasúnú.

Searmanas na nGradam

De ghnáth réachtáilter Searmanas na nGradam in Óstán sa Chontae, e.g. Óstán an Conamara Coast sna Forbacha i mí an Mhárta gach bliain. Freastalaíonn thart ar 300-400 duine ar  Shearmanas na nGradam. Áirítear Pobal na nEalaíon ón gCathair agus ón gContae, grúaí pobail agus grúpaí deonacha, Ealaíontóirí, scríbhneoirí, comhaltaí na comhairle, polaiteoirí áitiúla agus lucht tacaíochta na nEalaíon ar na daoine a fhreastalaíonn ar an Searmanas.
 

Kathrina Baker Award

Katharina Baker-Buaiteoir an Ghradaim do cheantar Bhaile Locha Riach