Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

AN PICTIÚR NÁISIÚNTA AR BHOCHTAINE

Conas a shainmhínítear Bochtaine?

Tá daoine ag maireachtáil faoi bhochtaine más rud é go bhfuil a n-ioncam agus a n-acmhainní (ábharacha, cultúir agus sóisialta) chomh neamhleor sin is nach féidir leo caighdeán maireachtála a bheith acu a fhéachtar air mar chaighdeán inghlactha i sochaí na hÉireann. Mar thoradh ar ioncam agus acmhainní neamhleor, is féidir le daoine a bheith eisiata ó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghnáthghníomhaíochtaí do dhaoine eile sa tsochaí. Is é seo a leanas an sainmhíniú a úsáideann NAPS maidir le bochtaine:

People are living in poverty, if their income and resources (material, cultural and social) are so inadequate as to preclude them from having a standard of living, which is regarded as acceptable by Irish society generally. As a result of inadequate income and resources, people may be excluded and marginalsied from participating in activities which are considered the norm for other people in society.

Cineálacha Bochtaine

Tá cineálacha éagsúla bochtaine ann. Is rud é easpa airgid nó ioncam teoranta a bhíonn le sonrú i ngach sainmhíniú a thugtar ar bhochtaine. Nuair a smaoinímid ar bhochtaine d'fhéadfaimis smaoineamh ar dhaoine ar ghanntan bia, ag maireachtáil gan tithíocht, éadach, ná cúram míochaine ceart - daoine atá ag strachailt leo chun fanacht beo. Is ionann é sin agus bochtaine absalóideach. D'fhéadfadh go bhfuil roinnt daoine in Éirinn, lena n-áirítear daoine atá gan dídean, faoi bhochtaine mar sin. 

In Éirinn agus i dtíortha forbartha eile, tugtar bochtanas coibhneasta de ghnáth ar bhochtaine. Sa chás sin, deirtear go bhfuil daoine ag maireachtáil faoi bhochtaine más rud é go mbíonn a gcaighdeán maireachtála i bhfad níos lú ná an gnáthchaighdeán maireachtála sa tsochaí. Léiríonn Straitéis Náisiúnta Frithbhochtaine an rialtais, ina ndeirtear go bhfuil daoine ag maireachtáil faoi bhochtaine más rud é go bhfuil a n-ioncam agus a n-acmhainní (ábharacha, cultúir agus sóisialta) chomh neamhleor sin is nach féidir leo caighdeán maireachtála a bheith acu a fhéachtar air mar chaighdeán inghlactha i sochaí na hÉireann i gcoitinne. Mar thoradh ar ioncam agus ar acmhainní neamhleor, is féidir le daoine a bheith eisiata ó agus ar an imeall maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghnáthghníomhaíochtaí do dhaoine eile. Baineann dhá phríomhghné le bochtanas coibhneasta: bochtaine iomcaim agus díothacht. Tugtar bochtaine chomhsheasmhach ar mheascán de na gnéithe sin.

Ní hionann bochtaine i ngach áit. Bíonn sé éagsúil mar a bhíonn caighdeán maireachtála gach sochaí éagsúil. Athraíonn bochtaine freisin in imeacht ama mar a athraíonn caighdeáin mhaireachtála. Ní hé an leibhéal céanna ioncaim a d'fhéadfadh bochtaine a léiriú deich mbliana ó shin atá ann inniu mar go bhfuil ardú tagtha ar chaighdeáin mhaireachtála. Cé go bhfuil níos mó airgid ag daoine atá faoi bhochtaine inniu ná mar a bhí deich mbliana ó shin, d'fhéadfadh go bhfuil meath tagtha ar a seasamh i gcoibhneas le meánioncaim sa tsochaí. Más rud é go dtagann ardú níos mó ar ioncam na ndaoine eile sa tsochaí seachas mar a thagann ar ioncam na ndaoine atá faoi bhochtaine, beidh bochtaine na ndaoine imithe chun donachta. 

Cúiseanna le Bochtaine

Is féidir bochtaine a sheachaint. Is toradh é bochtaine ar an tslí a leithroinntear acmhainní mar airgead, saibhreas, poist, oideachas, tithíocht, cúram sláinte agus mar sin de sa tsochaí. Bíonn tionchar ag an gcóras polaitíochta, ag an margadh saothair, ag an gcóras leasa shóisialaigh agus ag an gcóras cánachais ar leithroinnt acmhainní sa tsochaí. Tá na nithe seo a leanas san áireamh sna fachtóirí eile a mbíonn tionchar acu ar an ndealraitheacht go mbeidh duine faoi bhochtaine agus a bhfuil go leor díobh idirghaolta: 

Le bochtaine, cuirtear bac ar dhaoine a bheith rannpháirteach sa ghnáthshaol ar chomhchéim le daoine eile, cuirtear bac orthu mothú go bhfuil siad mar chuid den phobal agus cuirtear bac orthu a scileanna agus a dtallainn a fhorbairt. Go minic, tugtar eisiamh sóisialta ar an bpróiseas sin. Tá sprioc polasaí náisiúnta leagtha síos ag an rialtas an bhochtaine chomhsheasmhach a laghdú go 2% faoin mbliain 2007.

(www.cpa.ie/facts_factsheet_what_is.htm)

Leis an saibhreas agus an rathúnas go léir atá in Éirinn, cén chaoi a bhfuil an saol ag na daoine atá faoi bhochtaine in Éirinn?

Roinnt fíricí maidir le Bochtaine in Éirinn-2001

Príomhthorthaí ó Shuirbhé Living in Ireland 2000.

[Nolan et al (2002) Monitoring Poverty Trends in Ireland : Torthaí ón Suirbhé Living in Ireland. Baile Átha Cliath : An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine 2002]