Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

Tá sé mar fhreagracht ar Chomhairle Contae na Gaillimhe forbairtí a rialú sa Chontae mar Údarás Pleanála don cheantair. Forálann na hAchtanna Pleanála go gcaithfear cead a fháil i gcás forbairt ar bith, ach amháin i gcás forbairtí atá díolmhaithe. Folaíonn forbairt aon oibreacha a dhéanamh ar, i nó faoi thalamh nó aon athrú ábhartha a dhéanamh d’úsáid aon struchtúir nó talún eile. Tá forbairtí ar leith díolmhaithe ag rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna, m.sh. oibreacha talmhaíochta, mionthógáil laistigh de theorainneacha ar leith. Is é, dá bhrí sin, dualgas na Comhairle a chinntiú go ndéantar iarratas pleanála ar gach fhorbairt sa chontae dá dteastaíonn cead. Tá an t-údarás pleanála teoranta don phleanáil agus forbairt cuí don cheantair a mheas nuair atá siad ag déileáil le hiarratais agus caithfidh siad aird a thabhairt ar an bplean forbartha. D’fhéadfadh cead a bheith ag teastáil, mar aon le cead pleanála, ón údarás áitiúil nó an Ghníomhaireacht um Caomhnú Chomhshaoil d’fhorbairtí óna mbíonn doirteadh eisiltigh.

Beidh d’oibleagáid ar an údarás pleanála cinneadh a dhéanamh ar iarratas pleanála laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaightear an iarratas nó laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaightear tuilleadh eolais dá ndéanann an údarás pleanála iarratas air ionas go mbeidh sé ábalta an t-iarratas a mheas go hiomlán. Más rud nach mbíonn cead tugtha laistigh den tréimhse chuí, d’fhéadfadh cead a bheith dlite don iarratasóir trí mhainneachtain. Féadfaidh an cinneadh a eiseofar a bheith ina chinneadh chun cead a thabhairt le nó gan coinníollacha nó ina chinneadh chun cead a dhiúltú. Tá próiseas cuimsitheach achomhairc san áireamh sa chóras pleanála agus féadtar gach cinneadh pleanála a dhéanann an údarás pleanála a chuir faoi bhráid An Bord Pleanála d’athbhreithniú neamhspleách.