Cosán an tSuímh...
AN STRAITÉIS NÁISIÚNTA FRITHBHOCHTAINE (NAPS)
Chinn Rialtas na hÉireann go ndréachtófaí an chéad Straitéis Náisiúnta Frithbhochtaine tar éis Chruinniú Mullaigh Sóisialaigh na Náisiún Aontaithe i Cóbanhávan sa bhliain 1995. Seoladh NAPS sa bhliain 1997 agus ba é an chéad iarracht straitéiseach é ag Rialtas na hÉireann dul i ngleic le bochtaine sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Bunaíodh an straitéis ar na prionsabail tús áite a thabhairt don bhochtaine agus ar dheireadh a chur leis an mbochtaine agus bhí baint ag deireadh a chur leis an mbochtaine leis na daoine sin a raibh tionchar díreach ag an mbochtaine orthu. Rinneadh tagairt sa straitéis maidir le dul i ngleic le bunchúiseanna na bochtaine, ní hamháin comharthaí bochtaine agus maidir leis an bhfíric go mbeadh ról ag gach roinn rialtais agus an NAPS á chur i bhfeidhm.
Foilsíodh NAPS ag am a raibh fás eacnamaíoch subsaintiúil ann agus a raibh na leibhéil dífhostaíochta ag titim. Mar sin féin, i NAPS, bhí an tuiscint ann nach mbeadh tionchar an fháis sin le brath ag gach duine agus go raibh roinnt mhaith daoine fós a bhí faoi bhochtaine in ainneoin an bhorrtha eacnamaíoch.
Aithníodh i NAPS freisin, go gcaithfí glacadh le sainmhíniú coibhneasta ar bhochtaine ionas go mbeadh tuiscint ar bhochtaine in Éirinn go deireanach sna 1990í. I bhfocail eile, go bhféadfaí a bhreithniú go raibh daoine ag maireachtáil faoi bhochtaine i gcoibhneas leis an leibhéal ar glacadh leis sa tsochaí a bheith mar ghnáthleibhéal. Aithníodh i NAPS nach raibh na daoine sin a bhí faoi mhíbhuntáiste san áireamh sa téarma bochtaine agus cuireadh an téarma eisiamh sóisialta san áireamh sa straitéis. Baineann an smaoineamh 'eisiamh sóisialta' le bacainní ar rannpháirtíocht mar idirdhealú; bacainní fisiciúla mar easpa iompair nó easpa taitneamhachtaí inrochtaine; daoine nach bhfuil na scileanna acu a theastaíonn chun a bheith go hiomlán rannpháirteach sa tsochaí nó bacainní eile ar rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí.
San NAPS rinneadh an méid bochtaine a thomhas, bunaithe den chuid is mó ar fhaisnéis ó shuirbhé de chuid an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta 'Poverty in the 1990's: evidence from the 1994 Living in Ireland Survey'. Measadh sa suirbhé sin go raibh 34% den daonra ag maireachtáil ar ioncam indiúscartha a bhí faoi bhun 60% den mheán náisiúnta. I NAPS, aithníodh na grúpaí daoine atá mar chion mór de na daoine sin atá ag maireachtáil faoi bhochtaine agus na daoine sin a bhféadfadh baol mór bochtaine a bheith ann dóibh. Is iad seo a leanas na grúpaí a aithníodh a raibh an baol is mó bochtaine ann dóibh:
- Daoine dífhostaíthe, go háirithe na daoine a bhíonn dífhostaithe go fadtéarmaach;
- Leanaí, go háirithe leanaí i dteaghlaigh móra;
- Líonta tí le duine fásta amháin agus líonta tí le duine ag obair sa bhaile mar cheann an lín tí;
- Tuismitheoirí aonair;
- Daoine atá faoi mhíchumas.
Aithníodh freisin, cé gur féidir teacht ar dhaoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaine i ngach áit, tá ceantair áirithe ann ar féidir teacht ar chnuasaigh móra daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaine. Aithníodh trí cheantar den sórt sin:
- Ceantair lárchathrach dreoite
- Eastáit tithíochta mhóra phoiblí ar imill cathracha agus bailte agus
- Ceantair tuaithe atá scoite amach agus tearcfhorbartha.
I NAPS, rinneadh cúiseanna bochtaine a scrúdú agus thángthas ar an tátal go bhfuil an dífhostaíocht, go háirithe an dífhostaíocht fhadtéarmach, mar chúis bhunúsach ag le bochtaine. Ina theannta sin, d'fhéadfadh go mbeadh an córas oideachais, an córas cánach agus an córas leasa shóisialaigh, mura ndíreofar iad ar na daoine is mó a dteastaíonn siad uathu, mar fhachtóirí a chuirfeadh le bochtaine. I NAPS, tugadh imlíne ar thrí fhachtóir atá fíorthábhachtach maidir leis an tslí ina dtabharfaí aghaidh ar an mbochtaine. Ar an gcéad dul síos, níor mór don tslí ina dtabharfaí aghaidh ar an mbochtaine a bheith bunaithe ar thuiscint a bheith ar nádúr iltoiseach na bochtaine.
Aithníodh an gá atá ann le freagracht maidir le dul i ngleic le bochtaine a chur isteach i gcuspóirí straitéiseacha na ngníomhaireachtaí agus na ranna rialtais go léir. Ar an dara dul síos, tá baint ag aghaidh a thabhairt ar an mbochtaine le dul i ngleic leis na bunéagothromais struchtúrtha trína gcruthaítear bochtaine agus lena mbuanítear an bochtaine. Ar an tríú dul síos, tá gá ann aird faoi leith a thabhairt ar roinnt réimsí lárnacha más rud é go mbeidh aon dul chun cinn suntasach mór le baint amach maidir le dul i ngleic le bochtaine. Aithníodh iad sin mar seo a leanas:
- Míbhuntáiste oideachais;
- Dífhostaíocht, go háirithe dífhostaíocht fhadtéarmach;
- Dóthanacht ioncaim;
- Ceantair uirbeacha faoi mhíbhuntáiste; agus
- Bochtaine tuaithe.
D'fhoilsigh an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine Planning For a More Inclusive Society: An Initial Assessment of the National Anti-Poverty Strategy sa bhliain 2000. Sa mheasúnacht sin arna comhaontú ag an gClár um Rathúnas agus Cothroime, athbhreithníodh dul chun cinn NAPS ó 1997 go deireadh na bliana 1999.
Bunaithe air sin, seoladh Ag Tógáil Sochaí Uilechuimsitheach, a bhí go bunúsach mar leagan nuashonraithe de NAPS. Seoladh "Ag Tógáil Sochaí Uilechuimsitheach" na Straitéise Náisiúnta Frithbhochtaine i mí na Feabhra 2002. Bhí sé i gceist leis an bplean Gníomhaíochta náisiúnta go ndéanfaí bochtaine a laghdú go mór agus go hidéalach, deireadh a chur le bochtaine in Éirinn agus sochaí uilechuimsitheach shóisialta a thógáil. Caitheadh súil ar choincheap na bochtaine comhsheasmhaí, a sainmhínítear mar a bheith faoi bhun 50-60% den mheánioncam indiúscartha agus a bheith ag maireachtáil faoi dhíothacht bhunúsach fhorfheidhmithe. Rinneadh na téamaí a raibh aghaidh le tabhairt orthu a nuashonrú freisin agus is iad na téamaí sin:
- Míbhuntáiste oideachais
- Dífhostaíocht
- Dóthanacht ioncaim
- Cónaitheoirí Uirbeacha atá faoi Mhíbhuntáiste
- Cónaitheoirí Tuaithe atá faoi Mhíbhuntáiste
- Tithíocht/Cóiríocht
- Sláinte
Téamaí Trasrannacha:
- Bochtaine Leanaí
- Bochtaine na mBan
- Daoine Scothaosta
- Mionlaigh Eitneacha
- Daoine atá faoi Mhíchumas.
Is é an phríomhsprioc a leagadh síos in Ag Tógáil Sochaí Uilechuimsitheach:
Líon na ndaoine atá 'faoi bhochtaine chomhsheasmhach' a laghdú go níos lú ná 2% agus más féidir, deireadh a chur le ochtaine chomhsheasmhach, mar a shainmhínítear bochtaine chomhsheasmhach i láthair na huaire. Tabharfar aird ar leith ar ghrúpaí leochailleacha agus iarracht á déanamh an cuspóir sin a bhaint amach.
Moltar sé bhealach inar féidir uilechuimsitheacht shóisialta a bhaint amach;
- Tacú le pobail ata faoi mhíbhuntáiste
- Fás eacnamaíoch a choinneáil
- Leibhéil tacaíochta ioncaim atá dóthanach chun dínit a choinneáil agus chun bochtaine a sheachaint agus fós a éascóidh rannpháirtíocht i bhfostaíocht agus a thógfaidh daoine amach as a bheith ag brath ar leas sóisialach a chur ar fáil do na daoine sin a bhíonn ag brath ar leas sóisialach.
- Aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghrúpaí a bhfuil baol mór bochtaine ann dóibh.
- Seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách
- Dul i ngleic le cúiseanna seachadta bochtaine ó ghlúin go glúin.
Moladh freisin in Ag Tógáil Sochaí Uilechuimsitheach go dteastaíonn go mbeadh ról ceannais ag údaráis áitiúla maidir le straitéisí frithbhochtaine a ionchorprú ina ngníomhaíochtaí ó lá go lá, e.g. moltar go mbeadh fócas sonrach frithbhochtaine i ngach Plean Forbartha Cathrach/Contae.
Tá moladh sonrach sa straitéis go bhforbródh Údaráis Áitiúla straitéisí uilechuimsitheachta sóisialta cuí ag an leibhéal áitiúil. Ina theannta sin, tugtar imlíne i raon ionstraimí polasaí agus reachtúla ar ról na nÚdarás Áitiúil maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna uilechuimsitheachta sóisialta agus bochtaine ag an leibhéal áitiúil. Is é an dúshlán a bhfuil aghaidh á tabhairt air ná rannchuidiú na gComhairlí a chinneadh, ní hamháin in eisiamh sóisialta a chomhrac ach na bealaí ina dtreisítear uilechuimsitheacht shóisialta, ina tógtar saoránacht agus caipiteal sóisialta. Tharla athruithe suntasacha laistigh de Rialtas Áitiúil mar thoradh ar phróisis athchóirithe reatha, athruithe a bhfuil baint acu le héilimh, rólanna agus struchtúir nua.
Ag leibhéal eile, tugtar ar aird sa "Straitéis Náisiúnta Frithbhochtaine" (NAPS) go bhfuil earnáil an rialtais áitiúil lárnach agus acmhainní á ndíriú ar na daoine sin is mó a dteastaíonn siad uathu. Tá sraith spriocanna lárnacha sa straitéis do raon grúpaí agus saincheisteanna agus tugtar an fhreagracht d'údaráis áitiúla na spriocanna sin a chur chun cinn ag an leibhéal áitiúil. Éilítear freisin ar údaráis áitiúla tionchar a bpolasaithe ar bhochtaine a bhreithniú agus freagraí do bhochtaine agus d'eisiamh sóisialta a cheapadh mar chuid dá gcuid oibre- i.e. éilítear ar údaráis áitiúla díonadh bochtaine a dhéanamh.