Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

Baile Slachtmar

tiday town As Gaeilge

Tacaíonn Comhairle Contae na Gaillimhe le rannpháirtíocht i gComórtas Bliantúil na mBailte Slachtmhara de bharr gur gníomhaíocht í a thugann aitheantas d’iarrachtaí an phobail, do phleanáil réamhghníomhach ag pobail áitiúla, do chaighdeáin níos fearr comhshaoil agus d’fhorbairt taitneamhachtaí áitiúla.   Cuireann na tosca seo uile le spriocanna Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Spreagtar spiorad pobail má ghlacann daoine de gach aois páirt dhíreach i gComórtas na mBailte Slachtmhara agus feabhsaítear comhshaol fisiciúil na mbailte agus na sráidbhailte dá thairbhe, rud a théann chun leasa do na daoine a chónaíonn sa cheantar, do na daoine a oibríonn sa cheantar agus do na daoine a thagann ar cuairt chun an cheantair.  Bailte Slachtmhara

Oibríonn foireann Chomhairle Contae na Gaillimhe in éineacht lena chéile i ngréasán Bailte Slachtmhara le cabhair a thabhairt ár bhfreagairt ar riachtanais na n-eagraíochtaí áitiúla a chuireann Bailte Slachtmhara chun cinn a chomhordú.  Tacaíonn Comhairle Contae na Gaillimhe le Bailte Slachtmhara sna bealaí seo a leanas:  

Seirbhísí Comhairleacha Pobail 

Tacaíocht Dhíreach Airgeadais agus Seirbhís Chomhairleach Deontais

Feabhsúcháin Bhonneagair



Comhairle Contae na Gaillimhe – Ag Tacú le Bailte Slachtmhara
(.doc, 355 kbs, Last Updated: )

Dean Teagmhail Linn

Chun níos mó a fhoghlaim faoi Baile Slachtmar, teagmháil le

Shane O hEithir

Aonad Pobail and Fiontair

091 476502 soheithir@galwaycoco.ie