Cosán an tSuímh...
Clár a Thacaíonn le Daoine Breacaosta
Seoladh Clár Chontae agus Chathair na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta in Óstán Chuan na Gaillimhe an 27 Meán Fómhair 2011. Bhí os cionn 200 daoine i láthair ag an seoladh seo. Labhair aoichainteoirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta an lá sin.
Ba é cuspóir an tseolta seo spéis a spreagadh i bhforbairt Chlár Chontae agus Chathair na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta. Ba é an aidhm na cónaitheoirí níos sine i nGaillimh agus na príomhsholáthróirí seirbhíse ó na hearnálacha reachtúla, deonacha, pobail agus príobháideacha a thabhairt le chéile chun deiseanna a shainaithint faoin gcaoi le háit den scoth a dhéanamh de Ghaillimh le cónaí inti, le hoibriú inti agus le dul in aois inti.
Age Friendly Galway Launch September 2011
Cheardlanna Sainchomhairliúcháin Phoiblí
Táimid ag reáchtáil sraith de Cheardlanna Sainchomhairliúcháin Phoiblí/Éisteachta Gníomhaí agus táimid ag lorg do thuairimí agus do smaointe a bheidh ina láimh chúnta dúinn chun eolas a chur ar fáil i Straitéis na Gaillimhe a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don chathair agus don chontae araon. Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis cáilíocht beatha, cáilíocht seirbhíse agus cáilíocht timpeallachta a chur chun feabhais do dhaoine scothaosta a bhfuil cónaí orthu i nGaillimh Eolais - Cheardlanna Sainchomhairliúcháin Phoiblí
Feartar fáilte roimh aighneachtaí nó roimh bharúlacha maidir le forbairt na Straitéise a Thacaíonn le Daoine Breacaosta freisin; féadtar iad a chur i scríbhinn chuig an Aonad Pobail, Fiontair agus Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh go dtí Déardaoin, an 31 Bealtaine 2012, nó féadtar iad a chur i ríomhphost chuig agefriendly@galwaycoco.ie.
Press Release - Ceardlanna Sainchomhairliúcháin Phoiblí
Téigh i dteagmháil le Patricia Goan, Bainisteoir an Chláir a Thacaíonn le Daoine Breacaosta, an tIarthar, ar 091 476515, nó cuir ríomhphost chuici ag patricia@ageingwellnetwork.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin gClár a Thacaíonn le Daoine Breacaosta.