Cosán an tSuímh...
AN CREAT POLASAÍ
An Comhthéacs Polasaí d'Údaráis Áitiúla agus don Uilechuimsitheacht Shóisialta
Is téarma réasúnta nua é "Uilechuimsitheacht Shóisialta"; mar sin féin, ní rud nua do na húdaráis áitiúla é próiseas na huilechuimsitheachta sóisialta. Go deimhin, sa chiall is leithne, is cuid lárnach de gach a dhéanann na húdaráis áitiula í an uilechuimsitheacht shóisialta; bíonn ról lárnach ag na húdaráis áitiúla maidir le cláir agus seirbhísí a sheachadadh a chuireann le forbairt shóisialta, eacnamaíoch, chultúir agus pholaitiúil ár sochaí. Seachadann údaráis áitiúla cláir i réimsí mar thithíocht, bainistiú dramhaíola, rannpháirtíocht dhaonlathach, pleanáil, áineas agus iompar, ar bhonn laethúil, a mbíonn tionchar acu ar chailíocht saoil na ndaoine atá ina ndlínse.
I dtionscnaimh pholasaí náisiúnta, aithnítear go soiléir ról na n-údarás áitiúil agus deireadh á chur le bochtaine ag leibhéal áitiúil.
Is iomaí tiomantas náisiúnta a tugadh do shaincheisteanna uilechuimsitheachta sóisialta/frithbhochtaine le blianta beaga anuas. Léirítear an tiomantas seo i measc cinn eile i bhfoilsiú na Straitéise Náisiúnta Frithbhochtaine (NAPS) agus le glacadh le huilechuimsitheacht shóisialta mar cheann de na ceithre phríomhchuspóir sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006. Tá ról tábhachtach ag rialtas áitiúil maidir le NAPS a leathadh amach ag an leibhéal áitiúil.