Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

AG TÓGÁIL TÍ – CEISTEANNA PLEANÁLA

Leagtar amach sa leathanach seo na príomhcheisteanna pleanála ar cheart a chur san áireamh nuair atáthar ag tógáil tí nua. Is treoir phraiticiúil atá i gceist sa leathanach seo. Ní léirmhíniú deifnídeach dlíthiúil den dlí pleanála é. Féadfar dul i gcomhairle le d’údarás pleanála áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

1. An dteastaíonn cead pleanála uaim?
2. An bhfuil cineálacha difriúil cead ann?
3. Cá bhfaighidh mé cead pleanála?
4. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas pleanála?
5. Cé mhéad a chosnóidh sé?
6. An dteastaíonn uaim dul i gcomhairle leis an údarás pleanála roimh ré?
7. Cá bhféadfaidh mé fáil amach faoi bheartais phleanála áitiúla?
8. Céard faoi má theastaíonn dabhach seipteach uaim?
9. Ar cheart dom dul i gcomhairle le haon duine no comhlacht eile?
10. An féidir liom láithreán a ghlanadh nó sean-fhoirgnimh a scartáil sula ndeonaítear cead pleanála?
11. An dteastaíonn aon chineál cead eile uaim? 

1. AN DTEASTAÍONN CEAD PLEANÁLA UAIM?

Teastaíonn. Teastaíonn cead pleanála chun teach a thógáil.

2. AN BHFUIL CINEÁLACHA DIFRIÚLA CEAD ANN ?

Tá. Tá trí chineál cead pleanála ann. Is féidir iarratas a dhéanamh ar:

Is cead an cineál iarratas is coitianta a dhéantar, déantar tagairt dó mar chead iomlán go minic. Tá cúinsí ann agus d’féadfadh sé gur iarratas ar chead imlíneach a bheadh tú ag iarraidh cur isteach air. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh tú ag iarraidh fios a bheith agat an aontaíonn an údarás pleanála le do thogra i bprionsabal sula gcuirfidh tú an trioblóid ort féin pleananna sonraithe a dhéanamh amach. Má fhaigheann tú cead, áfach, beidh ort sonraí agus líníocht chruinn de do thograí a chur isteach agus "cead tar éis deonú do chead imlíneach" a fháil sula dtosaítear ar an obair.

3. CÁ BHFAIGHIDH MÉ CEAD PLEANÁLA?

Ón údarás pleanála le haghaidh do cheantar i.e. do Chomhairle Contae áitiúil, Contaebhuirg nó Bardas Buirge nó Comhairle Ceantair Uirbigh.

4. CÉN CHAOI A NDÉANFAIDH MÉ IARRATAS PLEANÁLA?

Tá foirmeacha agus eolas ar fáil ón údarás pleanála. Le haghaidh tuilleadh eolais feic Ag Déanamh Iarratas Pleanála agus Treoir Chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh.

5. CÉ MHÉAD A CHOSNÓIDH SÉ SEO?

Ioctar táille le hiarratais do chead pleanála. Is é an táille atá ann faoi láthair chun iarratas a dhéanamh teach a thógáil ná €65. Anuas ar an táille, d’fhéadfadh ranníocaíocht forbartha a bheith ag teastáil ón údarás pleanála le cur in aghaidh costas bhonneagair (m.sh. bóithre, soláthar uisce, séarachas) a bheadh riachtanach chun seirbhís a sholáthar do do theach. Dhéanfaí é seo a chur san áireamh mar choinníoll sa chead pleanála.

6. AN DTEASTAÍONN UAIM DUL I GCOMHAIRLE LEIS AN ÚDARÁS PLEANÁLA ROIMH RÉ?

Níl aon ghá duit dul i gcomhairle leis an údarás pleanála sula ndéanfaidh tú iarratas pleanála, ach moltar duit comhairle a fháil nuair nach bhfuil tú cinnte d’aon ghné a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar chead, do chuid dualgaisí, beartais phleanála áitiúla don cheantar, pleananna bóithre sa todhchaí a chuirfeadh isteach ar an láithreán agus araile. B’fhéidir go mbeadh ort ceangal leis an soláthar uisce poiblí, seirbhísí sláintíochta agus araile, a phlé.

7. CÁ BHFÉADFAIDH MÉ FÁIL AMACH FAOI BHEARTAIS PHLEANÁLA ÁITIÚLA?

Tá beartais agus cuspóirí an údaráis phleanála leagtha amach sa phlean forbartha áitiúil. Bíonn beartais agus aidhmeanna do rialú agus do chur chun cinn tógáil tithe, láithreacha barr fábhair do thithíocht, treoirlínte chuimsitheacha ar chaighdeáin dearadh agus araile le fáil sa phlean nó sonraithe ag an bplean. Is féidir leat féachaint ar an bplean ag aon am le linn uaireanta oifige ag oifigí an údarais phleanála nó ag leabharlanna áitiúla.

8. CÉARD FAOI MÁ THEASTAÍONN DABHACH SEIPTEACH UAIM?

Mura bhfuil aon scéim séarachas poiblí i ngar duit chun fáil réidh le dramhaíl tí go sábháilte, téastóidh córas mar dabhach seipteach agus talamh síothlúcháin uait. Caithfidh do láithreán a bheith sách mór chun freastal ar seo agus ní bhíonn gach láithreán ná cineál ithreach oiriúnach. Ar ithreacha troma, bíonn guais sláinte poiblí, núis agus truailliú sruthchúrsaí mar thoradh ar lochanna eisiltigh. Ar ithreacha éadroma nó ar charraig scoilteánach, d’fhéadfadh eisilteach síothlú chuig an screamhuisce róscioptha as a dtruailleofaí toibreacha agus soláthairtí óil screamhuisce. I gceachtar de na cásanna seo, b'fhéidir go mbeadh eisilteach ó dabhach seipteach ag cur uisce ar fáil a bhfuil an chuma air go bhfuil sé glé glan agus a bhfuil blas deas air agus é a bheith neamhoiriúnach do thomhaltas ag daoine. Tá caighdéain theicniúla do dhabhcha seipteacha agus córais shíothlaithe i dtreoirlínte an GCC atá ar fáil ó Bhosca Poist 300 Eastáit Chaisleáin Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, Uimh. Theil. 050360600; Ríomhphost: info@epa.iewww.epa.ie.

Feic freisin Tuairisc an GCC ar thréithe láthair Coireála Fuíolluisce (doiciméad Acrobat).

Ag brath ar oiriúnacht do láithreán, b’fhéidir go mbeadh ort torthaí an phoill tástála agus trialacha síothlaithe a chur faoi bhráid in éineacht le d’iarratas pleanála agus é i gcomhréir le Tuairisc an GCC ar thréithe láthair Coireála Fuíolluisce. B’fhéidir go dteastóidh ón údarás pleanála go mbeadh siad sin deimhnithe go neamhspleách, nó duine a ainmniú chun iad a dhéanamh. Ba chóir duit a gcuid riachtanas a sheiceáil sula gcuirfidh tú an t-iarratas isteach.

9. AR CHEART DOM DUL I GCOMHAIRLE LE HAON DUINE NÓ LE HAON CHOMHLACHT EILE?

Is é do leas dul i dteagmháil leis an BSL chun fáil amach an bhféadfaí do láithreán molta a sholáthar le leictreachas, agus cén chostas a bheadh air. B'fhéidir nár leor go bhfuil do láithreán gar do línte leictreachais atá ann cheana féin chun é a roghnú. D’fhéadfadh riachtanais sábháilteachta agus teicniúla eile cur isteach ar indéantachta do láithreán. Ar an ábhar seo, moltar duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil BSL mar gheall ar aon líne lasnairde atá i ngar de do láithreán nó a théann trasna do láithreán. Caithfidh tú é sin a dhéanamh áit a bhfuil aon líne lasnairde i bhfoisceacht 23 méadar de na hoibreacha tógála. B’fhéidir gurb é do leas teagmháil a dhéanamh le do chuid comharsana nua chomh maith, chun do chuid pleananna a chur in iúl dóibh, b’fhéidir go bhféadfaí aon imní a bheadh acu a  mhaolú trí do thogra a mhionathrú. D'fhéadfadh sé seo cuidiú le haighneachtaí in aghaidh d'iarratas nó d’achomharc a dhéanfaí a thaisceadh ag stáid níos déanaí a sheachaint.

10. AN FÉIDIR LIOM LAITHREÁN A GHLANADH NÓ SEAN-FHOIRGNIMH A SCARTÁIL SULA NDEONAÍTEAR CEAD PLEANÁLA?

Ní bhíonn cead pleanála ag teastáil do bhunghlanadh láithreán de ghnáth. Ach teastaíonn cead áfach nuair atáthar ag déanamh rochtana nó ag leathnú rochtana chuig bóthar poiblí, ag scartáil struchtúir arbh teach cónaithe an úsaid dheiridh a bhí aige, ag scartáil foirgneamh atá i sraith nó teach atá i bhfastú d'fhoirgneamh eile a bhfuil úinéireacht ar leith aige, agus oibreacha eile, teastóidh cead go heisiatach nó leis an cead pleanála don teach. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go ndeonófar cead, is cuma cé chomh gnách is a shíleann tú an t-iarratas a bheith. B’fhéidir gur obair amú a bheadh in aon obair a dhéanfaí, fiú nuair nach bhfuil cead ag teastáil, más rud é go ndéanfaí é sula dtógfaí cinneadh ar iarratas.

11. AN DTEASTAÍONN AON CHINEÁL CEAD EILE UAIM?

Caithfidh gach foirgneamh nua cloí leis na rialacháin foirgníochta, ina leagtar amach iontu riachtanais bhunúsacha do dhearadh agus do thógáil. Is féidir sonraí faoi na rialacháin agus an gá atá ann fógra a thabhairt don údarás rialaithe foirgníochta (d’údarás áitiúil de ghnáth) go bhfuil sé i gceist agat oibreacha tógála a dhéanamh a mbeadh feidhm ag na rialacháin orthu, a fháil ó d’údarás áitiúil. Tá sonraí a mhíníonn riachtanais na rialachán tógála ar an leathanach Treoir Maidir Leis Na Rialacháin Foirgníochta. B’fhéidir go mbeadh cead ag teastáil uait má tá ceangal le déanamh le scéim uisce nó séarach poiblí nó a bhaineann le grúpa. Is féidir leat sonraí de na ceanglais reachtúla a chaithfear a chomhlíonadh roimhré a fháil.