Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

DÍOLÚINTÍ A BHAINEANN LE MÉADUITHE TITHE
RIALACHÁIN PHLEANÁLA AGUS FORBARTHA, 2001.

"FORBAIRT I GCÚIRTEALÁISTE AN TÍ".

AICME 1

Méadú tí, trí mhéadú a thógáil nó a thógáil in airde (lena n-áirítear grianán) i dtreo chúl an tí nó aon gharáiste, stór, seid nó structhúr eile comhchosúil atá i bhfastú de chúl nó de thaobh an tí a hathchóiriú le húsáid mar pháirt den teach.

COINNÍOLLACHA AGUS TEORAINNEACHA

  1. a. Áit nár méadaíodh an teach roimhe sin, ní rachaidh achar an urláir d’aon mhéadú den chineál sin thar 40m2.
    b. Faoi réir mhír (a), nuair is teach sraithe nó teach leathscoite é, ní rachaidh achar an urláir d’aon mhéadú os cionn leibhéal na talún thar 12m2.
    c. Faoi réir mhír (a), nuair is teach leathscoite atá ann ní rachaidh achar an urláir d’aon mhéadú os cionn leibhéal na talún thar 20m2.
  2. a. Áit ar méadaíodh an teach roimhe sin, ní rachaidh achar urláir d'aon mhéadú den chineál sin, agus é curtha san áireamh le hachar urláir d’aon mhéadú nó méaduithe a rinneadh roimhe sin, lena n-áirítear na méaduithe ar fuaireadh cead pleanála dóibh, thar 40m2.
    b. Faoi réir mhír (a), nuair is teach sraithe nó teach leathscoite é agus gur méadaíodh é roimhe sin, ní rachaidh achar urláir d’aon mhéadú os cionn leibhéal na talún, agus é tógtha san áireamh le hachar urláir d’aon mhéadú nó méaduithe os cionn leibhéal na talún, a rinneadh roimhe sin, lena n-áirítear na méaduithe ar fuaireadh cead pleanála dóibh, thar 12m2.
    c. Faoi réir mhír (a), áit a bhfuil an teach cónaithe scoite agus ar méadaíodh roimhe sin é, ní rachaidh achar an urláir d’aon mhéadú os cionn leibhéal na talún agus é tógtha san áireamh le hachar urláir d’aon mhéadú roimhe sin nó do mhéadú a rinneadh os cionn leibhéal na talún thar 20m2.
  3. Beidh aon mhéadú ag airde os cionn leibhéal na talún ag fad nach lú ná 2 mhéadar ó aon teorann a bhfuil úinéiracht ag beirt ar an teorainn.
  4. a. Áit nach bhfuil binn ar bhalla cúil an tí, ní rachaidh airde na mballaí d’aon mhéadú den chineál sin thar airde bhalla cúil an tí.
    b. Áit a bhfuil binn ar bhalla cúil an tí, ní rachaidh airde na mballaí d’aon mhéadú den chineál sin thar airde taobh bhallaí an tí.
    c. Ní rachaidh airde an chuid is airde den díon a bheadh ar mhéadú den chineál sin thar, i gcás méadú le díon maol, airde na sceimhleacha nó an uchtbhalla, de réir mar is cuí, nó, in aon chás eile, airde an chuid is airde de dhíon an áit chónaithe.
  5. Ní laghdóidh tógáil nó tógail in airde d’aon mhéadú den chineál sin i dtreo chúl an tí achar an spás oscailte phríobháideach, atá coimeádta go heisiatach do shealbhóirí an tí, i dtreo chúl an tí faoi bhun 25m2.
  6. a. Ní bheidh aon fhuinneog mholta, ag leibhéal na talún in aon mhéadú den chineál seo, níos lú na 1m ón teorainn atá os a chomhair.
    b. Ní bheidh aon fhuinneog mholta, os cionn leibhéal na talún in aon mhéadú den chineál seo, níos lú ná 11m ón teorainn atá os a chomhair.
    c. Áit a bhfuil an teach scoite agus a dtéann achar urláir an mhéadú os cionn leibhéal na talún thar 12m2, ní bheidh aon fhuinneog atá molta d'airde os cionn leibhéal na talún níos lú ná 11m ón dteorainn atá os a chomhair.
  7. Ní húsáidfear an díon ar aon mhéadú den chineál sin mar bhalcóin nó mar ghairdín dín.

 

SRIANTA AR DHÍOLÚINE:

Ní forbairt díolúine a bheidh i bhforbairt más rud é dá ndéanfaí forbairt den chineál sin go (i) sárófaí coinníoll a ghabhann le cead nó go mbeadh sé ar neamhréir le haon úsáid a sonraítear i gcead, (ii) gcuimseofaí nó gurb éard a bheadh ann ná foirmiú, ullmhú nó leathnú ábhartha de bhealach rochtana chuig bóthar poiblí carrbhealach le dromchla a bheadh níos leithne ná 4 mhéadar i leithead, (iii) gcuirfí sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar chontúirt tráchta nó bac a chur ar dhaoine a úsáideann na bóithre.