Cosán an tSuímh...
REACHTAÍOCHT COMHIONANNAIS
Cad is Comhionannas ann?
- Cearta comhionanna do chách a bheith rannpháirteach i saol eacnamaíoch, sóisialta, polaitiúil agus cultúir na sochaí.
- Deireadh a chur le bacainní agus struchtúir a chur ar fáil le rannpháirtíocht chomhionann a chinntiú do gach duine sa tsochaí.
- Cuidiú le grúpaí ata faoi mhíbhuntáiste a gcearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúir a bhaint amach.
Dá bhrí sin, ciallaíonn iarracht a dhéanamh comhionannas a bhaint amach a bheith ag lorg raon cearta a chinntiú le haghaidh grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus deireadh a chur leis na cineálacha éagsúla idirdhealaithe ina n-aghaidh.
Is comhlacht neamhspleách é an tÚdaras Comhionannais a bunaíodh faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998. Bunaíodh é an 18ú Deireadh Fómhair 1999. Tháinig an tÚdarás Comhionannais in áit na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta agus tá ról agus feidhm aige atá i bhfad níos leithne. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus faoin Acht um Stádas Comhionann 2000, tá idirdhealú in aghaidh an dlí i bhfostaíocht, i ngairmoiliúint, i bhfógraíocht, i gcomhaontuithe comhchoiteanna, i soláthar earraí agus seirbhísí agus i ndeiseanna eile a mbíonn rochtain ag an bpobal orthu ar naoi bhforas soiléire. Is iad na forais sin: Inscne; stádas pósta; stádas teaghlaigh; aois; míchumas; cine; gnéaschlaonadh; creideamh; agus a bheith ar dhuine den lucht siúil. Déantar cur síos ar idirdhealú san Acht mar caitheamh le duine amháin ar shlí nach bhfuil chomh fabharach le slí ina gcaitear, ina caitheadh, nó a d'fhéadfaí caitheamh le duine eile ar aon cheann de na forais thuasluaite. www.equality.ie/