Cosán an tSuímh...
Chaiféanna don Óige
Spás cruinnithe tiomnaithe do dhaoine óga, atá sábháilte agus d’ardchaighdeán, é an Caifé don Óige. Is iad na daoine óga a shocraíonn an cáife dóibh féin, i gcomhar le daoine fásta sa cheantar, agus féadfaidh sé gníomhaíochtaí oideachais agus áineasa a chur ar fáil.
Tá cuireadh tugtha ag Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (OMCYA) do Bhord Forbartha Contae na Gaillimhe iarratais ar Mhaoiniú Chiste na gCuntas Díomhaoin do Chaiféanna don Óige a éascú, agus moltaí a dhéanamh do cheantair údaráis áitiúil faoin dá shraith a leanas:
Tá teorainn leis an maoiniú mar seo a leanas:
Sraith 1: Cuirfear €10,000 ar a mhéad de chistiú caipitil ar fáil do Chaiféanna don Óige atá ann cheana, in aghaidh an cheantair údaráis áitiúil
Sraith 2: Cuirfear €50,000 ar a laghad ar fáil, agus féidearthacht ann go dtabharfaí suas le €100,000, do Thograí nua do Chaiféanna don Óige – tacófar le idir 12 agus 15 thionscadal go náisiúnta
Tugtar cuireadh duit freastal ar sheisiún faisnéise faoin Scéim ag 7.30pm Dé Máirt an 4 Bealtaine in Oifigí Chomhairle Contae na Gaillimhe, Ionad Centrepoint, Páirc Ghnó an Leasa Bháin, Bóthar Thuama, Gaillimh. Chun clárú don seisiún faisnéise nó chun cóip a fháil de na treoirlínte agus na hiarratais, seol ríomhphost chuig bcunningham@galwaycoco.ie nó glaoigh ar 091-476501.
Is é an dáta deiridh d’iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag Bord Forbartha Contae na Gaillimhe Déardaoin an 3 Meitheamh 2010 ag 5.00pm
Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin Scéim, téigh i dteagmháil le Ann Mallaghan, Oifigeach Forbartha Pobail agus Fiontair, Comhairle Contae na Gaillimhe, 087-2839719 nó amallaghan@galwaycoco.ie
Sraith 1 - Foirm Iarratais
(.doc, 4,497 kbs, Last Updated: )
Sraith 1
(.doc, 4,306 kbs, Last Updated: )
Sraith 2 - Foirm Iarratais
(.doc, 2,622 kbs, Last Updated: )
Sraith 2
(.doc, 3,703 kbs, Last Updated: )
Ciste na gCuntas Díomhaoin Beart i leith Caiféanna Óige, Sraith 2
(.doc, 59 kbs, Last Updated: )
Cur i láthair ar Scéim Náisiúnta do Mhaoiniú Caifé Óige
(ppt, 1,225 kbs, Last Updated: )