Déanann Plean Forbartha Chomhairle Contae na Gaillimhe 2003-2009 agus Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2005-2011 tagairt d’fhorbairt i gceantair soir ón gCathair atá ag teorannú an dá údarás. An tArdán a thugtar ar an gceantar sin. I gcomhthionscnamh, fáiltíonn Comhairle Chontae agus Cathrach na Gaillimhe roimh chomhairleoirí atá cáilithe go cuí chun tairiscint a chuir isteach chun Staidéar Coincheapa don Fhorbairt a ullmhú don cheantair sin.