Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

Tuairimí agus AchomhaircChun cead pleanála a fháil, caithfidh iarratasóir cuir isteach ar iarratas pleanála. Tá foirmeacha iarratais pleanála agus na sonraí ar fad a ghabhann leo ar fáil ón Oifig Pleanála. Ní leor don iarratasóir an fhoirm a líonadh agus a sheoladh isteach agus na doiciméid ar fad agus an táille chuí a bheith iniata leis. Tá comhairle agus treorú le fáil ón oifig pleanála chun cuidiú le iarratasóirí iarratas a dhéanamh agus, más gá, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leis an oifig roimh iarratas a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart, go bhfuil na doiciméid ar fad iniata agus gur comhlíonadh gach riachtanas.

Is córas oscailte agus trédhearcach é an córas pleanála. Tá sé de cheart ag gach duine (daoine aonair, cumainn áitritheoirí, srl.) féachaint ar iarratas agus aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt, bíodh na tuairimí sin dearfach nó diúltach, má cheapann siad go mbeidh tionchar aige orthu féin nó ar an gcomharsanacht. Féadfaidh daoine aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt faoi iarratas fiú mura bhfuil baint dhíreach aige leo, ach go mbraitheann siad go láidir faoi shaincheist faoi leith agus go bhfuil siad ag iarraidh a dtuairimí a léiriú.

Ní mór aighneachtaí nó tuairimí  a sheoladh i scríbhinn chuig an Oifig Pleanála agus, más féidir, déan tagairt do uimhir thagartha an iarratais. Ní mór aighneachtaí nó tuairimí a thugtar ar aird, a dhéanamh laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar an t-iarratas, in éineacht le táille de €20.

Tá baill den phobal i dteideal gach cáipéis a chuirtear isteach le hiarratas pleanála a fheiceáil, saor in aisce, san oifig pleanála i rith gnáth uaireanta gnó, ón dáta a fhaightear an t-iarratas go dtí go ndéantar cinneadh air. Is féidir féachaint ar thuarascálacha inmheánacha maidir leis an iarratas arna n-ullmhú ag nó thar ceann an údaráis phleanála, a fheiceáil tar éis don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh. Tá comhaid phleanála ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ar feadh suas le 7 mbliana tar éis cinneadh a dhéanamh faoin iarratas. Is féidir comhaid atá níos sine a iniúchadh ach táille €10 a íoc. Is taifead de gach iarratas, cinneadh, achomharc, gníomh forfheidhmithe pleanála srl. iad an clár pleanála agus an léarscáil phleanála. Is féidir leis an bpobal an clár a iniúchadh, saor in aisce, san oifig pleanála le linn uaire oifige. Is féidir cóipeanna d'iontrálacha ar an gclár a cheannach ar tháille (€10, i láthair na huaire).

TREOIR CHUN IARRATAS PLEANÁLA A DHÉANAMH

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil dár gcustaiméirí. Mar chuid den phróiseas seo caithfidh an t-eolas a chuirtear ar fáil a bheith soiléir, cruinn agus a bheith ábalta freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí ar fad. Chun cuidiú leis an bpobal iarratas bailí pleanála a dhéanamh a chomhlíonann na rialacháin, tá an leathanach gréasáin seo "Treoir chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh" curtha ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá eolas le fáil sa Treoir maidir le iarratas a dhéanamh ar chead pleanála agus é tugtha le fios go soiléir cén t-eolas a theastaíonn chun iarratas pleanála foirmiúil a dhéanamh.

Tá an Treoir seo beartaithe a bheith mar Threoir Praiticiúil. Ní léirmhíniú dlíthiúil cinnte ar an Dlí Pleanála é (doiciméad mór Acrobat). Tá an Dlí a rialaíonn an córas pleanála leagtha amach san Acht um Pleanáil & Forbairt,  2000, arna leasú agus an Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú agus is féidir sin a cheannach ó Oifig Díolta Foilseachán an Rialtais, Sun Alliance House, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2 Fón (01) 6613111. Tug le fios go dtagann athrú ar an dlí ó am go chéile. De réir an Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000, tá cead pleanala ag teastáil le haghaidh gach forbairt ach amháin sin atá díolmhaithe de réir reachta agus rialacháin. Tugtar an sainmhíniú a leanas ar an dtéarma Forbairt "aon obair a dhéantar ar, i, os cionn nó faoi thalamh nó aon athrú ábhartha a dhéantar i leith úsáid struchtúr ar bith nó talamh eile ".

• CEADANNA
• CÉ A FHÉADFAIDH IARRATAS A DHÉANAMH AR CHEAD PLEANÁLA?
• CHUN CEAD PLEANÁLA A FHÁIL
• AG ROGNHÚ AILTIRE/GNÍOMHAIRE
• IONAID COMHAIRLE AR PHLEANÁIL
• TUARASCÁLACHA RÉAMHPHLEANÁLA
• AN BHFUIL DAOINE EILE ÁBALTA TUAIRIMÍ A THABHAIRT AR IARRATAS PLEANÁLA?
• AN DTÓGFAIDH SÉ I BHFAD CEAD PLEANÁLA A FHÁIL?
•  CÉARD Í AN STRAITÉIS TITHÍOCHTA?
•  ACHOMHAIRC CHUIG AN BORD PLEANÁLA
• AG DÉANAMH IARRATAS BAILÍ AR CHEAD PLEANÁLA
• DOICIMÉID A THEASTAÍONN
• FOIRM IARRATAIS A CHOMHLÍONADH
• RIACHTANAIS LÁTHAIR DO CHEANTAIR TUAITHE 
• FOIRM IARRATAIS PLEANÁLA
• FÓGRA LÁITHREÁIN 
• SEICLIOSTA MHEARTHAGARTHA

CEADANNA

Tá trí chineál CEAD ann, is é sin le rá, Cead Imlíneach, Cead tar éis Cead Imlíneach a Cheadú agus CEAD.

Cead Imlíneach: Is fearr cead imlíneach más rud go dteastaíonn ó dhuine fáil amach an mbeadh cead le fáil ar fhorbairt faoi leith ach nach bhfuil siad in acmhainn na pleananna cruinn a chur isteach. Nuair a cheadaítear Cead Imlíneach sin le rá go nglacann an tÚdaras Pleanála i bprionsabal leis an bhforbairt atá molta, faoi réir iarratas a chur isteach ar "Cead tar éis cead imlíneach a cheadú "(Cead Bunaithe).

Cead tar éis Cead Imlíneach (Cead Bunaithe): Tagann an cineál seo cead chun cinn tar éis Cead Imlíneach a cheadú agus caithfidh sé a bheith curtha isteach laistigh de 3 bliana den chead imlíneach a bheith ceadaithe. Foráiltear pleananna agus líonaíochtaí mionsraithe leis a bhaineann leis an bhforbairt atá molta.

Cead: Foráiltear pleananna mionsonraithe agus na sonraí ar fad a ghabhann leis an bhforbairt atá molta a chur isteach leis an gcineál seo iarratas. Má éiríonn leis an iarratas seo beidh sé de chead ag an iarratasóir tús a chur leis an bhforbairt má tá sé nó sí i dteideal sin a dhéanamh.


CÉ A FHÉADFAIDH IARRATAS A DHÉANAMH AR CHEAD PLEANÁLA?

Ní leor leas dlíthiúil a bheith ag an iarratasóir i leith an láithreán nó an mhaoin i dtrácht chun iarratas foirmiúil ar chead pleanála a dhéanamh.

Más rud nach tú an úinéir, ba chóir ainm agus seoladh an úinéara a thabhairt.

CHUN CEAD PLEANÁLA A FHÁIL

Chun cead pleanála a fháil caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig an Údarás Pleanála don cheantar ina bhfuil an fhorbairt atá beartaithe lonnaithe. I gcás Contae na Gaillimhe, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an tÚdarás Pleanála don Chontae gan C.C.U. Bhéal Átha na Sluaighe ná Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chur san áireamh. Caithfear an t-iarratas ar chead pleanála a dhéanamh de réir paraiméadair dochta atá leagtha amach san Acht agus sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt.

AG ROGHNÚ AILTIRE/GNÍOMHAIRE

Is beag duine a thugann faoin bpróiseas pleanála gan leas a bhaint as seirbhísí ailtire nó gníomhaire ag aon chéim den phróiseas. Féadfaidh duine gníomhú ar do shon mar ‘ghníomhaire’ agus cúram a ghlacadh ina iomláine ar d’iarratas. I ngach cás den chineál seo seolfar comhfhreagras a bhaineann leat chuig seoladh do ghníomhaire ionas go mbeidh siad ábalta tabhairt faoi fadhb ar bith a thagann chun cinn.

Mar mhalairt ar seo, féadfaidh tú duine a fhostú chun na pleananna/líníochtaí a ullmhú agus féadfaidh tú féin an t-iarratas a chur isteach.

Ba cheart gach eolas atá riachtanach don iarratas a chur san áireamh sna pleananna/líníochtaí chomh maith. Tá sé riachtanach go roghnófá duine atá eolach ar an bPlean Forbartha, na Rialacháin Pleanála agus an Dlí Pleanála chomh maith agus atá eolach ar na riachtanais faoi leith atá ag an gComhairle i leith sábháilteacht tráchta, sláinte phoiblí, na caighdeáin le haghaidh dearadh, srl.

IONAID COMHAIRLE AR PHLEANÁIL

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe, chomh maith leis an oifig pleanála in Áras an Chontae, ionaid comhairle ar phléanáil ar fáil i mBéal Átha na Sluaighe agus i mBaile Locha Riach chun an pobal a éascú. Féadfaidh baill den phobal atá bainteach leis na ceantair seo cuairt a thabhairt ar na hionaid seo ach coinne a bheith déanta roimh ré chun castáil leis an oifigeach pleanála agus ceisteanna faoi leith a bhaineann le hiarratas atá beartaithe a phlé. Molann an tÚdarás Pleanála go gníomhach leas a bhaint as na hionaid seo.

COMHAIRLE RÉAMHPHLEANÁLA

Féadfaidh daoine a bhfuil spéis acu i láithreán faoi leith leas a bhaint as ár seirbhís saor in aise ar chomhairle réamhphleanála ach mapa a chur isteach chuig an Údarás Pleanála leis an láithreán i dtrácht léirithe le dath dearg mar aon le sonraí a bhaineann leis an láithreán agus sonraí teagmhála.

AN BHFUIL DAOINE EILE ÁBALTA TUAIRIMÍ A THABHAIRT AR IARRATAS PLEANÁLA?

Cuireann reachtaíocht pleanála na hÉireann béim láidir ar chearta tríú páirtí. Dá réir sin, tá trí pháirtí sa phróiseas d’iarratas ar chead pleanála, an tÚdarás Pleanála, an t-iarratasóir agus an pobal i gcoitinne. Léirítear sin nuair go bhfuil sé de cheart ag duine ar bith cóip de d’iarratas a fheiceáil agus féadfaidh siad aighneachtaí agus tuairimí a thabhairt i scríbhinn don Údarás Pleanála agus/nó achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Údaráis chuig An Bord Pleanála. (De réir na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt, 2001, caithfear aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh laistigh de na chéad chúig seachtaine den iarratas ar chead pleanála, in éineacht le táille de €20). Caithfidh an tÚdarás Pleanála a chinntiú go ndéantar gach iarratas a dhoiciméadú agus go gcuireann siad síos ar an bhforbairt atá beartaithe, ionas go mbeidh tuiscint ag gach páirtí ar thionchar na moltaí.

AN DTÓGFAIDH SÉ I BHFAD CEAD PLEANÁLA A FHÁIL?

Tá sé de dhualgas ar an Údarás Pleanála cinneadh a dhéanamh ar iarratas bailí pleanála laistigh de 8 seachtaine den iarratas a fháil. Más rud nach mbíonn na doiciméid a fhaightear ar dtús i gceart caithfear sin a chur ó bhail. Nuair a bheidh cinneadh glactha ag an Údarás Pleanála beidh tréimhse 4 seachtaine leagtha amach ina dhiaidh sin ina mbeidh an t-iarratasóir nó tríú páirtí ábalta achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig An Bord Pleanála. Nuair nach ndéantar achomharc laistigh den tréimhse sin eiseoidh an tÚdarás Pleanála "cead" ar chead pleanála.

CÉARD Í AN STRAITÉIS TITHÍOCHTA?

Tá Straitéis Tithíochta curtha le chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe de réir Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, agus tá foráil curtha san áireamh leis go gcaithfear  suas le 20% de thalamh arna criosú le haghaidh tithíocht a chur ar fáil le haghaidh Tithíocht Shóisialta Inacmhainne.

Caithfear sonraí a chur san áireamh le hiarratas ag tabhairt le fios go bhfuil riachtanais an Achta seo á comhlíonadh. Más rud go bhfuil do thogra suite ar thalamh arna criosú le haghaidh tithíocht agus go bhfuil cheithre aonad tithíochta i gceist nó 0.1 heictéar talún beidh tú díolmhaithe, ach caithfidh Deimhniú Díolúine a bheith faighte nó iarratas a bheith déanta ar Dheimhniú Díolúine ón Údarás Pleanála roimh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála. Más rud go bhfuil níos mó na cheithre theach i gceist le do thogra nó go bhfuil sé suite ar níos mó ná 0.1 heictéar talún, caithfear sonraí i leith comhaontú a thabhairt le d'iarratas chun Tithíocht Shóisialta Inacmhainne a chur ar fáil. Ní leor an comhaontú seo a dhéanamh le Rannóg Tithíochta Comhairle Chontae na Gaillimhe.

ACHOMHAIRC CHUIG AN BORD PLEANÁLA

Más rud go mbíonn iarratasóir nó tríú páirtí atá bainteach le hiarratas pleanála mí-shásta le cinneadh an tÚdarás Pleanála is féidir achomharc a dhéanamh chuig An Bord Pleanála, bord achomhairc neamhspleách (ach amháin (a) nuair a dhéantar an chéad aighneacht nó nuair a thugtar nithe ar aird an údaráis phleanála, i ndáil leis an iarratas ar dtús nó (b) más rud go bhfuil baint ag duine le talamh tadhlach a bhfuil cinneadh glactha cead pleanála a thabhairt ina leith, ar féidir iarratas a dhéanamh chuig an Board ag déanamh achomhairc ar an gcinneadh). Ní mór go bhfaigheadh an Bord achomhairc laistigh de cheithre seachtaine ón dáta a dhéanann an tÚdarás Pleanála cinneadh agus sin a sheoladh chuig  An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1. Caithfear forais uile a bhfuil an t-achomharc á dhéanamh fúthú a thabhairt ag an dtréimhse tosaidh os rud nach nglacfar le haighneachtaí eile. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ón mBord Pleanála.

AG DÉANAMH IARRATAS BAILÍ AR CHEAD PLEANÁLA

Nuair atá tú ag déanamh iarratas bailí ar chead pleanála caithfidh tú cur síos a dhéanamh ar an bhforbairt atá beartaithe don Údarás Pleanála agus don phobal i gcoitinne. Féadtar sin a dhéanamh ach;


Lena chinntiú go bhfuil d’iarratas bailí ní leor na ceisteanna mionsonraithe atá sa bhfoirm iarratas a líonadh isteach go cruinn agus nuair a chuirtear isteach an t-eolas a theastaíonn beidh an tÚdarás Pleanála ábalta cinneadh a ghlacadh i leith an iarratas pleanála laistigh den íostréimhse atá ceadaithe.

FOIRM IARRATAIS A CHOMHLÍONADH

Baineann an t-eolas a leanas leis na sonraí a theastaíonn chun iarratas pleanála foirmiúil a dhéanamh.
LE DO THOIL, LÍON ISTEACH AN FHOIRM I GCEANNLITREACHA NÓ CLÓ.
1. Cineál cead
Tá sé riachtanach go dtabharfaí an cineál cead atá á lorg le fios.
2. Ainm, Seoladh agus Sonraí Teagmhála an Iarratasóra
Caithfear réamhainm agus sloinne an iarratasóra a thabhairt mar aon le seoladh buan. Níl seoladh f/ch sách maith.
3. Seoladh chuig a seolfar comhfhreagras agus fógraí
Seolfar gach comhfhreagras agus fógra chuig an seoladh seo, dá bhrí sin tá sé riachtanach ná sonraí cuí a thabhairt. Ní féidir an seoladh seo a athrú tar éis é a chur isteach ach amháin má dhéantar iarratas nua a chur isteach.
4. Cineál agus Méid na Forbartha
Cur síos soiléir i leith na forbartha atá beartaithe agus caithfidh an cur síos sin teacht leis an bhfógra poiblí (láithreáin agus nuachtáin). Caithfidh suíomh an láithreáin a bheith cruinn ag cur an baile fearainn nó an seoladh iomlán poist in iúl, m.sh. 10, An tSráid Mhór, Tuaim.
5. Más Cuideachta é an Iarratasóir
Caithfear ainmneacha na stiúrthóirí, seoladh agus uimhir chlárúcháin na Cuideachta a thabhairt.
6. Ainm agus Seoladh an Duine atá ag gníomhú thar ceann an Iarratasóra
Má fhostaítear gníomhaire, ba chóir ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an Ghníomhaire a chur in iúl.
7. Leas a bheith agat sa Talamh nó Struchtúr.
Ní leor leas dlíthiúil a bheith ag an iarratasóir sa láithreán, atá mar ábhar don chead pleanála. Más rud nach tú an úinéir, caithfidh tú cead a fháil ón úinéara chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála.
8. Ainm & Seoladh an Úinéara
Más rud nach tú úinéir an láithreáin, luaigh ainm & seoladh an úinéara
9. 
i. Achar Talún (de réir an heictéar)
Caithfidh sé seo a bheith cruinn os rud go bhféadfaidh sé béim a bheith aige ar an dtáille pleanála atá iníoctha
ii. Tug na nithe a leanas le fios, má bhaineann an t-iarratas le foirgneamh nó foirgnimh
a. Oll-Spás Urláir an fhoirgnimh nua atá beartaithe
b. Luaigh líon na n-áitreabh (más cuí) atá beartaithe
Caithfear an cheist seo a fhreagairt go cruinn os rud go bhféadfaidh sé béim a bheith aige ar an dtáille pleanála atá iníoctha.
iii. Le do thoil, más do athrú ábhartha ar úsáid nó coinneáil do athrú ábhartha ar úsáid an t-iarratas, déan cur síos ar an úsáid reatha agus an úsáid atá beartaithe.
10. An Straitéis Tithíochta a Chomhlíonadh (Tithíocht Shóisialta Inacmhainne)
Tug le fios má tá an togra díolmhaithe, agus má tá cur Deimhniú Díolúine leis an iarratas. Más rud nach bhfuil sé díolmhaithe, tug sonraí i leith an aontú a rinneadh roimh ré leis na Ranna Tithíochta agus Pleanála chun Tithíocht Shóisialta/Inacmhainne a chur ar fáil.
11. Comharliúchán roimh Iarratas a Dhéanamh
Luaigh dáta agus uimhir thagartha an chomhairliúcháin, más cuí
12. An bhfuil aon obair ar struchtúr atá faoi chosaint nó struchtúr atá beartaithe do bheith faoi chosaint nó obair laistigh de Limistéar Caomhantais Speisialta mar chuid den fhorbairt.
Ní ábhartha é seo i leith an cineál cead gur féidir leat iarratas a dhéanamh air, an t-eolas a chaithfear a chur ar fáil leis an iarratas agus an t-ábhar don bhfógra nuachtáin agus láithreáin.
13. An bhfuil Ceadúnas um Rialú Comhtháite ar Thruailliú nó Cead Dramhaíola ón bhforbairt
Ní ábhartha é seo i leith an cineál cead gur féidir leat iarratas a dhéanamh air, an t-eolas a chaithfear a chur ar fáil leis an iarratas agus an t-ábhar don bhfógra nuachtáin agus láithreáin. 
14. An bhfuil Ráiteas Tionchar Timpeallachta ón bhForbairt
Baineann sé seo le forbairtí a mbeadh tionchar ollmhór acu ar an dtimpeallacht.
15. An mbeidh an fhorbairt atá beartaithe nasctha do phríomhphíobán uisce poiblí, grúpscéim soláthar uisce nó do sholáthar uisce príobháideach.
Caithfidh tú foinse an soláthar uisce a thabhairt le fios. Más rud gur ó Ghrúpscéim Uisce a gheofar an soláthar, beidh ort ceadú i scríbhinn a fháil ó Iontaobhaithe an Ghrúpscéim a léiríonn go bhfuil tú ag glacadh le nasc ón nGrúpa agus sin a chur le do iarratas. Caithfidh ainm an iarratasóra a bheith ainmnithe go cruinn leis an gcead seo. Má tá sé beartaithe tobar nó fuarán a úsáid mar fhoinse don soláthar uisce, caithfear sin a léiriú ar mhapa an láithreáin agus ba chóir comhaontú ceada slí, más gá, a chur san áireamh leis an iarratas. Moltar cáilíocht agus méid an uisce a thástáil. Is iondúil go mbíonn 200 gallún uisce ar a laghad ag teastáil ó ghnáth teach cónaithe. Ba chóir Tuairisc ar Cháilíocht an Uisce bunaithe ar scrúdú baictéareolaíoch/ceimiceach a chur leis an iarratas. Go ginearálta, ba chóir go mbeadh tobair tógtha de réir na caighdeáin atá leagtha amach ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann.
16. An mbeidh an fhorbairt atá beartaithe nasctha le (a) séarach poiblí nó (b) córas coireála príobháideach.
Caithfear sonraí i leith diúscairt camrais a luaigh.
17. 
i. An athsholáthar tigh faoi bhun caighdeáin é an fhorbairt atá beartaithe.
ii. An teach feirme nua é an fhorbairt atá beartaithe ar do fheirm.
iii. An teach clainne breise é an fhorbairt atá beartaithe ar an bhfeirm teaghlaigh.
Tá srianta forbartha faoi leith ag baint le limistéir sainithe taithneamhachta agus príomhbhealaí tráchta laistigh den Chontae. Ionas gur féidir leis an Údarás Pleanála cinneadh a dhéanamh ar iarratas pleanála d’fhorbairt sna limistéir seo, caithfidh an iarratasóir bunús a thabhairt lena (h)éileamh don fhorbairt atá beartaithe agus sa chás seo tá an critéir leagtha amach sa bPlean Forbartha Contae.
18. Fógra Nuachtáin
Luaigh ainm agus dáta foilsithe an nuachtán inar fógraíodh an fógra. Ní ghlactar ach le nuachtáin faoi leith agus athraíonn siad seo ó am go chéile. Le do thoil, tagair do shuíomh idirlín Chomhairle Contae na Gaillimhe, www.galway.ie  chun liosta reatha a fháil nó is féidir liosta reatha a fháil ón Rannóg Pleanála.
19. Fógra Láithreáin
Luaigh an dáta ar cuireadh suas an Fógra Láithreáin ar an láithreán.
20. Táille. Le do thoil, luaigh méid an táille atá iniata agus an modh a úsáideadh chun sin a ríomh
21. Fógraí Reachtúla
Tug sonraí i leith aon fhógra reachtúil, más cuí.
22. Síniú an Iarratasóra
Ní fhéadfaidh ach an iarratasóir nó gníomhaire atá údaraithe ag an iarratasóir ainm a chur leis an bhfoirm iarratais.

DOICIMÉID A THEASTAÍONN

Mar aon leis an bhfoirm iarratais pleanála, caithfear na doiciméid a leanas a chur isteach le do iarratas.

1. TÁILLE:

Caithfear táille a íoc le gach iarratas pleanála, ach amháin má dhéanann na Rialacháin Pleanála foráil go sonrach do dhíolúine. Tugann sceideal na dtáillí briseadh síos ar muirir do thrí chineál fhorbairt déag atá leagtha amach anseo

2. FÓGRA POIBLÍ

Is riachtanas de na Rialacháin Pleanála é cóip den fógra láithreáin agus an leathanach a bhaineann leis an bhfógra nuachtáin ceadaithe a chur isteach le gach iarratas pleanála (i bhfeidhm, chun dlús a chur leis an dtréimhse cinnteoireachta, bíonn trí chóip ag teastáil). Caithfear an fógra láithreáin a chur suas ar an láithreán ar feadh chúig seachtaine ón dáta a fhaightear an t-iarratas pleanála. Más rud nach féidir é a léamh nó má dhéantar é a bhaint as caithfear ceann eile a chur ina áit gan mhoill os rud gur féidir moill a chur ar an iarratas pleanála a phróiseáil má theiptear sin a dhéanamh. Má dhéantar iarratas ina dhiaidh sin laistigh de shé mhí ar an láithreán céanna nó ar chuid dhe, caithfidh an fógra láithreáin a bheith ar chúlra buí.

3. LÉARSCÁIL DE SHUÍOMH AN LÁITHREÁIN

Caithfidh tú sé chóip de léarscáil shuíomh an láithreáin ar scála nach lú ná 1:1000 i limistéir faoi fhoirgnimh agus 1:2500 i ngach limistéar eile a chur ar fáil, agus iad a bheith marcáilte nó daite ionas gur féidir an talamh nó struchtúr agus na teorannacha orthu lena mbaineann an t-iarratas a aithint (láithreán a imlíniú le dath dearg, gabháltas iomlán a imlíniú le dath gorm). Ba cheart go mbeadh léarscáil de shuíomh an láithreáin ar Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis agus uimhir an léarscáil a bheith tugtha le fios go soiléir air, mar aon leis an aird ó thuaidh.

4. PLEAN DE LEAGAN AMACH AN LÁITHREÁIN

Caithfidh tú sé chóip den phlean do leagan amach an láithreáin a chur ar fáil, ar scála nach lú ná 1:500. Ba chóir dath a úsáid chun teorann an láithreáin a mharcáil go soiléir agus ba chóir go dtaispeánfaidh an plean na foirgnimh, teorannacha, dabhacha seipteacha agus limistéir síothlaithe, tobair thollta agus gnéithe eile i gcóngar den talamh nó struchtúr lena mbaineann an t-iarratas. Sa chás seo ba chóir na gnéithe ar fad atá laistigh de 100m den fhorbairt atá beartaithe a léiriú. Ba chóir suíomh an fógra láithreáin a léiriú chomh maith.

5. PLEANANNA/LÍONAÍOCHTAÍ EILE

A. Ach amháin i gcás Cead Imlíneach, caithfear sé chóip de líonaíochtaí struchtúrach mhionsonraithe pleananna urláir, ingearchlónna agus trasghearrthacha agus aon sonraí eile a bhfuil gá leo chun cur síos a dhéanamh ar na hoibreacha nó an struchtúr lena mbaineann an t-iarratas a chur isteach chomh maith. Caithfear na líonaíochtaí seo a chur ar fáil ar scála nach lú ná 1:200.
B. Léireoidh líníochtaí ingearchlónna struchtúr atá beartaithe príomhghnéithe aon fhoirgneamh arna bhféadfadh a bheith tadhlach don struchtúr beartaithe más rud go ndéanfaí é a thógáil.
C. Déanfar dath a úsáid nó marcáil a dhéanamh ar phleananna lena n-áirítear, atógáil, athrú nó síneadh struchtúr ionas gur féidir an struchtúr atá ann cheana féin agus na hoibreacha atá beartaithe a aithint thar a chéile.
D. Léireoidh pleananna agus líníochtaí pleananna urláir, ingearchlónna agus trasghearrthacha príomhthoisí (lena n-áirítear an airde fhoriomlán) aon struchtúr atá beartaithe agus an fad idir an cineál sin struchtúr agus teorannacha an láithreáin i bhfigiúirí.

6. PLEANANNA GO GINEARÁLTA

Caithfear bun-bhileoga na suirbhéireachta ordanáis a chur isteach (ach amháin más rud gur eisigh Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis cead don ghníomhaire).
A. Caithfidh mapa nó plean atá bunaithe ar mapa na Suirbhéireachta Ordanáis uimhir an bhileog suirbhéireachta ordanáis a léiriú.
B. Caithfear an aird ó thuaidh a léiriú ar gach mapa agus plean, ach amháin líníochtaí pleananna úrláir, ingearchlónna agus trasghearrthacha.
C. Caithfidh ainm agus seoladh iomlán an t’é a d’ullmhaigh iad a bheith ar na pleananna agus líníochtaí ar fad.
D. Léireoidh pleananna agus líníochtaí pleananna urláir, ingearchlónna agus trasghearrthacha príomhthoisí (lena n-áirítear an airde fhoriomlán) aon struchtúr atá beartaithe agus an fad idir an cineál sin struchtúr agus teorannacha an láithreáin i bhfigiúirí.

7. EISILTEACHT TEAGHLAIGH/DIÚSCAIRT DRAMHAÍOLA

Más trí dabhach seipteach a dhéantar eisilteacht a dhiúscairt, caithfidh iarrthóirí Tuairisc an GCC ar thréithe láthair Coireála Fuíolluisce comhlánaithe a chur isteach (Doiciméad Acrobat). Caithfidh an doiciméad a bheith deimhnithe ag gníomhaire teicniúil inniúil. Nuair atá moladh déanta chun bealaí eile a úsáid maidir le diúscairt, caithfear sonraí iomlán, mionsonraithe a chur isteach leis an iarratas pleanála.

8. LIMISTÉIR TAITNEAMHACHTA

Tá limistéir laistigh den chontae ainmnithe mar limistéir arna bhfuil tréithe taitneamhachta ag baint leo. Tá srianta pleanála curtha i bhfeidhm ag an gComhairle Contae chun limistéir den chineál seo a chaomhnú. Tá na cineálacha srianta agus na limistéir lena mbaineann siad leagtha amach sa bPlean Forbartha Contae agus tá sé molta dul i gcomhairle leis an bplean roimh iarratas pleanála a chur isteach.

9. DEARADH TÍ

Nuair a bheifear ag déanamh breithniú ar dhearadh tí agus suíomh do theach cónaithe ba chóir a chinntiú go mbeidh sé ag réiteach leis agus taobhaitheach leis an tírdhreach agus tithe eile an cheantair. Baineann sé seo go mór mór leis an gcineál díon, fuinneog, bríce agus póirse srl. a bheidh á úsáid. Moltar dearadh traidisiúnta a úsáid agus dul i gcomhairle le ailtire gairmiúil maidir leis seo.


10. UISCE DROMCHLA A RITHEANN CHUN SRUTHA

Ba chóir do phleananna moltaí a léiriú maidir le bailiú agus diúscairt uisce dromchla a ritheann chun srutha ón láithreán mar aon le cainéil, colbhaí nó greillí a sholáthar d’uisce dromchla a ritheann chun srutha ón bhforbairt atá beartaithe. I gcás mór-fhorbairtí, ba cheart meastacháin ar rith stoirme agus measúnú ar chumas glactha an draein ar thógáil an rith sin a chur isteach.

11. IARRATAIS Ó CHUIDEACHTAÍ

Más rud go ndéanann Cuideachta iarratas, caithfear ainmneacha Stiúrthóirí na Cuideachta, seoladh agus uimhir chláraithe na Cuideachta a thabhairt.

12. PÁIRCEÁIL

I gcás forbairtí tráchtála, siopaí srl. ba chóir sonraí maidir le háiseanna páirceála a léiriú ar phlean leagan amach an láithreáin.

13. FORBAIRT FEIRME

I gcás tograí a bhaineann le tógáil nó athrú úsáide foirgnimh do thithíocht ainmhithe nó chun cairn sadhlais nó clóis beathaithe a thógáil, ba chóir an t-eolas a leanas a chur isteach.

NÓTA TÁBHACHTACH:

Ba cheart tabhairt le fios go ndéantar gach doiciméad a chuirtear isteach le hiarratas bailí pleanála a choinneál i gcomhad.

RIACHTANAIS LÁITHREÁIN DO CHEANTAIR TUAITHE

Beidh na caighdeáin a leanas atá le fáil sa bPlean Forbartha Contae bainteach le gach láithreán tuaithe.

CAIGHDEÁN R.F. 3: ACHAIR A THEASTAÍONN Ó LÁITHREÁIN DO ROCHTAIN CHUIG BÓITHRE NÁISIÚNTA AGUS RÉIGIÚNACHA.

Beidh gach pointe nua rochtana faoi réir ag riachtanais Rochtain do Fheithiclí ar Chaighdeáin Uilefhóinteach na mBóithre Náisiúnta TD 41/95. Tá achoimre déanta ar chuid de na príomhfhaid thíos. CUIR ISTEACH AN TÁBLA ANSEO Ó LEATHANACH 75 PFC CUIR ISTEACH AN LÉARÁID ANSEO Ó LEATHANACH 7

TÁBLA 11.1: Y -FAD (M) AGUS FAD AMHAIRC AR AGHAIDH DE RÉIR AN MÉADAR

CAIGHDEÁN R.F. 4: FAD AMHAIRC A THEASTAÍONN DO ROCHTAIN AR BHÓITHRE ÁITIÚIL.

Déanfar cinneadh i leith spréite léargais do bhóithre áitiúil ar bhonn atá sainiúil don láithreán atá faoi réir ag sábháilteacht tráchta.

CAIGHDEÁN R.F. 6: CUASACHA PÁIRCEÁLA.

Nuair go mbíonn ar fhorbairtí cónaithe cuas páirceála a sholáthar i dtadhall le hathailíniú balla teorann atá beartaithe, beidh ón gComhairle go mbeidh an cuas páirceála ar a laghad 15 x 3 méadar ach is féidir sin a mhaolú más rud nach gcuireann méid agus toisí an láithreán bac ar an gcuas agus gur féidir dóthain páirceáil a sholáthar ar an láthair le rochtain sábháilte.

CAIGHDEÁN R.F. 8: CAIGHDEÁIN RIALAITHE FOIRGNIMH DO DHRAENÁIL DROMCHLA.

Is féidir draenáil ó dhromchlaí pábháilte, tar éis cóireáil chuí, a scaoileadh isteach i sruthchúrsaí a bhfuil fáil orthu i limistéir ar an láithreáin ina bhfuil dóthain sú.

Déanfar draenáil atá cois bóthair cheana féin do thithe tuaithe a chothabháil tré píopa draenála a bheidh sách mór a úsáid. Ní cheadófar uisce dromchla a scaoileadh amach ar bhóthar poiblí ón bhforbairt beartaithe in aon chás.

CAIGHDEÁN R.F. 12: AN FHORBAIRT A CHOMHSHAMHLÚ SA TÍRDHREACH.

Ba cheart do gach fhoirgneamh atá ceadaithe láithreacha atá ardaithe go háitiúil a sheachaint agus iad a bheith suite ar mheánfhánaí nó ar fhánaí níos ísle ar thalamh éiritheach. Ba chóir don fhorbairt gach iarracht a dhéanamh gréasáin páirceanna traidisiúnta agus fálta agus coillearnacha fásta a chaomhnú.

Tabharfaidh aon fhorbairt tithíochta atá ceadaithe aird ar na Treoirlínte do Thithíocht Tuaithe Aonair.

CAIGHDEÁN R.F. 15: MÉID AN LÁITHREÁN DO THITHE AONAIR A ÚSÁIDEANN CÓRAIS AONAIR COIREÁLA FUÍOLLUISCE AR AN LÁITHREÁN.

Beidh íosmhéid láithreán de 2000 m2 [1/2 acra] ag teastáil do theach aonair chun dóthain cóireáil eisiltigh, páirceáil, tírdhreachú, spás oscailte agus cothabháil ar thaitneamhachtaí tuaithe a chaomhnú. I gcás tithe atá níos mó ná 200 m2 déanfar 10 m2 do gach m2 achar tí atá os cionn 200 m2 a chur le méid an láithreán. Ní bhainfidh riachtanais do mhéid láithreáin tithe atá níos mó ná 200m2 le tithe atá tógtha cheana féin. Nuair a bheidh sé beartaithe foirgnimh in anchaoi nó leathfhothrach a fhorbairt déanfar na riachtanais seo a mhaolú faoi réir caighdeáin chomhshaoil agus thráchta cuí a bhaint amach.

CAIGHDEÁN R.F. 16: CAIGHDEÁIN SAORÁIDÍ CÓIREÁLA EISILTIGH.

Déanfar cinneadh i leith oiriúnacht an láithreán do chóireáil eisilteach tí, bunaithe ar agus de réir an critéir atá leagtha amach i Lámhleabhair Cóireála Fuíolluisce an G.C.C. nó in aon leagan den lámhleabhar nó aon leagan atá curtha in ionad an lámhleabhar. Beidh dabhach seipteach nó ionad cóireála ag gach teach cónaithe agus ní bhainfidh aon teach eile leas as an áis seo ach amháin faoi choinníollacha faoi leith. I gcás scéimeanna tithíochta chnuasach ceadófar ionaid cóireála fuíolluisce fad go bhfuil siad tógtha agus deartha de réir Lámhleabhair Cóireála an GCC.

Beidh feidhm ag "Lámhleabhair Cóireála Fuíolluisce an GCC – Córais Chóireála do Thithe Aonair " i gcás tithe aonair. Beidh feidhm ag "Lámhleabhair Cóireála Fuíolluisce an GCC – Córais Chóireála do phobail bheaga, gnó, ionaid fóillíochta agus Óstáin " le forbairtí níos mó.

Beidh deimhniú ag teastáil gur baineadh sloda as na dabhcha seipteacha de réir Treoirlínte an GCC.  

AN SCÁLA TÁILLÍ D’IARRATAIS PHLEANÁLA

AICME NA FORBARTHA
MÉID AN TÁILLE TÁILLE DO CHEAD COINNEÁLA
1 Teach a sholáthar € 65 € 1.95 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear ag lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó
2 (a) Aon oibreacha a dhéanfar chun teaghais atá ann cheana féin a chothabháil, a fheabhsú nó a athrú (lena n-áirítear aon oibreacha chun síneadh a sholáthar nó chun aon gharáiste, stór, seid nó aon struchtúr eile a athrú le bheith in úsáid mar chuid den teagmhais). € 34 € 102 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear a lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó
2 (b) Aon oibreacha eile, lena n-áirítear struchtúir a chur suas, a thógáil nó a athrú, laistigh de nó ar theorainn chúirtealáiste tí atá ann cheana, chun críocha coimhdeacha don teach a theachtadh. € 34 € 102 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear a lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó
3 Foirgnimh nó struchtúir eile a sholáthar chun críocha talmhaíochta nó cúnna a choinneáil (i) I gcás foirgneamh, € 80 an ceann, nó € 1 an méadar cearnach de spás urláir comhlán níos mó ná 50 méadar cearnach, a bheidh le soláthar, i gcás foirgnimh le haghaidh cúnna a choinneáil nó níos mó ná 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó, (i) I gcás foirgneamh, € 240 an ceann, nó  € 3 an méadar cearnach de spás urláir comhlán , níos ná 50 méadar cearnach, a bheidh le soláthar, i gcás foirgnimh le haghaidh cúnna a choinneáil nó 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó,
(ii) I gcás aon struchtúir eile, € 80 an ceann, agus faoi réir uasmhéid de € 300 (ii) i gcás aon struchtúir eile, € 240 an ceann, faoi réir uasmhéid de €900
4 Foirgnimh seachas cinn laistigh d'aicmí 1,2, nó 3, a sholáthar. € 80 an foirgneamh, nó € 3.60 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bheidh le soláthar; cibé acu is mó € 240 an foirgneamh nó  € 10.80 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bheidh le soláthar, cibé acu is mó.
5 (a) Talamh neamhshaothraithe nó ceantair leathnádúrtha a úsáid do chríocha diantalmhaíochta. € 5 an heicteár d'achar an láithreáin € 15 an heicteár d'achar an láithreáin
(b) An foraoisiú tosaigh. € 5 an heicteár d'achar an láithreáin € 15 an heicteár d'achar an láithreáin
(c) Buaircínigh a chur in ionad foraois ard-leathanduilleach. € 80, nó €5 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 240, nó € 15 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.
(d) Baint mhóna. € 5 an heicteár d'achar an láithreáin € 15 an heicteár d'achar an láithreáin
6
(a) mianraí a aimsiú agus obair mhianadóireachta € 500, nó €50 an  0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 1500 nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.
(b) mianraí a aimsiú agus obair mhianadóireachta
7 Talamh in úsáid le haghaidh
(a) Pubaill, veaineanna campála, carbháin nó struchtúir eile (cibé an féidir iad a bhogadh nó nach féidir nó an mbíonn siad infhillte) do chríocha daoine a bheith ag fanacht ann i gcarbháin, daoine a bheith ag campáil nó do chríocha earraí a dhíol € 80 , nó € 50 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 240, nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.
(b) mótarfheithiclí a pháirceáil
(c) mótarfheithiclí nó rudaí nó substaintí eile a stóráil go hoscailte
8 Fearas nó innealra, umair nó struchtúir eile (seachas foirgnimh) do chríocha stórála a sholáthar ar thalamh, isteach thar talamh nó faoi thalamh. € 200, nó €50 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 600, nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.
9 Struchtúr fógraíochta a sholáthar nó struchtúr atá ann cheana nó talamh eile a úsáid le haghaidh fógraí a thaispeáint. € 80, nó €20 an méadar cearnach, nó cuid de, de spás fógraíochta a bheidh le soláthar, cibé acu is mó. € 240 nó € 60 an méadar cearnach, nó cuid de, de spás fógraíochta a bheidh le soláthar, cibé acu is mó.
10 Línte tarchuir nó línte dáilte lasnairde chun leictreachas a sheoladh, nó línte teileachumarsáide lasnairde a sholáthar € 80, nó €50 an 1,000 méadar ar fad, nó cuid de, cibé acu is mó. € 240, nó € 150 an 1,000 méadar ar fad, nó cuid de, cibé acu is mó.
11 Talamh in úsáid mar chúrsa gailf nó mar chúrsa galf dhá mhaide € 50 an heicteár d'achar an láithreáin. € 150 an heicteár d'achar an láithreáin.
12 Talamh in úsáid mar áit adhlactha € 200 , nó €50 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 600, nó € 150 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.
13 Nuair nach dtiteann an fhorbairt laistigh de na haicmí roimhe seo € 80, nó € 10 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. € 240, nó € 30 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó.


TÁILLÍ ILGHNÉITHEACHA
a Aighneacht nó Tuairim maidir le hiarratas pleanála € 20
b Iarratas ar dhearbhú faoi alt 5 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000, maidir le cad is forbairt ann agus cad nach ea, nó cad is forbairt díolmhaithe ann nó nach ea. € 80
c Iarratas faoi alt 42 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000, ar shíneadh a chur le thréimhse ceada. € 62