Cosán an tSuímh...
Phlean Forbartha do Chontae na Gaillimhe.2009-2015
Leagann an Dréacht seo de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009 -2015 amach mór-straitéis le haghaidh pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe limistéar Riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe, de réir na nAchtanna Pleanála agus Forbartha, 2000-2006. Ní áirítear limistéar riaracháin Chomhairle Ceantair Uirbigh Bhéal Átha na Slua sa Phlean, mar gur Údarás Pleanála ar leith é agus féachann sé do ról agus do thionchar an bhaile ar a chúlchríoch. Tógann sé ar an athbhreithniú a rinneadh ar an bPlean Forbartha do Chontae na Gaillimhe 2003 - 2009, agus cuireann sé san áireamh na príomh-treochtaí forbartha is deireanaí mar aon le forbairtí beartais ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus ceanglas an AE feidhmiú Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil do phleananna agus do chláir áirithe a chur san áireamh. Cuireann an Plean léargas na Comhairle maidir le forbairt an Chontae sa todhchaí chomh fada le 2015 san áireamh, agus cuireann sé san áireamh freisin peirspictíocht níos faide fiche bliain chomh maith le bheith ag tógáil ar na straitéisí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha 2003-2009 roimhe seo agus ar na hathruithe a rinneadh air le linn na tréimhse sin.