Cosán an tSuímh...
Scéim Pobail na nAláram Deataigh 2011 Seolta
Sheol Méara Chontae na Gaillimhe Scéim Pobail na nAláram Deataigh don bhliain 2011, Dé Luain an 28 Márta 2011. Sa Scéim ar leith seo, comhoibreoidh an Chomhairle Contae le pobail, le soláthróirí seirbhíse agus le deonacha chun aláraim dheataigh in aisce a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Ar an meán, faigheann 47 duine bás i ndóiteáin tí gach bliain in Éirinn. Is féidir an chuid is mó de na básanna seo a sheachaint ach aláram deataigh a oibríonn i gceart a bheith agat.
Comhiarracht é an tionscnamh seo idir an Chomhairle, Fóram Pobail agus Deonach Chontae na Gaillimhe, Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe agus na pobail, na soláthróirí seirbhíse agus na deonacha a thugann ainmneacha agus a chuidíonn le suiteáil na n-aláram. Maoiníonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil na haláraim.
Aláraim ina bhfuil ceallraí litiam atá i gceist agus maireann siad ar feadh deich mbliana. Má tá aithne agat ar theaghlaigh leochaileacha i do phobal a bhfuil aláram deataigh ag teastáil uathu, déan teagmháil leis an bhFóram Pobail agus Deonach trí ghlao gutháin a chur ar 093 45547 nó trí ríomhphost a chur chuig forumtuam@eircom.net.
Scéim Pobail na nAláram Deataigh 2011
Scéim Pobail na nAláram Deataigh 2011 (, 343 kbs, Last Updated: Déar, 31 Márta 2011 13:06:00 BST)