Cosán an tSuímh...
PLEANÁIL DON DUINE GNÓ
Leagtar amach na príomhcheisteanna pleanála a mbeidh teagmháil ag an duine gnó leo sa leathanach seo. Beidh na leathanaigh, Treoir Chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh, Ag Déanamh Iarratas Pleanála agus Treoir Maidir Leis Na Rialacháin Foirgníochta úsáideach agat freisin.
Is treoir phraiticiúil atá i gceist sa leathanach seo. Ní léirmhíniú deifnídeach dlíthiúil den dlí pleanála é. Féadfar dul i gcomhairle le d’údarás pleanála áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.
1. An dteastaíonn cead pleanála uaim?
2. Céard é forbairt díolúine?
3. An bhféadfadh sé gur forbairt díolúine é athrú usáide?
4. Céard is athrú úsáide “ábhartha” ann?
5. An bhfuil cineálacha difriúla cead ann?
6. Cá bhfaighidh mé cead pleanála?
7. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas pleanála?
8. An féidir liom fógraíocht a dhéanamh gan cead pleanála?
9. An bhfuil aon teorann ar fhorbairt díolúine?
10. Cá bhfaighfidh mé tuilleadh eolais a fháil ar dhíolúintí?
11. Céard a tharlódh dá rachfaí thar na teorainneacha díolúine?
12. Ar chóir dom dul i gcomhairle leis an údarás pleanála sula ndéanfaidh mé forbairt díolúine?
13. Ar cheart dom dul i gcomhairle le haon chomhlacht eile?
14. An bhfuil feidhm ag Rialacháin Phleanála?
15. An bhfuil feidhm ag aon srianta eile orm?
1. AN DTEASTAÍONN CEAD PLEANÁLA UAIM?
Teastaíonn cead pleanála le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine, go ginearálta, ach amháin nuair atá díolúine sonrach ag an bhforbairt agus níl aon ghá le cead pleanála. Áirítear sa téarma, forbairt, oibreacha ar bith a dhéanfaí (i.e. tógáil, scartáil nó athrú) ar, istigh, os cionn nó faoi thalamh ar bith agus áirítear leis athrú úsáide ábhartha (i.e. suntasach) a dhéanfaí ar fhoirgnimh nó ar thalamh.
2. CÉARD É FORBAIRT DÍOLÚINE?
Is éard is forbairt díolúine ann ná forbairt nach dteastaíonn cead pleanála lena aghaidh. Leagtar amach catagóirí d’fhorbairtí a bhfuil díolúine ag baint leo sa dlí pleanála; tá breac-chuntas tugtha sa leathanach seo de dhíolúintí a bhaineann leis an limistéar tráchtála. Is iondúil go mbíonn tairseacha áirithe ag baint le, mar shampla, méid nó airde; má ghabhtar thar na tairseacha seo, ní bhaineann díolúine leo a thuilleadh. Is í an fheidhm atá le díolúine ná chun srianta a sheachaint ar fhorbairtí beaga, cosúil le hathruithe áirithe intí, fógraí beaga gnó, araile.
3. AN BHFÉADFADH SÉ GUR FORBAIRT DÍOLÚINE É ATHRÚ USÁIDE?
D’fhéadfadh. Tá 6 aicme úsáide sonraithe sna Rialacháin Phleanála agus Forbartha, 2001. Is forbairt díolúine í forbairt arb athrú úsáide laistigh d’aon cheann de na haicmí seo atá i gceist. Tá feidhm aige seo ar choinníoll nach dteastaíonn cead pleanála ó aon oibreacha a dhéanfaí le haghaidh an athrú úsáide agus nach sárófaí aon choinníoll a bhaineann le cead pleanála atá ann cheana féin. Chomh maith leis sin, ní theastaíonn cead pleanála nuair nach bhfuil an t-athrú úsáide “ábhartha”.
4. CÉARD IS ATHRÚ ÚSÁIDE “ÁBHARTHA” ANN?
Braitheann cúinsí gach cás ar céard is athrú úsáide ábhartha ann. Go ginearálta, teastóidh cead pleanála ó aon athrú substaintiúil a mbeadh tionchar nó go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar chomharsanaí nó ar an bpobal áitiúil. Samplaí is ea, aon áitreamh a athrú go caifé mearbhia beir leat, ag athrú stórais go húsáid tionsclaíoch. araile. Tá an t-údarás pleanála in ann comhairle a thabhairt, an measann siad go bhfuil aon athrú úsáide ar leith suntasach go leor go mbeadh sé “ábhartha" chun críocha pleanála. Feic Ce ist 11 thíos le haghaidh sonraí ar conas ar féidir leis An Bord Pleanála an cheist, an bhfuil díolúine ag forbairt nó nach bhfuil, a réiteach.
5. AN BHFUIL CINEÁLACHA DIFRIÚLA CEAD ANN ?
Tá. Tá trí chineál cead pleanála ann. Is féidir iarratas a dhéanamh ar:
- chead;
- chead imlíneach;
- chead tar éis deonú do chead imlíneach (Cead Comhshníoch).
Is cead an cineál iarratas is coitianta a dhéantar, uaireanta déantar tagairt dó mar chead iomlán. Ach bíonn cúinsí ann agus d’féadfadh sé gur iarratas ar chead imlíneach a bheadh tú ag iarraidh cur isteach air, má bhíonn tú, mar shampla, ag iarraidh fios a bheith agat an aontaíonn an t-údarás pleanála le do thogra i bprionsabal sula gcuirfidh tú an trioblóid ort féin pleananna sonraithe a dhéanamh amach. Má fhaigheann tú cead, áfach, beidh ort sonraí agus líníocht chruinn a chur isteach agus "cead tar éis deonú do chead imlíneach" a fháil sula dtosaítear ar an obair.
6. CÁ BHFAIGHIDH MÉ CEAD PLEANÁLA?
Ón údarás pleanála le haghaidh do cheantar i.e. do Chomhairle Condae áitiúil, Contaebhuirg nó Bardas Buirge nó Comhairle Ceantair Uirbigh.
7. CÉN CHAOI A NDÉANFAIDH MÉ IARRATAS PLEANÁLA?
Le haghaidh sonraí ar iarratas pleanála a dhéanamh feic an leathanach Treoir Chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh nó téigh i dteagmháil leis an údarás pleanála.
8. AN FÉIDIR LIOM FÓGRAÍOCHT A DHÉANAMH GAN CEAD PLEANÁLA?
Is forbairt díolúine iad fógraí agus comharthaí áirithe:
- fógraí ar taispeáint ar áitreamh gnó a dhéanann tagairt don ghnó, earraí nó seirbhísí a sholathraítear, ach tá teorann ag baint leo:
- ní bheidh fógraí saorseasaimh níos airde ná 2.5m ná níos mó ná 3 mhéadar cearnach san achar iomlán, agus ní bheidh níos mó ná 1.5 méadar cearnach den fhoriomlán soilsithe go hinmheánach,
- ní bheidh fógraí atá i bhfastú d’fhoirgnimh níos airde ná 4m. Féadfaidh achar na bhfógraí seo a bheith suas go 0.3 méadar cearnach in aghaidh an mhéadar éadanas, agus achar na bhfógraí saorseasaimh bainte as, agus faoi réir ag uasmhéid de 5 mhéadar cearnach
- ní rachaidh fógraí ar éadanas "taoibhe" thar 1.2 méadar cearnach ná 0.3 méadar cearnach má tá sé soilsithe go hinmheánach, ní bheidh aon litir ná lógó níos airde ná 0.3m,
- ní fhéadfaidh aon chomhartha eile a theilgeann dul thar 0.4 méadar cearnach go hindibhidiúil agus ní rachaidh a n-achar iomlán thar 1.2 méadar cearnach
- ní fhéadfaidh aon fhógra páirt d’fhuinneog a chlúdach,
- caithfidh gach fógra a théann amach os cionn an bhóthair nó an cosán a bheith ar a laghad 2m os cionn talún agus ní theilgfidh sé níos mó ná 1m os cionn an bhóthair ná an chosáin.
- taispeáint fuinneoige a shoilsítear go hinmheánach agus taispeántas 'laistigh den siopa’, ach ní fhéadfaidh na taispeáintí fuinneoige a bheith níos mó ná ¼ d'achar na fuinneoige.
- fógraí laistigh de struchtúr,
- ní bheidh níos mó ná fógra amháin (suas go 0.3m2) ag slí isteach chuig áitreamh a bhaineann le gnó, ceird nó gairm a dhéantar ann. Méadaíonn an teorainn mhéide go dtí 0.6m2 do thithe tábhairne, blocanna árasán, clubanna, tithe lóistín agus brúnna fad agus nach bhfuil an fógra soilsithe. Ceadaítear fógra amháin in aghaidh an tslí isteach, má tá slite isteach ar bhóithrí difriúla.
9. AN BHFUIL AON TEORANN AR FHORBAIRT DÍOLÚINE?
Cailleann gach cineál forbairt, a bhíonn díolúine ag baint leo de ghnáth, an stádas seo agus teastaíonn cead pleanála uathu má:
- sháraíonn siad coinníoll den chead pleanála (ba chóir duit an cead pleanála ar tógadh d'áitreamh leis nó ar ceadaíodh cead úsáide a sheiceáil i gcónaí);
- chuirtear sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar chontúirt tráchta nó má chuirtear bac ar radharc úsáideoirí bóithre;
- dhéantar tógáil chun tosaigh ar an líne tógála;
- tá baint aige le rochtain nua nó leathnaithe chuig bóthar poiblí;
- chuirtear as d'fhoirgneamh, gné, suíomh, araile atá liostaithe le caomhnú sa phlean forbartha nó sa dréachtphlean forbartha (seiceáil do phlean forbartha áitiúil);
- chosctar ceart slí poiblí;
- bhíonn aon oibreacha ar nó athruithe ar struchtúr neamhúdaraithe nó struchtúr a bhfuil úsáid neamhúdaraithe aige. (Ciallaíonn "neamhúdaraithe" gan buntáiste an chead pleanála ná stádas forbairt díolúine.)
10. CÁ BHFAIGHFIDH MÉ TUILLEADH EOLAIS A FHÁIL AR DHÍOLÚINTÍ?
Tá liosta iomlán na bhforbairt díolúine leagtha amach sna hAchtanna agus sna Rialacháin Phleanála. Is féidir leis an údarás pleanála, tar éis an táille atá leagtha síos a bheith íoctha, comhairle a thabhairt an gceapann siad go bhfuil cead pleanála riachtanach, nó nach bhfuil, i gcás ar leith. Mura n-aontaíonn tú leis an údarás pleanála go bhfuil cead pleanála ag teastáil, is féidir leat rialú foirmiúil a fháil trí “tagairt” a dhéanamh chuig An Bord Pleanála agus táille a íoc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil díreach ón mBord ag 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, Uimh. Theil (01) 8588100
11. CÉARD A THARLÓDH DÁ RACHFAÍ THAR NA TEORAINNEACHA DÍOLÚINE?
Caithfear na teorainneacha a chomhlíonadh agus tá cumhacht ag an údarás pleanála an fhorbairt a stopadh má sháraítear iad. Más rud é, go ndéantar earráid mar gheall ar dhearmad, ba chóir iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála ar chead chun an obair atá déanta a choinneáil. Tugtar cead “coinneála” ar seo go ginearálta. Ní leantar de go huathoibríoch go ndeonófar é seo. Tá táille na coinneála trí oiread an ghnáth-tháille agus b’fhéidir go mbeadh ort obair atá déanta a thógáil síos, a athrú nó a cheartú, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith costastach. Is fíneálacha arda agus príosúnacht atá mar thoradh ar sharú dlí pleanála. B’fhéidir, chomh maith, go mbeadh sé deacair réadmhaoin a dhíol nach gcloíann leis na riachtanais phleanála.
Má táthar ag ceannach réadmhaoine, seiceáil go gcloíann an foirgneamh é féin, aon mhéadú nó athrú nó an úsáid faoi láthair, leis na rialacháin tógála, nó dlitear gníomh forfheidhmiúcháin a chur ortsa, an t-úinéir nua.
12. AR CHÓIR DOM DUL I GCOMHAIRLE LEIS AN ÚDARÁS PLEANÁLA SULA NDÉANFAIDH MÉ FORBAIRT DÍOLÚINE?
Má tá tú sásta gur forbairt díolúine í d'fhorbairtse níl gá duit seiceáil leis an údarás pleanála faoi chead pleanála sula dtosaítear ar an obair. Má tá amhras ar bith ort, áfach, nó aon cheist agat faoi aon ghné pleanála, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála. Feic Ceist 14, chomh maith, i ndáil le Rialacháin Tógála.
13. AR CHEART DOM DUL I GCOMHAIRLE LE HAON CHOMHLACHT EILE?
Ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig BSL áitiúil má tá do chuid oibreacha molta gar do línte leictreachais atá ann cheana féin, má tá ceist faoi íosairde na línte cumhachta nó dá dtabharfaidh an obair thógála aon duine gar don soláthar leictreachais ag d'áitreamh. Caithfidh tú é sin a dhéanamh má tá aon line lasnairde i bhfoisceacht 25 slat de na hoibreacha tógála.
14. AN BHFUIL FEIDHM AG RIALACHÁIN PHLEANÁLA?
Go ginearálta, chomh maith le cead pleanála, teastaíonn teastas sábháilteachta dóiteáin ó fhorbairt tráchtála agus caithfidh sí a bheith de réir rialacháin tógála. Leagann na rialacháin seo amach na bunriachtanais deartha agus tógála agus tá feidhm acu ar gach foirgneamh nua agus tá feidhm ghinearálta acu ar mhéaduithe, athruithe agus athrú úsáide d’fhoirgnimh atá ann cheana féin. Is féidir sonraí de na rialacháin tógála, teastais sábháilteachta dóiteán agus na gnáthaimh ghaolmhara a fháil ar an leathanach Treoir Maidir Leis Na Rialacháin Foirgníochta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón údarás áitiúil.
B’fhéidir go mbeadh cineálacha eile faomhaidh ag teastáil uait m.sh. nuair atáthar ag déanamh ceangal le séarach. Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil i gcásanna mar seo.
15. AN BHFUIL FEIDHM AG AON SRIANTA EILE ORM?
I gcás gnóthais tionsclaíocha, go háirithe, nó má tá tú ag táirgeadh dramhaíl gnó (m.sh. tirimghlantóir), b’fhéidir go mbeadh ort ceadúnas eile a fháil chun dramhaíl a dhoirteadh chuig uisce nó chuig séarach faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990 nó chuig an atmasféar faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987. Le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe beidh ort an ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú a fháil ón Ghníomhaireacht um Chaomhmú Comhshaoil in áit ceadúnais indibhidiúla ón údarás áitiúil faoi na hAchtanna Truailliú Aeir agus Uisce; beidh feidhm aige seo, go háirithe, ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha ar mhórscála. Caithfidh an chuid is mó de ghnólachtaí a bhfuil baint acu le hullmhú bia a bheith cláraithe chomh maith lena mbord sláinte áitiúil agus cloí le ceanglais na Rialacháin Sláinteachas Bia; beidh an tOifigeach Sláinte Comhshaoil ó do bhord sláinte áitiúil ábalta sonraí a thabhairt dhuit.