Cosán an tSuímh...
Réamhrá don suíomh Pobail agus Fiontair
Bunaíodh an tAonad Pobail, Fiontair agus Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe i 2000, chun ról an Údaráis Áitiúil i bhForbairt Pobail a leathnú agus chun éascaíocht a dhéanamh do Bhord Forbartha Chontae (BFC) nuabhunaithe na Gaillimhe.
Léiríonn sé seo cuid de dhúthracht an Rialtais i leith athnuachan an Rialtais Áitiúil mar atá sonraithe i dtuarascáil an Thascfhórsa maidir le Comhtháthú an Rialtais Áitiúil agus na gCóras Forbartha Áitiúil (Lúnasa 1998). Bhí an Tascfhórsa ag súil go leathnódh an tÚdarás Áitiúil an ról atá aige faoi láthair i bhForbairt Pobail agus go ndéanfadh siad tuilleadh rannpháirtíochta a chothú i gcéimeanna a chuirfeadh cuimsiú sóisialta chun cinn.
Ainmniúcháin á Lorg le haghaidh Oibrí Deonach na Bliana 2011
Beidh an chéad ócáid de Dhámhachtainí an Mhéara do Chontae na Gaillimhe ar siúl i mí na Samhna 2011. Táimid ag lorg ainmniúchán ón bpobal le haghaidh na catagóire ‘Oibrí Deonach na Bliana 2011’. Is é an 9 Meán Fómhair 2011 an dáta deireanach a ghlacfar le hainmniúcháin. Cliceáil an nasc thuas le tuilleadh sonraí agus foirm ainmniúcháin a fháil.
BFCG Nuachtlitir Samhradh 2011
Tá go léir ag tarlú an Samhradh seo. Cliceáil ar an nasc thuas chun féic ar an nuachtlitir.
Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta i gContae na Gaillimhe
Tugtar faisnéis san Eolaire seo ar na seirbhísí go léir atá ar fáil do Dhaoine Scothaosta i gContae na Gaillimhe. Áirítear anseo eagraíochtaí pobail agus deonacha, HSE agus seirbhísí poiblí eile.D’oibrigh an HSE mar phríomheagraíocht i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe agus gníomhaireachtaí eile chun an tEolaire seo a chur ar fáil.
